Mar Astrálach, agus i bhfianaise an eolais atá le fáil, déarfainn go bhfuil sé ródhéanach anois an Ghaeltacht thraidisiúnta a shábháil – agus féach go bhfuil Maidhc Dainín Ó Sé (thuas san eagrán seo) ar aon intinn liom. Níl de leigheas ar scéal na Gaeilge éigeantaí ach an siollabas a athleasú ó bhonn agus feidhm a bhaint as an tumoideachais nó as an leath-thumoideachais, ach is í an fhadhb chéanna atá ag Éirinn agus ag an Astráil – easpa múinteoirí dátheangacha. Is minic múineadh na dteangacha san Astráil fágtha ina phraiseach dá bharr, agus teangacha Bundúchasacha san áireamh. Aontaím leis an té a dúirt gur fiú an teanga Ghaeilge a chur chun cinn thar lear, agus mar chuid de sin ní mór gréasán láidir cainteoirí a chur ar bun, rud nach furasta. Tá meas agam féin ar an nGaeilge mar theanga fhíor-Astrálach (rud a chuirfeadh iontas ar roinnt Éireannach, b’fhéidir). Is cinnte ar aon chuma gur sna cathracha a mhairfidh an teanga feasta, más i mBaile Átha Cliath nó i Melbourne é.