AR NA SAOLTA SEO
Tá sé thar Am Fáil Réidh le hAigne an Éigeantais.
Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe

Ní aontaíonn Donncha Ó hÉallaithe leo siúd a chreideann gur tubaiste a bhéas ann má chuirtear deireadh le Gaeilge éigeantach sa gcóras oideachais.

Íomhá
Mícheál D. Ó hUiginn TD
Íomhá
Dubhghlas de hÍde
Íomhá
Eoin Mac Néill
Íomhá
Riachtanas iontrála a chinnfeas inniúlacht

An Ghaeilge Éigeantach

Bhíos im’ dhíograiseoir óg siar sna seascaidí nuair a troideadh an cath faoi Ghaeilge éigeantach. Ar thaobh amháin bhí an Language Freedom Movement (L.F.M) agus Fine Gael. Ar an dtaobh eile, bhí na heagraíochtaí Gaeilge agus Fianna Fáil. Bhí paisean ag baint leis na hargóintí: lucht na Gaeilge agus Fianna Fáil ag cosaint an choinníll a bhí leagaithe síos ag an Stát ó 1934 go gcaithfeá pas a fháil i nGaeilge le pas a fháil san Ardteist, cuma cé chomh maith is a chruthaigh tú sna hábhair eile. Duine ar bith a chreid go mba cheart an t-éigeantas seo a mhaolú, thugadh lucht na Gaeilge “seoiníní” nó “West Brits” orthu agus is cinnte go raibh ina measc neart de na daoine, “for whom Irish was not half dead enough” mar a dúirt an Michael D. Higgins T.D. fúthu ag Tóstal na Gaeilge i mbliana.

Náirigh na díograiseoirí teanga iad féin i dTeach an Ard-Mhéara, i mBleá Cliath ar an 21 Meán Fómhair 1966, nuair a deineadh iarracht cruinniú poiblí a bhí eagraithe ag an L.F.M a bhriseadh suas agus nuair a diúltaíodh cead cainte a thabhairt don drámadóir John B. Keane ón ardán.

Bhraith na díograiseoirí Gaeilge gur ghnóthaigh siad an cath i dTeach an Ard-Mhéara an oíche úd ach chaill siad an cogadh. Seacht mbliana níos deireannaí cuireadh Fianna Fáil as oifig. Ní raibh an comhrialtas idir Fine Gael agus Lucht Oibre i bhfad i gcumhacht nuair a cuireadh deireadh leis an riachtanas a bhíodh ann go gcaithfí pas a fháil sa nGaeilge, nó ní thabharfaí duit an Ardteistiméireacht. Socraíodh ag an am céanna go gcaithfeadh gach scoláire meánscoile an Ghaeilge a dhéanamh mar ábhar agus sin mar atá ó shin.

Tá mic léinn nach bhfuil ag iarraidh Gaeilge a dhéanamh ag fáil amach de réir a chéile go bhfuil bealach éalaithe as an riachtanas seo trí dhíolúine a fháil, ar an mbonn go bhfuil deacrachtaí foghlama acu, mar dhea. Os cionn leath de na mic léinn a bhfuil na deacrachtaí foghlama seo acu leis an nGaeilge mar theanga, tá siad ag tógáil teanga Eorpach eile san Ardteist, gan aon deacracht foghlama ansin acu!

Beartas Fhine Gael faoi Éigeantas na Gaeilge

Tá sé geallta ag Enda Kenny go gcuirfidh Fine Gael deireadh le héigeantas na Gaeilge san Ardteist. Tá go leor de lucht na Gaeilge buartha faoi seo. Tuigim dóibh ach feicimse deis iontach anseo, le beartais chiallmhara mhealltacha dhearfacha a chur ina áit ar a mbeidh torthaí fónta amach anseo.

Is ceart beartas ar bith a mheas de réir na dtorthaí. Ní fhéadfaí a mhaíomh dá réir sin go bhfuil an Ghaeilge éigeantach ag obair, nuair nach bhfuil ach codán beag de na daltaí a dheineann an Ardteist in ann comhrá simplí a choinneáil ar bun i nGaeilge. Infheistítear go leor airgid stáit i múineadh na Gaeilge le daoine nach bhfuil ag iarraidh í a fhoghlaim. In áit an t-airgead mór seo a chur amú, b’fhearr i bhfad díriú ar líofacht a thabhairt do na mic léinn atá ag iarraidh í a fhoghlaim.

Seo mar a fheicimse an scéal: faoi láthair, caitear méid áirithe acmhainní Stáit ag múineadh Ghaeilge le 90% de na scoláirí Ardteiste, gan ach thart ar 10% (+ 3%) inniúil ar an nGaeilge tar éis dóibh a bheith á foghlaim le 13 bhliain. Dá n-úsáidfí na hacmhainní céanna le Gaeilge a mhúineadh le 60% de na mic léinn, a roghnódh í, tá seans ann go bhféadfaí an cheathrú chuid acu a thabhairt chun inniúlachta sa Ghaeilge. Nach mba toradh níos fearr é seo ar an infheistíocht stáit: 15% de na daltaí ag tíocht amach as na meánscoileanna le Gaeilge líofa in áit an 10% (mo mheastúchán) atá ag tíocht amach faoi láthair.

