cúpla pointe; léiríonn Breandán go simplí an toradh a bheadh ar dheireadh le héigeantas. Seafóid atá ann creidiúint nach dtitfeadh an tóin as cúrsaí gan mhoill. Níl aon amhras ach go mbrúfaí amach tuilleadh í ina dhiaidh sin chomh maith.
Míle buíochas as seo a chur ar ár súile, is gá brú a chur ar a leithéid de aineolas.
Cruthaíodh gur sna Gaelscoileanna is fearr a éiríonn le páistí sa Mhata, Gaeilge agus Béarla, fiú nuair a mheastar de réir aicmí soceacnamaíochta iad, ba chóir go mbeadh an Ghaelscolaíocht ar fáil do 100% den tír, agus go mbeadh scoil Bhéarla mar rogha thánaisteach ag an mórphobal.
Is minic go ndeirtear gur theip ar an bpolasaí sin agus mar sin gur chóir éirí as, má bhí maitheas leis cheana is ma mheastar maitheas leis an nGaeilge fós (mar a mheasann an chuid is mó den phobal nuair a iarrtar orthu) ba chóir í a chur chun cinn. Ní éirítear as ospidéil a chur ar fáil toisc go bhfuil córas na slainte ina chíor thuathail!
N'fheadar bhfuil aon ghaol ag an bhfear seo le Seán Flynn an Irish times?
Ba cheart éirigh as an éigeantas a Eoin agus b'fhéidir go mbeadh suim ag daoine an teanga a fhoghlaim ar son an phléisiúir. Níl ag éirí leis an bpolasaí seo ergo faigh réidh leis
I ndiaidh dom a bheith a teagasc ó Thuaidh agus ó Theas, ní dóigh liom féin gurb é an tÉigeantas an fhadhb. Síleann daltaí sna gnáthscoileanna ó Dheas go bhfuil an Ghaeilge deacair, ach ní nach ionadh - tá an córas scrúdaithe agus siollabas Gaeilge ó Dheas ina bhac do scoláirí an teanga a fhoghlaim.
Nuair nach ndéantar scrúdú béil don Teastas Sóisearach, agus le barraíocht béime ar cúrsaí litríochta nuair nach bhfuil scileanna cumarsáide bunúsacha ach daltaí, ní aon ionadh é nach mbaineann siad taitneamh as.
Luíonn cuid mhór den fhadhb leis an dóigh a bhfuil siad ag iarraidh an dá thrá a fhreastal idir daltaí ó gnáthscoileanna agus daltaí ó na Gaelcholáistí sa scrúdú céanna - ní fhoireann sé do dhuine ar bith. Amharc ar thaithí na Breataine Bige le haghaidh córas ceart.
I ndiaidh dom a bheith ag teagasc ó Thuaidh agus ó Theas, ní dóigh liom féin gurb é an tÉigeantas an fhadhb. Síleann daltaí sna gnáthscoileanna ó Dheas go bhfuil an Ghaeilge deacair, agus ní nach ionadh - tá an córas scrúdaithe agus siollabas Gaeilge ó Dheas ina bhac do scoláirí an teanga a fhoghlaim.
Nuair nach ndéantar scrúdú béil don Teastas Sóisearach, agus le barraíocht béime ar chúrsaí litríochta nuair nach bhfuil scileanna cumarsáide bunúsacha ag daltaí, ní aon ionadh é nach mbaineann siad taitneamh as.
Luíonn cuid mhór den fhadhb leis an dóigh a bhfuil siad ag iarraidh an dá thrá a fhreastal idir daltaí ó gnáthscoileanna agus daltaí ó na Gaelcholáistí sa scrúdú céanna - ní fhoireann sé do dhuine ar bith. Amharc ar thaithí na Breataine Bige le haghaidh córas ceart.
An Bhreatnais mar chéad theanga dóibh siúd atá ag fáil a n-oideachais trí mheán na Breatnaise nó a bhfuil Breatnais acu cheana féin. (Le hobair níos dúshlánaí)
Agus
An Bhreatnais mar dara theanga (a dhéanann gach duine), dírithe orthu siúd i scoileanna Bhéarla [dírítear ar na príomhscileanna den chuid is mó]
Ciallaíonn sé go mbíonn daltaí á dteagasc ag an leibhéal ceart.
Déanann gach duine scrúdú béil ag Leibhéal GCSE (i.e. Teastas Sóisearach fosta)
Dá mbeadh sé i bhfeidhm anseo bheadh sé ar nós Mata agus Mata breise. Bheadh scrúdú atá ag an leibhéal ceart dóibh siúd atá ag foghlaim na Gaeilge i scoileanna Bhéarla leis an bhéim ar chumarsáid don chuid is mó, agus bheadh cáilíocht breise do lucht na nGaelcholáistí.
D'fheicfeá daltaí ag teacht amach le Gaeilge níos fearr sa dá earnáil.
Tá sé ar nós ábhar breise a dhéanamh sa Bhreatain Bheag, mar sin bheadh pointí breise ar fáil. Agus thabharfadh siad aitheantas breise fosta dóibh siúd a bhaineann ardchaighdeán Gaeilge amach sa earnáil Ghaeloideachais.