12267
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
D’fhéadfadh [i]coup d’état[/i] a bheith i bhFidsí gan mhoill, ach ní cúis iontais é sin, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.
»»»Measann Brian Ó Broin nach cúis iontais ar bith é go bhfuil oiread sléachtanna ag tarlú sna Stáit Aontaithe agus na comhlachtaí déanta arm chomh cumhachtach sin.
»»»Bean a chaith am is allas go leor ag scríobh do na sraitheanna teilifíse, Ros na Rún, Seacht agus Aifric í Ailbhe Nic Giolla Bhrighde. As Tír Chonaill ó dhúchas, bhí aithne fhorleathan ar a hathair Tom an Bhungaló. Tá leabhair a scríobh sí aistrithe go Sínis, go Gàidhlig agus go teanga na Cóiré. Chas Seosamh Mac Muirí léi agus thoisigh an chaint.
»»»Braitheann roinnt earnálacha gnó go mór ar an aimsir a bheith leath maith go leor le cúpla pingin a chur sa sparán agus imríonn an aimsir tionchar an-mhór orainn go léir a deir Seosamh Ó Riain.
»»»Caithfidh duine éicint an téiléireacht a íoc a deir Colm Mac Séalaigh, nó ní fheicfimid cluichí idirnáisiúnta rugbaí ná cluichí ceannais Chumann Lúthchleas Gael ar an scáileán amach anseo.
»»»Is iomaí duine atá buartha faoina phost ar na saolta seo agus ag amharc go neirbhíseach ar an méid atá roimhe ó thaobh cúrsaí airgeadais de i 2009. Faoi mar a phlé mé i m’alt an mhí seo caite, tá slite go leor ann chun gur féidir le duine úsáid a bhaint as áiseanna ar an idirlíon chun airgead a shábháil dó féin. Ach cad faoi chomhlachtaí?
»»»Chas Príomh-Aire na hAstráile, John Howard, agus baill den rialtas le ceannairí Ioslamacha na tíre an mhí seo caite ach ní raibh na dreamanna is radacaí i measc na n-eagraíochtaí a fuair cuireadh, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.
»»»Tá teannas láidir idir na Maoraigh agus Rialtas na Nua-Shéalainne le roinnt míonna anuas, ó cuireadh sceimhlitheoireacht i leith baill de threibh na Tūhoe. Cúlra an scéil ó Ruth Nic Giolla Iasachta.
»»»Rianaíonn Tony Birtill scéal an ealaíontóra David Jacques san alt seo. Is fear é Jacques a spreagadh i mbun na healaíne as leabhar Robert Noonan a léamh agus as saothar Diego Rivera a fheiceáil.
»»»Tá Colm Ó Snodaigh ar camchuairt sa tSeapáin lena ghrúpa, Kíla, faoi láthair. Déanann sé cur síos anseo ar an saol ar an mbóthar.
»»»Tá Alan Desmond le sraith de chuntais ghearra ar mhionlaigh eitneacha éagsúla timpeall an domhain a roinnt linn. Ní dhéantar mórán tráchta sna meáin ar na mionlaigh seo. Tá sé ag díriú a aird an mhí seo ar na Carainn i mBurma.
»»»Déanann Colm Ó Snodaigh cur síos ar oíche dhraíochtach ag seinm leis an gceoltóir Oki ina cheantar dúchais sa tSeapáin.
»»»Chas Tony Birtill le fear an-ait agus é amuigh ag siúl i Cheshire le gairid agus fuair sé amach ina dhiaidh sin gur duine a bhí ann atá an-tugtha don fhoréigean.
»»»Tá sé beagnach céad bliain ó cailleadh an scríbhneoir Éireannach Robert Noonan i Learpholl ach tá trácht go fóill air sa chathair sin, mar a mhíníonn Tony Birtill.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: stór focal ag baint le mothúcháin (i measc rudaí eile).
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.