CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Ná Scaoil do Rún le Bun an Chlaí …
Roseanne Smith Roseanne Smith Roseanne Smith

Bhí daoine saonta go leor go dtí le gairid. Bhí Roseanne Smith ag caitheamh súile ar ionradh an stáit agus comhlachtaí príobháideacha ar réimsí saoil an duine tríd an nuatheicneolaíocht.

Íomhá
Hong Kong, cró folaigh seal ag Edward Snowden
(le Robert ar Picasaweb)
Íomhá
Gafa ag Transit in Airphort Moscó, siopa bábóg
(Seamanr5 ar Picasaweb)
Íomhá
Scéala te bruite, tá siad ag éisteacht
(ar Flickr)
Íomhá
Benjamin Franklin
(le Joseph-Siffrein Duplessis ar Vicipéid)

Bhí mé amuigh oíche, tamall ó shin, sa teach leanna, le scaifte mór cairde. Bhíomar ag baint taitnimh as an gcomhluadar, ag plé cúrsaí an lae: ceol, polaitíocht, daoine iomráiteacha beag is mór, faisean, spórt is ar uile. Ag teacht ar ais ón leithreas dom, bhuail mé le duine den chomhluadar agus stopamar achar ón scaifte chun ceist phriobháideach a chíoradh agus socrú a dhéanamh i leith cruinniú breise amach anseo.

Seachtain ina dhiaidh sin léigh mé ar líne go raibh duine den fhoireann, doirseoir slándála ó chomhlachta conartha slándála, tar éis a phost a chailleadh, i ngan fhios d’éinne, toisc gur nocht sé don nuachtán céanna gur thug úinéir an tí tábhairne cead don rialtas gach uile ní a bhí ar siúl sa phub a thaifeadadh. Agus ní amháin sa teach sin a bhí seo ar siúl ag an rialtas ach sa bhialann thíos an bhóthar agus, níos dochreidte fós, sa Starbucks ar an gcúinne. Bhí stór mór taifeadta ag an rialtas, ní hamháin den phlé a bhí againn faoi imeachtaí Rihanna, ach ár seasamh ar cheist Savita agus gach a d’eascair as mar shampla. Chomh maith leis sin, thuig mé go raibh taifeadadh acu den chomhrá priobháideach a bhí agam leis an gcara eile a bhí chomh priobháideach is nach raibh ceachtar againn sásta é a phlé i measc an chomhluadair nó fiú san am nó san áit sin.

Ag comhdháil faoi Thodhchaí an Cheoil sa Ré Dhigiteach http://www.cmc.ie/future-of-music-2/index.html tamall ó shin, luaigh siad an seananalach sin idir an teach tábhairne is na gréasáin sóisialta. Tá an chomparáid seo cloiste agam arís is arís eile nuair a bhíonn plé á dhéanamh faoin áit do ghnólachtaí is dá n-iarrachtaí margaíochta ar na gréasáin chéanna. Mar a dúirt an t-óráidí, ní analach foirfe é, mar tá spás ann dóibh agus cuirtear fáilte roimh roinnt dá gcuid iarrachtaí.

PRISM

Ach cheap mé go mbeadh sé spéisiúil ceist PRISM a chur tríd an analach céanna agus nach spéisiúil atá sé nuair a tharraingítear níos gaire don saol “réadúil” mar sin é. Cé go dteipeann an chomparáid i gcás gnólachtaí (agus ceoltóirí, go háirithe sa sampla ar leith seo) is dócha go leagann sé méar chnámhach, uafásach ar scéal PRISM agus an méid a nocht Edward Snowden ag tús Mí Meithimh.

Daoibh siúd a bhí ‘faoi chloich’ nó ar saoire i mí Meithimh is a chaill an scéil: nochtadh go raibh cead tugtha ag roinnt de na comhlachtaí teicneolaíochta is mó don CIA eolas a bhailiú gan cheist uathu. Ina measc tá Microsoft, Google, Facebook agus Apple. Tháinig an t-eolas seo ó conraitheoir de chuid comhlacht slándála a bhí ag obair don CIA. Nocht Edward Snowden an t-eolas seo don Guardian http://www.guardian.co.uk/world/the-nsa-files agus tá sé ag éalú ó údarás na Stáit Aontaithe le cabhair agus comhairle Wikileaks ó shin. D’éalaigh sé as Hong Kong go Moscó agus tá sé ar troigh gan tuairisc ó shin. Is léir ón mbealach a bhfuil údarás na stát seo ag plé le rialtas na Stáit Aontaithe nach bhfuil siad róshásta faoin bhfreagra a thug siad nach raibh eolas á bhailiú ach faoi ‘foreigners’. De réir Snowden, d’fhéadfadh beagnach gach stáit an rud céanna a rá.

