CÚINNE NA nEALAÍON
Muzu agus Mojo: go raibh rath orthu beirt!
Colm Ó Snodaigh Colm Ó Snodaigh

Lainseáladh Muzu.tv, ar suíomh nua dáilte ceoil é, le gairid. Céim eile chun tosaigh sa réabhlóid dhigiteach is ea é, ach tá súil ag Colm Ó Snodaigh nach mbeidh deireadh iomlán choíche leis na siopaí beaga ceirníní i mBaile Átha Cliath.

Íomhá
Mojo Records: siopa beag ceirníní atá suite ag Áirse na gCeannaithe i mBaile Átha Cliath
Íomhá
Íomhá
Ba é "The Mull of Kintyre" an chéad singil a cheannaigh Rónán agus Colm riamh
Íomhá

Ag rothaíocht síos Sráid Loch Garman. Corr-bhraon báistí agus teas mhí Lúnasa san aer. M’fhón i mo lámh agam. Tá mé ag dul chuig cruinniú le Mark French. “Beidh mé leat ag a haon déag,” a deirim leis. Tá cúig nóíméad le spáráil agam agus cinnim ar bhualadh isteach chuig Mojo Records ag Áirse na gCeannaithe.

Maidin Dé Máirt atá ann agus tá Barra an Teampaill gnóthach. Tá ceol ó na tábhairní ag caitheamh macalla ar na sráideanna agus tá daoine amuigh faoin aer ag ól caife. Tá beirt ghardaí óga ina seasamh ag cúinne na háirse agus iad ag caint go gasta, níl spéis dá laghad acu in aon rud thart timpeall orthu.

Mojo Records; siopa beag ceirníní. Is beag siopa mar é atá fágtha sa chathair. Tá pinginí agam ar Mojo ach níl Joe féin istigh. Mar sin, caithim cúpla nóiméad ag caint le fear na gruaige duibhe atá taobh thiar den chuntar.

Deir sé liom gurbh é athair Joe a chuir tús le siopaí ceirníní san ardchathair ag deireadh na seascaidí agus borradh ag teacht faoi rac is roll in Éirinn – Murray’s Discs ar Bhóthar na Trá Thuaidh ba ainm don siopa a bhí aige. Go dtí sin, ba in áiteanna ar nós Clery’s nó McBirney’s a dhíoltaí ceirníní. Is ait leis gur ar ais chuig áiteanna ar nós Tesco atá díol ceirníní ag filleadh.Fágaim é agus buailim le Mark French.

Bhí Mark mar bhainisteoir orainn tráth. Ba faoina stiúir siúd a d’eisíomar an t-albam Tóg é go Bog é agus gur bhaineamar na cairteacha amach leis an amhrán “Ón Taobh Tuathail Amach”. Bhí sé linn ar feadh trí bliana go dtí gur dhírigh sé a chuid fuinnimh ar chúrsaí agus ar smaointe eile. Is faoi ghnó úr eile atá idir lámha aige – Muzu.tv – atá mé ag bualadh leis inniu.

Is éard atá i gceist le Muzu (www.muzu.tv) ná seirbhís ar líne le haghaidh dháileadh ábhair físe a bhaineann le ceol. Tá sé beagáinín cosúil le YouTube, ach tá leathnaigh phearsanta i gceist. Díoltar fógraíocht ar leathnaigh phearsanta an cheoltóra agus roinntear an t-airgead leis.

Agus na leathanaigh phearsanta seo agat, a deir Mark, is geall é le stáisiún teilifíse de do chuid féin a bheith agat. Beidh mé ábalta pé ní is mian liom a chur ar mo shuíomh féin.

Tá an suíomh idirlín beo anois le cúpla seachtain anuas agus tá Mark ag lorg tacaíochta uainn. Tá seisean sásta tacú linne mar chúiteamh. Táimid beirt sásta cabhrú lena chéile. Ar scáth a chéile a mhair muid tráth agus ní rófhada óna chéile a d’imíomar ar strae ó shin.Buaileann Rónán isteach agus labhraíonn an triúr againn faoi chúrsaí ceoil i gcoitinne – faoin gcéad singil a cheannaíomar, “Mull of Kintyre”, a bhí mar bhronntanas do mo sheanmháthair; faoin gcéad cheolchoirm ar fhreastalaíomar

uirthi, Lark in the Park le U2 i 1978; faoin dóigh a bhfuil ag teip go leanúnach ar chomhlachtaí ceirníní timpeall an domhain (le sé mhí anuas, cuir i gcás, tá laghdú cúig déag faoin gcéad i ndiaidh theacht ar mhargadh na gceirníní sna Stáit Aontaithe).

Insím dóibh mar gheall ar an gcomhrá a bhí agam le fear na gruaige cataí duibhe in Mojo Records – go ndúirt sé liom go raibh samhradh an-dian acu sa siopa toisc go raibh an dollar lag i gcomparáid leis an euro agus go raibh Meiriceánaigh míshásta le praghas na gceirníní dá bharr; go mbraitheann sé go bhfuil íoslódáil ag baint de ghnó an tsiopa; go síleann sé go bhfuil sé deacair ceol Gaelach a íoslódáil, ach go bhfuil sé buíoch as sin nó bíonn tóir leanúnach ar an gceol Gaelach sa siopa dá thairbhe!

Fágaim slán le Mark agus é ag rith chuig cruinnithe eile – fear iontach gnóthach is ea é anois agus é ag iarraidh an gnó a fhorbairt. Geallann Rónán dó go labhróidh sé le daoine faoi Muzu ag an bPicnic Leictreach, féile a bhfuilimid le bheith ag seinm aici cúpla lá níos déanaí. Ag an bhféile, luann Rónán an suíomh ach is dócha gur beag duine a éisteann lena

leithéid de rud: bíonn an oiread sin le cloisteáil agus le feiceáil ag an bPicnic gur dócha go mbeadh sé deacair ar dhaoine cuimhneach ar shuíomhín ar nós Muzu.

Is cuma. Tá a fhios agam go mbeidh Mark breá sásta agus cá bhfios, seans go mbeidh Muzu ar an suíomh is mó dáilte ceoil an t-am seo an bhliain seo chugainn.

Is cuid den réabhlóid dhigiteach é an gnó seo; tá daoine ag dul i ngleic le ceol ar bhealaigh dhifriúla gach lá agus táthar ag seachaint cuairt a thabhairt ar shiopaí ar nós Mojo Records.

Tá mé cinnte go dtiocfaidh an t-am nuair a bheas cúrsaí níos socra; nuair a mhaolóidh ar an réabhlóid dhigiteach. Tá súil agam, nuair a thiocfaidh an t-am sin, go mbeidh an dá ghnó faoi bhláth go fóill. Murach iad, cén áit a ndéanfainn mo chuid cabaireachta maidineacha Máirt mhí Lúnasa?

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.