Stádas na Gaeilge sna Coláistí Ollscoile

Tá éigeantas eile faoi bhagairt chomh maith, ó fógraíodh go bhfuil sé i gceist ag an Rialtas deireadh a chur le hOllscoil na hÉireann, an NUI. Chuir Rialtas Londain an National University of Ireland ar bun go reachtúil céad bliain ó shin. Fágadh faoi Sheanad na hOllscoile na rialacha iontrála a shocrú. Tar éis feachtas crua a troideadh go stuama agus go straitéiseach, faoi chinnireacht Dúbhghlas de hÍde agus Eoin Mhic Néill, d’éirigh le Conradh na Gaeilge stádas éigeantach a bhaint amach don Ghaeilge san Ollscoil nua mar ábhar máithreánach le fáil isteach san Ollscoil. Ag an am, bhí thart ar 50% dena mic léinn sna meánscoileanna, ar fud na hÉireann, ag tógáil Gaeilge mar ábhar scrúdaithe. Ach bhí go leor de na scoileanna don uasalaicme Caitliceach, Clongowes agus a leithéid, ag diúltú Gaeilge a chur ar an gcurriculam. Throid na heaspaig Caitliceacha go fíochmhar in aghaidh éileamh an Chonradh. Ach fuair de hÍde agus Mac Néill an ceann is fearr orthu. Thoiligh Seanad an NUI ar an 23 Meitheamh 1910 glacadh le rún a mhol de hÍde a shocraigh go mbeadh an Ghaeilge ina hábhar riachtanach don mháithreánach ón bhliain 1913 ar aghaidh, ach amháin do mhic léinn nach raibh cónaí orthu in Éirinn le trí bliain roimhe sin. Bhí ar na scoileanna a bhíodh ag cur oideachais ar fáil don “Catholic Snobocracy” mar a thug an tOllamh Mícheál Ó hÍceadha orthu, aitheantas a thabhairt don Ghaeilge mar ábhar nó ní bheadh a gcuid mac léinn in ann áit a fháil san NUI. Ón uair a chuirfear deireadh leis an NUI, beidh sé fágtha faoi gach coláiste a chuid socraithe iontrála féin a dhéanamh. Tá na coláistí ar fad in iomaíocht le chéile ag iarraidh mic léinn a mhealladh. Má bhraitheann UCD go bhfuil an rialachán faoi Ghaeilge éigeantach sa máithreánach ina bhac orthu, nuair nach bhfuil aon rialachán mar é i bhfeidhm i TCD, DCU, UL, nó in aon cheann de na hInstitiúidí Teicneolaíochta, is cinnte go mbeidh siad ag iarraidh fáil réidh leis. Má chuireann UCD deireadh le riachtanas na Gaeilge mar ábhar iontrála, ní bheidh na coláistí eile i bhfad ina dhiaidh ag déanamh an rud céanna.

Titim go Leibhéal Tubaisteach

Ní chreidim go gcuirfidh Éamonn Gilmore a shála i dtaca faoi cheist na Gaeilge éigeantaí agus Clár Rialtais á aontú aige le Fine Gael tar éis an chéad Olltoghcháin eile. Beidh deireadh á chur le Gaeilge mar ábhar éigeantach sna meánscoileanna, ag leibhéal na hArdteiste, ar aon chaoi. Má chuirtear deireadh le riachtanas na Gaeilge mar ábhar iontrála sna hOllscoileanna chomh maith, cá bhfágfaidh sé sin rudaí?

Is cinnte go seachnóidh go leor daltaí meánscoile an Ghaeilge a dhéanamh, nuair a bhéas sé ceadaithe ábhar níos éasca a roghnú ina áit. Tá an baol ann go dtitfidh an céatadán mac léinn a thógann Gaeilge san Ardteist go leibhéal tubaisteach mura bhfuil rud éicint curtha in áit an éigeantais chun na mic léinn a mhealladh le Gaeilge a thógáil.

Seo é mo mholadh ina bhfuil dhá chuid: (i) sara gcuirfí deireadh le héigeantas na Gaeilge mar ábhar Ardteiste agus mar ábhar iontrála Ollscoile, go leagfaí síos go mbeadh dúbailt pointí san Ardteist le fáil as Gaeilge, Béarla agus Matamaitic agus (ii) go socrófaí go mbeadh 50% ar a laghad de na postanna sa gcóras poiblí á líonadh ag daoine atá inniúil ar an dá theanga agus a bheadh in ann a gcuid oibre a dhéanamh go paiteanta trí mheán na Gaeilge, ar an ábhar go bhfuil fíor-riachtanas ag an Stát riar mhaith daoine atá dátheangach a fhostú lena gcuid dualgais reachtúla a chomhlíonadh i dtaobh freastal ar an bpobal trí Ghaeilge.

Sin é mo mholadhsa. An faitíos atá orm go ndéanfar an botún céanna is a deineadh siar sna seachtóidí nuair a cuireadh deireadh leis an riachtanas Ghaeilge do fhostaithe sa státchóras, gan tada ceart a chur ina áit, rud a d’fhág nach bhfuil leath a dhóthain daoine fostaithe ag na ranna stáit, le freastal ar an éileamh ón bpobal ar sheirbhís éifeachtach Ghaeilge.

Naisc: Tóstal na Gaeilge http://www.tostal.ie/ http://www.tostal.ie/default.aspx?treeid=21

Dubhghlas de hÍde http://video.google.com/videoplay?docid=-3389689641882076967

http://ga.wikipedia.org/wiki/Dubhghlasdeh%C3%8Dde

Mícheál Ó hÍceadha http://openlibrary.org/b/OL15547398M/AthairMícheálP.ÓhIceadha

An LFM http://www.scoilnet.ie/lookathistory/Video2.aspx?FolderId=2&Id=500&ref=1http://ga.wikipedia.org/wiki/LanguageFreedomMovementBoards.ie http://www.boards.ie/vbulletin/showthread.php?t=2054848596&page=3

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.