Beo! (freagraí ar: Athmhúscailt Cheist na Gaeilge Éigeantaí) http://beo.ie/alt-athmhuscailt-cheist-na-gaeilge-eigeantai.aspx#comments Amharcann Breandán Delap ar leabhar a mhaíonn gur cheart deireadh a chur leis an Ghaeilge éigeantach sa chóras oideachais. ga Cóipcheart Oideas Gael. Mon, 25 Feb 2013 15:46:56 GMT http://beo.ie/logo.gif Beo! http://beo.ie/ Mairtín http://beo.ie/alt-athmhuscailt-cheist-na-gaeilge-eigeantai.aspx#comments *thabharfadh sé
Mon, 25 Feb 2013 15:46:56 GMT Mairtín http://beo.ie/alt-athmhuscailt-cheist-na-gaeilge-eigeantai.aspx#comments Tá sé ar nós ábhar breise a dhéanamh sa Bhreatain Bheag, mar sin bheadh pointí breise ar fáil. Agus thabharfadh siad aitheantas breise fosta dóibh siúd a bhaineann ardchaighdeán Gaeilge amach sa earnáil Ghaeloideachais.
Mon, 25 Feb 2013 15:38:23 GMT Finín http://beo.ie/alt-athmhuscailt-cheist-na-gaeilge-eigeantai.aspx#comments An mbíonn pointí breise ar fáil?
Mon, 25 Feb 2013 15:08:10 GMT Mairtín http://beo.ie/alt-athmhuscailt-cheist-na-gaeilge-eigeantai.aspx#comments Dá mbeadh sé i bhfeidhm anseo bheadh sé ar nós Mata agus Mata breise. Bheadh scrúdú atá ag an leibhéal ceart dóibh siúd atá ag foghlaim na Gaeilge i scoileanna Bhéarla leis an bhéim ar chumarsáid don chuid is mó, agus bheadh cáilíocht breise do lucht na nGaelcholáistí.
D'fheicfeá daltaí ag teacht amach le Gaeilge níos fearr sa dá earnáil.
Mon, 25 Feb 2013 14:27:28 GMT Mairtín http://beo.ie/alt-athmhuscailt-cheist-na-gaeilge-eigeantai.aspx#comments Bíonn dhá cháilíocht dhifriúla acu:
An Bhreatnais mar chéad theanga dóibh siúd atá ag fáil a n-oideachais trí mheán na Breatnaise nó a bhfuil Breatnais acu cheana féin. (Le hobair níos dúshlánaí)
Agus
An Bhreatnais mar dara theanga (a dhéanann gach duine), dírithe orthu siúd i scoileanna Bhéarla [dírítear ar na príomhscileanna den chuid is mó]
Ciallaíonn sé go mbíonn daltaí á dteagasc ag an leibhéal ceart.
Déanann gach duine scrúdú béil ag Leibhéal GCSE (i.e. Teastas Sóisearach fosta)
Mon, 25 Feb 2013 14:21:09 GMT Finín http://beo.ie/alt-athmhuscailt-cheist-na-gaeilge-eigeantai.aspx#comments Cén chóras atá acu sa mBreatain bhig?
Mon, 25 Feb 2013 08:18:28 GMT Mairtín http://beo.ie/alt-athmhuscailt-cheist-na-gaeilge-eigeantai.aspx#comments I ndiaidh dom a bheith ag teagasc ó Thuaidh agus ó Theas, ní dóigh liom féin gurb é an tÉigeantas an fhadhb. Síleann daltaí sna gnáthscoileanna ó Dheas go bhfuil an Ghaeilge deacair, agus ní nach ionadh - tá an córas scrúdaithe agus siollabas Gaeilge ó Dheas ina bhac do scoláirí an teanga a fhoghlaim.
Nuair nach ndéantar scrúdú béil don Teastas Sóisearach, agus le barraíocht béime ar chúrsaí litríochta nuair nach bhfuil scileanna cumarsáide bunúsacha ag daltaí, ní aon ionadh é nach mbaineann siad taitneamh as.
Luíonn cuid mhór den fhadhb leis an dóigh a bhfuil siad ag iarraidh an dá thrá a fhreastal idir daltaí ó gnáthscoileanna agus daltaí ó na Gaelcholáistí sa scrúdú céanna - ní fhoireann sé do dhuine ar bith. Amharc ar thaithí na Breataine Bige le haghaidh córas ceart.
