CÚRSAÍ SPÓIRT
fir iad, ach fathaigh
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Nuair a fheiceann Colm Mac Séalaigh fógra teilifíse atá ag ceann d’urraí na hiománaíochta, spreagann cuimhne na hóige ann.

Déanann grúdlann Guinness urraíocht ar Chraobhchomórtas Sinsear Iomána na hÉireann agus a gcuid fógraí ina thaobh an-chliste agus éifeachtach ar fad. I gcuid de na fógraí pictiúir ina bhfuil cosa iománaithe le feiceáil agus iad ag imirt thar Chlochán an Aifir Aillte an Mhochair agus camáin á mbriseadh faoi chruas na coimhlinte. I gceann eile greim láimhe ag imreoir ar Chorn Mhic Cárthaigh agus é á thumadh i loch atá an-chosúil le ceann de locha Ghleann Loch. Ar an gcaoi sin déantar ceangal idir an iomáint agus stair agus miotaseolaíocht na hÉireann agus, ag an am céanna, cuirtear leann dubh Mhic Aonghusa isteach díreach i lár an scéil. Is é an mana ráiteas ag bun gach pictiúir fir iad, ach fathaigh”.

na pictiúirí seo an-éifeachtach mar a deirim agus, i mo chás féin, cuireann siad i gcuimhne dom an tsamhail a bhí agam de na hiománaithe a chonaic le linn m’óige. I 1960, agus i mo ghasúr, bhíos i láthair nuair a thug Tiobraid Árann agus Loch Garman aghaidh ar a chéile i gcluiche Ceannais na hÉireann agus, chomh fada is a bhain liomsa, fathaigh mhóra mhillteacha a bhí sna himreoirí an úd.

Agus i mo dhéagóir, bhí cónaí orm i ndeisceart na cathrach agus théinn go rialta le mo chol ceathrair chuig Páirc an Chrócaigh. D’íocaimis 6 pingine i seanairgead (réal!) ar an gcead isteach sa pháirc agus ba chuma linn cén cluiche a bhí ar bun ann a bhí ag imirt mar, san am sin, bhíodh go leor cluichí sa tSraith Náisiúnta, idir pheil agus iomáint, ar bun ann chomh maith le Corn an Bhóthar Iarainn, Corn an Oireachtais agus cluichí a bhain le clubanna Átha Cliath. Ba chuma linn ach dul chuig cluiche agus imreoirí móra, cáiliúla na linne a fheiceáil ag imirt.

Tar éis gach cluiche, d’fhanaimis siar chun bualadh leis na himreoirí agus síniú pearsanta a fháil uathu i leabhair speisialta. na leabhair sin agam i gcónaí. Ba iad na himreoirí peile agus iomána ár gcuid laochra, imreoirí ar nós Des Foley, Achill Boothman agus Fran Whelan as Áth Cliath, Ollie Walsh agus Tommy Walsh as Cill Chainnigh, Jimmy Doyle, Donie Nealon agusBabsKeating as Tiobraid Árann, Nicky Rachard agusHopperMcGrath as Loch Garman. Chonaiceamar Christy Ring ag imirt leis an Mhumhain ar Fhéile Pádraig i gCorn an Bhóthair Iarainn agus na mílte duine i láthair.

Sceitimíní

sínithe pheileadóirí Átha Cliath, Chiarraí, na Gaillimhe etc. ó na seascaidí agam freisin, ach b’iad na hiománaithe ach go háirithe a chuaigh i gcion ar mo shamhlaíocht. An scil a bhí acu, an luas agus an chrógacht, na scóranna iontacha agus na coimhlintí géara, troma (a scanraigh ar uairibh), chomh fada siar agus is cuimhin liom is í an iomáint a chuir sceitimíní agus gliondar agus iontas orm gach uair a bhí i láthair i bPáirc an Chrócaigh ag cluiche mór. Agus bhí gach cluiche mór ag an am sin chomh fada is a bhain siad linne (faoi mar a bhí gach céilímórroinnt blianta ina dhiaidh sin!) agus, go bhfuilim tar éis 40 bliain a chaitheamh ag dul go dtí na cluichí móra agus go leor leor cluichí eile, níor tháinig aon athrú ar mo chuid mothúchán mo chuid tuairimí faoin iománaíocht. Is í an cluiche is fearr ar fad gan aon agó.

Agus i láthair ag cluichí leath ceannais agus ceannais na hÉireann i mbliana, bhain imirt Chill Chainnigh, Thiobraid Árann agus uaireanta imirt an Chláir, na Gaillimhe agus Phort Láirge an anáil díom. Bhí an cluiche ceannais go hiontach ar fad, dar liom, in ainneoin go raibh an toradh ar eolas againn i bhfad roimh a dheireadh. Ba chuma faoi sin, mar nuair a d’aimsigh DJ Carey cúilín iontach i bhfad amach ar an gcliathán deas, tar éis dul thar beirt Chláiríneach agus an sliotar a smachtú ar a chamán amhail is mbeadh ina ghairdín féin ar chúl an , b’éigean dom seasamh suas agus bualadh bos a thabhairt faoi mar a rinne na mílte eile. Bhí imirt Chill Chainnigh ar fheabhas an sin agus i rith na bliana agus tar éis bhua a gcuid mionúr níl aon dabht gurb iad Cill Chainnigh foireann na bliana seo. Ina theannta sin bhí áthas ar mhórán daoine gur bhuaigh Port Láirge Craobh na Mumhan tar éis ceathracha bliain mar sin agus, ar an ábhar sin, bliain mhaith iomána a bhí inti.

Dúirt duine éigin uair amháin gur laochra iad iománaithe agus réalta iad peileadóirí. Tuigim céard a bhí i gceist aige ach dóigh liom gur féidir é a mhíniú. Nuair a bhíonn cluiche iontach iomána thart, áfach, is laoch é gach imreoir atá tar éis lámha agus cosa agus colainn a chur i mbaol, agus imirt le cur chuige agus paisean chun an bua a fháil. Dúirt fear eile liom, fear a chaith a shaol ar fad geall leis ag teagasc scileanna na hiomána do ghasúir: “Mura féidir leat damhsa féidir leat iomáint”. Féach ar DJ Carey ag imirt mura dtuigeann an ráiteas sin!

Ach, fágaimis an focal scoir ag muintir Mhic Aonghusa. An a cheap a chum an ráiteas a théann leis na fógraí, measaim gur dóigh go raibh ( ) ina ghasúr i láthair i bPáirc an Chrócaigh i Staid Semple, Páirc Chaoimh Páirc na nGael agus é í faoi dhraíocht ag báireoirí iontacha a linne féin. Sílim gur éirigh leis an duine sin bunbhrí na hiomána don duine óg a aimsiú: fir iad ach fathaigh. Níl dabht ar bith faoi sin.

Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.