tabhair freagratabhair freagra #1 Seán Ó Raghallaigh 13 Nollaig 2013, 18:02 GMT
Ciall ag a tuistí gan teilifíseán a bheith sa teach. Ní haon ionadh gur éirigh bo breá le hÚna. Nár lagaí Dia í.
tabhair freagratabhair freagra #2 Peter 15 Nollaig 2013, 12:55 GMT
Haigh,

Scéal deas anseo. Aontaím go hiomlán maidir leis an teilifis. Ní maith liom bheith féachaint air go ró-minic, bíonn a lán rud eile níos spéisiúla bheith do chuid am a chaitheamh. Tá dea-meon aici faoin ceol comh maith, cinnte go bhfuil traidisiúnta tábhachtach, ach tá spás ann chun ceol eile freisin.

An bhfuil aon eolas maidir le gigeanna i mBaile Átha Cliath? Ba mhaith liom bheith ag dul. Bheadh sé fíor-suimiúil an meascán idir ceol traidisiúnta agus ceol leictreonach a cloisteáil.

Dála an scéil, is foghlaimeoir mé agus mé anseo chun mo chuid Gaeilge a chleachtadh.

Míle buíochas

Peadar
tabhair freagratabhair freagra #3 Brian Ó Ruairc 15 Nollaig 2013, 18:47 GMT
Tagaim leat faoin teilifís a Pheadair. Tá dhá sheanghléas sa teach agam anseo is ní oibríonn ceachtar díobh. Amharcaim ar an idirlíon ach siocfaidh sé nuair a bheas Eimear Ní Chonghaile ar tí rud tábhachtach a insint dúinn ar an nuacht agus glacfaidh sé deich mbomaite fada í a fháil ar ais. Faoin am sin beidh Screabha Beaga Arda Ní Dhúshláine nó cibé cén t-ainm atá ar an aingeal ard álainn sin as Ciarraí, ag scagadh gnaithí gréine is scamaill. Tá tú ag déanamh an rud ceart le do chuid Gaeilge. Giotaí a scríobh in áit mar seo. Cuirfidh an scríobh duine ag meabhrú níos mó faoina bhfuil le rá ceart agus mícheart. Go n-éirí an teanga leat. Tá an chuid is deacra den obair curtha isteach agat, creidim.
tabhair freagratabhair freagra #4 Peter 15 Nollaig 2013, 19:57 GMT
Go raibh maith agat as an freagra, ní raibh mé ag dúil leis é!

Ba choir duit chomhlacht eile a fháil do do chuid idirlíne :)

Na chailíní aimsir ar TG4??? Go hálainn ar fad... is iadsan fáth is leor chun amharc ar an teilifís :)

Peadar
tabhair freagratabhair freagra #5 Brian Ó Ruairc 16 Nollaig 2013, 12:52 GMT
Fáth maith ambaiste! Dream bikers gan chúpla focal ina measc a bhíodh ag tiomáint timpeall na tíre ag deireadh na seachtaine blianta ó shin, stadadh siad den chaint ar fad i dteach tábhairne nuair a d'fhéachadh siad Sharon Ní Bheolláin ag léamh na nuachta. Shílfeá go raibh Gaeilge acu go léir nuair a thosaíodh an nuacht ar RTÉ. Ansin, d'fhéachfá an meangadh gáire ag dul thart ó dhuine go duine nuair a bhí an nuacht thart!
tabhair freagratabhair freagra #6 Peter 16 Nollaig 2013, 22:47 GMT
Ha ha,

Tá muid uille go léir tógtha le Sharon... is fógra iontach í don gaeilge... níos mó ná na bikers dar liom :)
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!