Sun, 24 Feb 2013 20:40:31 GMT Mairtín http://beo.ie/alt-athmhuscailt-cheist-na-gaeilge-eigeantai.aspx#comments I ndiaidh dom a bheith a teagasc ó Thuaidh agus ó Theas, ní dóigh liom féin gurb é an tÉigeantas an fhadhb. Síleann daltaí sna gnáthscoileanna ó Dheas go bhfuil an Ghaeilge deacair, ach ní nach ionadh - tá an córas scrúdaithe agus siollabas Gaeilge ó Dheas ina bhac do scoláirí an teanga a fhoghlaim.
Nuair nach ndéantar scrúdú béil don Teastas Sóisearach, agus le barraíocht béime ar cúrsaí litríochta nuair nach bhfuil scileanna cumarsáide bunúsacha ach daltaí, ní aon ionadh é nach mbaineann siad taitneamh as.
Luíonn cuid mhór den fhadhb leis an dóigh a bhfuil siad ag iarraidh an dá thrá a fhreastal idir daltaí ó gnáthscoileanna agus daltaí ó na Gaelcholáistí sa scrúdú céanna - ní fhoireann sé do dhuine ar bith. Amharc ar thaithí na Breataine Bige le haghaidh córas ceart.
Sun, 24 Feb 2013 20:38:39 GMT Finín http://beo.ie/alt-athmhuscailt-cheist-na-gaeilge-eigeantai.aspx#comments Ba cheart éirigh as an éigeantas a Eoin agus b'fhéidir go mbeadh suim ag daoine an teanga a fhoghlaim ar son an phléisiúir. Níl ag éirí leis an bpolasaí seo ergo faigh réidh leis
Sun, 24 Feb 2013 16:27:51 GMT Eoin http://beo.ie/alt-athmhuscailt-cheist-na-gaeilge-eigeantai.aspx#comments cúpla pointe; léiríonn Breandán go simplí an toradh a bheadh ar dheireadh le héigeantas. Seafóid atá ann creidiúint nach dtitfeadh an tóin as cúrsaí gan mhoill. Níl aon amhras ach go mbrúfaí amach tuilleadh í ina dhiaidh sin chomh maith.
Míle buíochas as seo a chur ar ár súile, is gá brú a chur ar a leithéid de aineolas.
Cruthaíodh gur sna Gaelscoileanna is fearr a éiríonn le páistí sa Mhata, Gaeilge agus Béarla, fiú nuair a mheastar de réir aicmí soceacnamaíochta iad, ba chóir go mbeadh an Ghaelscolaíocht ar fáil do 100% den tír, agus go mbeadh scoil Bhéarla mar rogha thánaisteach ag an mórphobal.
Is minic go ndeirtear gur theip ar an bpolasaí sin agus mar sin gur chóir éirí as, má bhí maitheas leis cheana is ma mheastar maitheas leis an nGaeilge fós (mar a mheasann an chuid is mó den phobal nuair a iarrtar orthu) ba chóir í a chur chun cinn. Ní éirítear as ospidéil a chur ar fáil toisc go bhfuil córas na slainte ina chíor thuathail!
N'fheadar bhfuil aon ghaol ag an bhfear seo le Seán Flynn an Irish times?
Sun, 24 Feb 2013 12:36:58 GMT Sadhb http://beo.ie/alt-athmhuscailt-cheist-na-gaeilge-eigeantai.aspx#comments Sin é m'ainm a Thaca glic
Thu, 21 Feb 2013 15:28:14 GMT Taca an tSéimhithe http://beo.ie/alt-athmhuscailt-cheist-na-gaeilge-eigeantai.aspx#comments Syb nó Sive?
Thu, 21 Feb 2013 14:51:34 GMT Sadhb http://beo.ie/alt-athmhuscailt-cheist-na-gaeilge-eigeantai.aspx#comments Glacaim leis mar sin a Chiaráin go bhfuil tú ar aon fhocal liomsa gur cheart deireadh a chur leis an gceangaltas Gaeilge?
Wed, 20 Feb 2013 17:07:49 GMT Ciarán http://beo.ie/alt-athmhuscailt-cheist-na-gaeilge-eigeantai.aspx#comments An chúis nach bhfuil Gaeilge á foghlaim i gceart ag mic léinn ná nach an Stát féin á húsáid mar uirlis riaracháin, sa chaoi chéanna agus a bhaineann tíortha eile leas as a dteangacha féin. Nuair a bhaineann tír leas as a teanga féin, bíonn an riachtanas ann a bheith líofa sa teanga sin. An toradh: poist sa bhaile, idir an stát agus an earnáil phríobháideach, mar sin bíonn brú ar na daltaí a bheith maith sa teanga sin. Bíonn GÁ le táirgí agus seirbhísí a chur ar fáil go háitiúil. Níl an gá sin in Éirinn: ceannaímid na rudaí i bunúsaí ó Shasana.
