AR NA SAOLTA SEO
An chéad 9/11 eile – buama núicléach?
Maidhc Ó Cathail Maidhc Ó Cathail Maidhc Ó Cathail

Síleann Maidhc Ó Cathail gur fada atá an t-úll ón úllord ag Meiriceá agus iad ag síneadh na méire le gach éinne eile ach leo féin nó lena gcomhghuaillithe.

Íomhá
An Spiaire Rafi Eitan
Íomhá
Douglas Feith an 3ú duine is airde i Roinn an Stáit

Ag an gCruinniú Mullaigh um Shlándáil Eithneach i Washington, dúirt Barack Obama gurb é an bhagairt is mó do shlándáil SAM ná an seans go bhfaigheadh eagraíocht sceimhlitheoireachta arm núicléach. Cúis imní don Uachtarán is ea é go bhfuil a lán ábhair eithneach scaoilte ar fud an domhain. Ach dá mbeadh rialtas Obama lán i ndáiríre faoi neamhiomadú eithneach, ní ar thíortha san iar-Aontas Sóivéadach, cuirim i gcás, a dhíreofaí aird ach ar Mheiriceá féin.

Cé nár luadh é, olc nó maith, ag an gCruinniú Mullaigh, níl ag éirí go rómhaith leis na Stáit Aontaithe a gcuid ábhar eithneach féin a dhaingniú ó dhaoine ar an taobh istigh. In alt ar Antiwar.com dar teideal ‘America’s Loose Nukes in Israel’, tugann Grant F. Smith, stiúrthóir an Fhorais um Thaighde: Beartas an Mheánoirthir (Irmep), cuntas ar an gcaoi ar éirigh leis an stát Síónach an buama a fháil.

Mar chuid den ghréasán ollmhór smuigleála i SAM a cuireadh ar bun sna 1940í ag David Ben-Gurion, ceannaíodh an Comhlacht Cruach Apollo i bPeinnsiolváin. Bhí an ceannach maoinithe ag cara le céad Phríomh-Aire Iosrael darb ainm David Lowenthal, iarbhall den Haganah, réamhtheachtaí an airm Iosraelaigh. D’ionchorpraigh an Dr. Zalman Shapiro, ball mór le rá d’Eagraíocht Shíónach Mheiriceá (ZOA), an Chorparáid um Ábhair Eithneacha agus Trealaimh (NUMEC) ansin i 1956. Bhí NUMEC ag fáil go leor úráiniam agus plútóiniam ard-saibhrithe gan mhoill ar chonradh leis an rialtas le haghaidh athphróiseáil eithneach.

Siocair Amhrais

Tháinig amhras ar an gCoimisiún um Fhuinneamh Adamhach faoi chúrsaí slándála ag NUMEC sna 60í luatha agus faoin mhéid Iosraelach a bhí ann. Chuir an FBI tús lena imscrúdú féin (códainm Tionscadal Divert) i 1966. Mar sin féin, lean atreorú an ábhair eithnigh ó Mheiriceá go hIosrael. Ar 10 Meán Fómhair, 1968, thug ceathrar Iosraelach, an spiaire Rafi Eitan ina measc, cuairt ar NUMEC. Go luath ina dhiaidh sin, bhí 587 punt d’úráiniam ardsaibhrithe ar iarraidh.

Agus níor tháinig deireadh le spiaireacht eithneach na nIosraelach sna Stáit Aontaithe sna 60í ná baol air. Mar a thug an t-iaraistritheoir FBI Sibel Edmonds le fios, fuair an gréasán smuigleála cúnamh ríthábhachtach ó triúr oifigeach ardleibhéil i rialtas George W. Bush ar Giúdaigh iad a bhfuil nasc dlúth acu le bunaíocht mhíleata Iosrael.

De réir an sceithire FBI, bhí Richard Perle agus Douglas Feith ag cur liosta de na daoine a bhí ag obair sa Pheinteagán ar fáil do Marc Grossman, an tríú duine is airde i Roinn an Stáit. Bhí cur síos ann mar gheall ar an rochtain a bhí acu d’eolas tábhachtach agus do shonraí pearsanta íogair ar nós claonadh gnéis agus a gcuid laigí ar nós dúil sa deoch mheisciúil. Thug Grossman an t-eolas seo do ghníomhairí Iosraelacha agus Turcacha, agus bhain siadsan leas as le daoine a bheadh fóinteach dóibh a earcú. Dar le Edmonds, tá spiaire ag an ngréasán smuigleála seo i mbeagnach gach saoráid eithneach ar fud na Stát Aontaithe.

Úráiniam ar an Margadh Dubh

Agus ní amháin go hIosrael agus don Tuirc atá rúin eithneacha SAM ag dul. Mar a d’inis Edmonds don Sunday Times, American Conservative agus Military.com, díoltar an t-eolas goidte ar an margadh dubh, áit is féidir le haon dream, al-Qaeda fiú, é a cheannach. Mar sin, is é an dream is mó atá ag béicíl faoi bhagairt na sceimhlitheorí Ioslamacha, is é sin, na nuachoimeádaigh ar nós Perle, Feith agus Grossman agus a gcuid cairde Iosraelacha, atá ag cabhrú leis na sceimhlitheorí, ar a laghad, go hindíreach teacht ar armáin léirscriosúla.

Ach cén fáth go gcabhródh gníomhairí Iosraelach lena gcuid naimhde Ioslamacha greim a fháil ar an mbuama? Bhuel, dá bpléascfaí gaireas eithneach i gcathair Mheiriceánach, meas tú céard a tharlódh i ndiaidh sin?

Is cinnte go gcuirfí an milleán ar thír Ioslamach éigin, is dócha, an Iaráin nó ar an bPacastáin, as cabhair a thabhairt do na sceimhlitheoirí – is cuma faoi na fíricí. Agus is cinnte chomh maith nach mbeadh drogall ar bith ar SAM an tír sin a scrios le díoltas a fháil. Má bhí 9/11 go han-mhaith d’antoiscigh Iosraelacha, bheadh 9/11 eithneach thar barr ar fad. Thar barr?

Naisc: Nukes scaoilte Mheiriceá in Israel http://original.antiwar.com/smith-grant/2010/04/13/americas-loose-nukes-in-israel/ Clár faisnéise Sibel Edmonds: Kill the Messenger http://video.google.com/videoplay?docid=6063340745569143497# Ar Díol: Rúin Mharfacha an Iarthair http://www.timesonline.co.uk/tol/news/world/middle_east/article3137695.ece Cé atá faiteach roimh Sibel Edmonds? http://www.amconmag.com/article/2009/nov/01/00006/ Maíonn aistritheoir agus iarbhall den FBI go bhfuil spiaireacht sa DoD http://www.military.com/news/article/ex-fbi-translator-claims-spying-at-dod.html

Í féin ag caint faoi anseo http://www.viswiki.com/en/Sibel_Edmonds

An ‘dirty bomb’ ar na bacáin agus ionsaí dá réirhttp://www.veteranstoday.com/2010/04/24/gordon-duff-stage-being-set-for-dirty-bomb-false-flag/ Céard é ról Iosrael i místiúradh na Pacastáine http://palestinechronicle.com/viewarticledetails.php?id=15544

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.