Go dtí tús na míosa seo caite, bhí sé increidte go mbeadh fiúntas leis na socruithe príobháideachas a roghnaigh tú ar Facebook, Google+, Apple srl. Ach ó bhris an scéal seo, is léir nárbh fhiú aon cheann díobh. Táthar ann atá ag rá muna bhfuil aon ní olc ar siúl agat, ní gá duit a bheith buartha. Ach an deacracht atá ann ar ndóigh ná go bhfuil an méid sin fochonraitheoirí, cosúil le Snowden, timpeall na cruinne ag plé leis an eolas seo: conas gur féidir leis na ‘húdaráis’ súil a choinneáil ar gach mír den eolas? Is léir go raibh Snowden féin in ann éalú le cuid de.

Fear a Rinne Leas an Phobail

Dar liom, tá prionsabal onórach ag Snowden (táthar ann a chreideann gur brathadóir agus fealltóir amach is amach é): cá bhfios dom nach bhfuil daoine eile, a bhfuil rochtain acu ar an eolas ‘príobháideach’ seo, a bheadh sásta é a úsáid i mo choinne, nó i ngan fhios dom? B’fhéidir nach bhfuil aon dlí briste agam, ach n’fheadar an mbeinn céad fán gcéad sásta go mbeadh rochtain ag daoine gan phrionsabail ar gach mír eolais fúm. An méid sin ráite, mairim faoin tseanriail: ná scríobh aon ní in aon áit nach mbeifeá sásta seasamh leis sa chúirt.

Léigh mé alt le déanaí a thug léiriú ar chuid den míshuaimhneas a bhraithim ó scaoileadh an scéil seo. Scríobhann Tim Krieder go galánta faoin mbealach a bhraith sé nuair a fuair sé r-phost idir beirt comhghleacaí leis de thaisme ina raibh seisean mar ábhar acu. http://opinionator.blogs.nytimes.com/2013/06/15/i-know-what-you-think-of-me/?_r=0

Cé nach raibh an méid a bhí le rá chomh goineach sin, ach gur briseadh an seachmall a bhí cruthaithe aige den chaidreamh a bhí aige leis an mbeirt seo, go mbeadh sé de shíor ag déanamh mionscagadh ar a chumarsáidí fánacha amach anseo.

Creimeadh Saoirse

Níl aon amhras gur cath de chuid an chogaidh idir príobháideachas agus an tslándáil atá i sceithireacht Snowden, ach cosúil le Krieder thuas, agus cosúil leis an dochar atá déanta i gcúrsaí taistil, is creimeadh saoirse eile atá ann, fiú más seachmall a bhí sa tsaoirse sin ó 2007 i leith.

In what were to be the last words of the interview, he quoted Benjamin Franklin: "Those who surrender freedom for security will not have, nor do they deserve, either one."

http://www.guardian.co.uk/world/2013/jun/11/edward-snowden-nsa-whistleblower-profile

Agus ar eagla go mbraitheann tú nach bhfuil san idirlíon ach foinse siamsaíocht agus gur cuma sa tsioc leat faoi cheisteanna príobháideachais agus slándála, níl tú leat féin http://www.digitaltrends.com/social-media/wtf-internet-edward-snowdens-girlfriend/ (Molaim thú as an iarfhocal seo a shroicheadh, dála an scéil.) Tá tuiscint bharrúil ag roinnt daoine ar an gceist seo in iomlán. Chruthaigh mac uchtaithe na tíre seo (agus Gaeilgeoir leis!), David Collier, cur i láthair a roinn sé ar Slideshare agus a roinn Slideshare ina nuachtlitir le déanaí a thugann léargas greannmhar ar an gceist iomlán http://www.slideshare.net/david.coallier/prism-investordeck

Mar iarfhocal scoir, léiríonn an dánfhocal go mbíodh fadhbanna acu le rúndacht i bhfad siar : Ná scaoil do rún le bun an chlaí go mbreathnaí tú thar a bharr, óir tá cluas ar an gcloich agus éisteacht ag an gclár.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.