Bunaíodh an córas oideachais chun daoine "oilte" a chur ar fáil don Impireacht, sé sin don eisimirce, agus níl athrú ar bith air ó shin. Is léir gur tábhachtaí an Béarla ná ábhar AR BITH eile don Roinn Oideachais: tá siad fós ag iarraidh a chur ina luí ar na Sasanaigh go bhfuilimid lán chomh leo siúd ag a dteanga, amaidí amach is amach. Ní fada anois nach mbeidh gá againn leis an Roinn féin. Déanfar iadsan a eisfhoinsiú go dtí Mórthír sar i bhfad.
Wed, 20 Feb 2013 12:21:04 GMT Donncha http://beo.ie/alt-athmhuscailt-cheist-na-gaeilge-eigeantai.aspx#comments Ó mo thaithí sa tríú leibhéal, bíonn na bainisteoirí oideachais ag iarraidh go mbeidh an céatadán is airde ag fáil pas, mar íoctar na coláistí ag braith ar an líon macléinn. Duine ar bith ar an bhfoireann a bhíonn ag iarraidh caighdeán a chosaint, ní bhreathnaítear go fábharach orthu ach a mhalairt. Sin é an fhadhb.
Tue, 19 Feb 2013 21:56:49 GMT S Ní C http://beo.ie/alt-athmhuscailt-cheist-na-gaeilge-eigeantai.aspx#comments I gcead duit a Chiaráin nach fútsa atá sé a chinntiú go mbíonn múinteoirí le dealramh ag daoine cosúil le fear an chuntas Beatha? Is sibhse atá ag bronnadh céimeanna ar dhaoine gan Ghaeilge.
Tue, 19 Feb 2013 09:48:43 GMT J Alfred Prufock http://beo.ie/alt-athmhuscailt-cheist-na-gaeilge-eigeantai.aspx#comments Vicious circle mar a déarfá. Níl aon Ghaeilge ag mic léinn Chiaráin agus is iadsan a bhíonn ag múineadh an ghlúin óg. Aon réiteach?
Mon, 18 Feb 2013 09:23:32 GMT sceolann http://beo.ie/alt-athmhuscailt-cheist-na-gaeilge-eigeantai.aspx#comments Aontaim ar fad leat a Chiarain (faraoir nil teacht agam ar aon tseimhiu ar an riomhaire seo). Ach chomh fada le m'eolas, no sin a deirtear liom, ta an rud ceanna fior o thaobh na dteangacha eile san Ollscoil, agus an Bearla san aireamh. Cad bhionn ar siul ag na muinteoiri sna bunscoileanna agus sna meanscoileanna? An mbionn aon mhuinteoireacht ar siul a thuilleadh acu?
Airitear 'aos og ard-oilte' mar cheann de na buntaisti ata againn chun comhlachtai idirnaisiunta a mhealladh chun na tire seo!!
Sat, 16 Feb 2013 20:57:55 GMT Ciarán Ó Coigligh http://beo.ie/alt-athmhuscailt-cheist-na-gaeilge-eigeantai.aspx#comments Sheol céimí le Gaeilge Cuntas Beatha (CB) chugamsa an tseachtain seo caite. De réir an CB ghnóthaigh an mac léinn seo A1 sa nGaeilge i scrúdú na hArdteistiméireachta. B'éigean dom ceathracha nóiméad (40) a chaitheamh ag ceartú a raibh de dhearmaid Ghaeilge sa gCuntas Beatha céanna. Tá céimeanna onóracha á ngnóthú ag mic léinn ollscoile nach bhfuil in ann a
n-ainm a litriú go cruinn i nGaeilge. Déarfainn go bhfuil fiche faoin gcéad ar a laghad d'ábhar múinteoirí i gColáiste Phádraig a bhfuil Gaeilge thar a bheith lag acu. Sin an ceathrú cuid. Tá grád onóracha san Adteist acu siúd uile. Ní thagann feabhas ar bith ar a bhformhór i gcaitheamh na dtrí bliana ollscoile, faraor. Scríobh mise faoi na nithe seo cheana ar Fhoinse agus labhair mé ina dtaobh ar RNG ach níor tugadh aird dá laghad orm. Éiríonn le mic léinn go leor céim onóracha a bhaint amach gan a oiread agus leabhar Gaeilge amháin a léamh. D'admhaigh mic léinn a bhí ag gabháil do MA sa nGaeilge an méid sin. Tá an ceart ag Donal Flynn i dtaobh a thubaistí a bhí an iarracht athbheochana agus ní fiú a bheith ag caitheamh anuas air i ngeall ar an leagan amach diúltach atá aige ar an teanga. Ba chóir labhairt le Donal Flynn agus a leithéid eile agus féachaint le teacht ar chomhthuiscint faoi iarracht caomhnaithe agus forbartha teanga a bheadh inghlactha ag aicmí éagsúla an phobail ó thuaidh is ó dheas. Tá comharthaí dóchais ó thuaidh i measc an phobail Aontachtaigh Phrotastúnaigh. Luaim go háirithe na hiarrachtaí atá ar siúl ag an Eaglais Phreispitéireach agus Eaglais na hÉireann i mBéal Feirste. Is suntasach an rud gur teagmháil ar bhonn creidimh is ciontsiocair leis na léasanna dóchais seo a theacht ar an saol ag am a bhfuil dreamanna go leor ar a mine géire ag iarraidh an Creideamh a ruaigeadh as scoileanna an stáit ó dheas. Féach thuas a ndúirt an tAire Oideachais agus Scileanna. Is mise, le gach uile bheannacht, Ciarán Ó Coigligh
Fri, 15 Feb 2013 08:54:04 GMT Damhnait http://beo.ie/alt-athmhuscailt-cheist-na-gaeilge-eigeantai.aspx#comments Ní haon ionadh go bhfuil sé furasta ardmharcanna a fháil sa Ghaeilge. Tá aithne agam ar dhaoine a fuair B sa Ghaeilge san ardteist agus nach bhfuil ar a gcumas dhá abairt a chur le céile da gcuirfeá ceist orthu. Molaim alt Bhreandain agus ba shuim liom an chomparáid a rinne sé le hAlbain. Ta sé thar am tabhairt ar mhúínteoirí bunscoile ábhar amháin , corpoideachas nó líníocht a mhúineadh trí mheán na Gaeilge chun go gceanglódh na paistí an teanga le rud a mbaineann siad sult as.
Thu, 14 Feb 2013 13:54:33 GMT Conchúr http://beo.ie/alt-athmhuscailt-cheist-na-gaeilge-eigeantai.aspx#comments Ach sin an fhadhb, tá an córas briste. Braitheann sé ar cad atá tú ag iarraidh ón chóras. Má tá tú ag iarraidh go mbeidh líofacht níos fearr ag daltaí, go mbeidh meon dearfach acu ar an teanga agus go mbeidh siad in ann an teanga a úsáid amach anseo, caithfidh an córas athrú.
Ag an nóiméad tá an bhéim ar fad ar aistí a fhoghlaim de ghlanmheabhair. Má tá duine maith ag na leithid tá seans acu marcanna arda a fháil. Ach cén sórt scileanna teanga atá acu, agus cé chomh sultmhar is a bheidh sé. Is i scoileanna Bhéarla atá an fhadhb ach go háirithe - fágann an iomarca gan scileanna ginchumas sa teanga agus tá an milleán ar an gcóras. Is maith liom an smaoineamh thuas ar dhá cháilíocht dhifriúla – tá ciall leis.
Tue, 12 Feb 2013 11:34:49 GMT Turner http://beo.ie/alt-athmhuscailt-cheist-na-gaeilge-eigeantai.aspx#comments Alt spéisiúil in Irish Times an lá inniu. sí an Ghaeilge an tarna ábhar is simplí san Ardteist agus is í an tarna ábhar is mó a ghnóthaíonn marcanna arda do mhic léinn san Ardteist. QED if it ain't broke don't fix it.
Tue, 12 Feb 2013 11:08:11 GMT Páid Ó Donnchú http://beo.ie/alt-athmhuscailt-cheist-na-gaeilge-eigeantai.aspx#comments Duine ar bith a bhfuil in ann 'gaeilgeoir' a scríobh i gceart, annamh go maith fiú amháin i measc na nGael, is Gaeilgeoir é nó í. Troll. Cá bhfuil mo dhuais €100?
Sat, 09 Feb 2013 10:55:17 GMT LFMista http://beo.ie/alt-athmhuscailt-cheist-na-gaeilge-eigeantai.aspx#comments Typical gaeilgeoir. As soon as you open your beal with a positive critique they jump down your throat. Face the ceoil mate
Sat, 09 Feb 2013 08:42:36 GMT Páid Ó Donnchú http://beo.ie/alt-athmhuscailt-cheist-na-gaeilge-eigeantai.aspx#comments Chomh marbh sin go bhfuil tú anseo ag tabhairt do thuairim.
Fri, 08 Feb 2013 23:25:05 GMT LFMista http://beo.ie/alt-athmhuscailt-cheist-na-gaeilge-eigeantai.aspx#comments It's a marbh language that should be buried gracefully in ainm Dé
Fri, 08 Feb 2013 16:03:53 GMT Mí-shona http://beo.ie/alt-athmhuscailt-cheist-na-gaeilge-eigeantai.aspx#comments Beidh sé ann an mhí seo chugainn is dóigh
Thu, 07 Feb 2013 19:04:05 GMT Harpic http://beo.ie/alt-athmhuscailt-cheist-na-gaeilge-eigeantai.aspx#comments Suimiúil go leor a Bhreandáin ach bhí mé ag súil agus ag dúil le halt faoi Ghaelscéal uait. Le bheith firinneach bhí mé ag súil agus ag dúil le halt faoi Ghaelscéal áit éigin ar Bheo. Cá bhfuil sé?
Thu, 07 Feb 2013 19:03:25 GMT Ultan http://beo.ie/alt-athmhuscailt-cheist-na-gaeilge-eigeantai.aspx#comments An bhfuil sin ar seo go fóill a Rob?
Ps brón orm faoin drochlitriú sa teachtaireacht thuas?
Thu, 07 Feb 2013 19:01:20 GMT Rob http://beo.ie/alt-athmhuscailt-cheist-na-gaeilge-eigeantai.aspx#comments Nach fearr sin ná a bheith ag foghlaim sleachta as Peig de ghlac (sic) mheabhair?
Thu, 07 Feb 2013 08:40:36 GMT Ultan http://beo.ie/alt-athmhuscailt-cheist-na-gaeilge-eigeantai.aspx#comments Is ea ach níl ag éirí leis na marcanna breise don scrúdú béil don ardteist. Níl na daltaí ach ag foghlaim seachtain de ghlac mheabhair.
Thu, 07 Feb 2013 08:38:25 GMT Pól http://beo.ie/alt-athmhuscailt-cheist-na-gaeilge-eigeantai.aspx#comments Agus an t-alt seo freisin.
- Daltaí a mhúineadh ag an leibhéal ceart le dhá cháilíocht dhifriúil do fhoghlaimeoirí a bhfuil an Ghaeilge acu mar chéad teanga agus mar dhara theanga
- Scrúdú béil éigeantach ag leibhéal an Teastais Shóisearaigh
Tá sé uilig le ciall. Cén fáth nach féidir linn na rudaí simplí seo a dhéanamh as nós tíortha eile?
Wed, 06 Feb 2013 23:24:15 GMT Pól http://beo.ie/alt-athmhuscailt-cheist-na-gaeilge-eigeantai.aspx#comments Féach ar an alt seo - moltaí ciallmhara le seans a thabhairt do mhúinteoirí an Ghaeilge a mhúineadh i gceart. Tá an córas reatha lochtach, ach tá réiteach simplí go leor ann.
Wed, 06 Feb 2013 23:09:32 GMT Colin Ryan http://beo.ie/alt-athmhuscailt-cheist-na-gaeilge-eigeantai.aspx#comments Tá sé thar am múineadh na Gaeilge a fheabhsú, gan dabht, agus gan breis ábhar cáinte agus clamhsáin a thabhairt do naimhde na teanga. Tá praiseach á déanamh den scéal le hochtó bliain anuas, agus ní fiú teanga ar bith a mhúineadh mar sin. Is í Roinn Oideachais na hÉireann an namhaid is measa, b'fhéidir. Mar Astrálach, táim sásta réiteach (nó neamhréiteach) an scéil a fhágáil faoi na hÉireannaigh féin, ach fágann múineadh ciotach na Gaeilge in Éirinn a rian ar shaothrú na teanga ar fud an domhain.
Sun, 03 Feb 2013 08:02:30 GMT