AR NA SAOLTA SEO
Sliabh a Liag
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Thig níos mó docharsochar a dhéanamh le iarracht ar leathmhaing, de cheal ionchur eolais ó mhuintir na háite agus ó mhuintir na hearnála. Ní mó ná sásta atá Tony Birtill le tuairisc a foilsíodh ar Shliabh a Liag.

Íomhá
Ag amharc soir
Íomhá
Idir spéir is farraige
Íomhá
Ar Bhealach an Oilithrigh
Íomhá
Seal scíste ar an bharr
Íomhá
Ag amharc siar

Bhí mé ar ais ar mhullach Shliabh a Liag i Mí Aibreán, an cnoc is airde i bparóiste Ghleann Cholm Cille agus an buaicphointe ar mo chúrsa siúl sléibhe in Oideas Gael. Sula ndeachaigh mé suas, léigh mé an tuarascáil is déanaí faoin áit: ‘Slieve League-Bunglas Cliffs- Final Report. Prepared by Scott Wilson in association with Judith Annett, Countryside Consultancy for Imeall Trá Teoranta, 10.4.2008’. Chuir sé díomá orm. Is comhlacht mór é Scott Wilson Group PLC, le ceannáras i lár Londain agus 80 oifig ar fud an domhan. (www.scottwilson.com). Tá Judith Annett lonnaithe i gContae an Dúin.(www.countryside-consultancy.co.uk)

Is togra trasteorann é, Imeall Trá, idir Sliabh a Liag agus Na Gobáin, beanna ar Oileán Mhic Aodha i gContae Aontroma. Tá Fáilte Ireland, Údarás na Gaeltachta agus Comhairle Contae Dhún na nGall ag caitheamh €8-12 milliún thar tréimhse 5-6 bliana air. Is féidir leat a lán dochair a dhéanamh le hairgead mar sin !

Is é an chéad rud ait a thug mé faoi deara faoin tuarascáil seo ná an léarscáil ar leathanach 4, agus an ráiteas: ‘The area covered by this study is bounded by the village of Carrick, Slieve League Mountain, Bunglas Cliffs and Teelin Pier approximately 16km.’ Ach téann an tslí ó Bhun Glas go Málainn Bhig: ‘The classic and most popular route which traverses the whole exhilarating crest of the mountain, and the one which draws most walkers time and time again,’ mar a deir Joss Lynham faoi ina leabhar ‘Best Irish Walks.’ De réir na tuarascála, lch. 13: ‘Malinbeg is also a start and finish point for committed walkers undertaking a traverse of Sliabh a Liag.’ Cén fáth nach bhfuil sé sa tuarascáil mar sin?

An Fóidín Mearaí

Sa rannóg ‘Paths’ (lch.10) deir sé ‘The Slieve League Path (upper car park to the summit of Slieve League). Ach cad é faoin chuid eile, ón bharr go Málainn Bhig ? An raibh sé rófhada do Scott Walker a shiúl?

Tá an t-aineolas seo faoin cheantar léirithe arís ar lch.15 sa rannóg ‘Profile of visitors interviewed’: ‘One party staying in Kilcar- the rest further away, Donegal Town, Killybegs, Glencolumkille.

Nach dtuigeann sé go bhfuil Kilcar i bparóiste eile soir an bealach - Cill Charthaigh - agus gur cuid de pharóiste Ghleann Chlom Cille é Sliabh a Liag, dála Malainn Bhig, áit a bhfuil brú deas nua ann atá áisiúil do shiúlóirí. [Eagarthóir: Is cosúil gur shamhlaigh sé an t-ainm ‘Béarla’ ‘Kilcar’ leis an Charraig.] I nGleann Cholm Cille féin, tá brú/ionad campála ann, chomh maith le hIonad Siúil le seomraí féinfhreastail ann. Ach de réir na tuarascála, tá easpa lóistín sa cheantar. Tá Oideas Gael lonnaithe i nGleann Cholm Cille fosta, agus tá mé ag dul suas Sliabh a Liag le dreamanna as an choláiste le níos mó na 20 bliana. Níor chuir Imeall Trá Teoranta ceist ar bith ormsa faoi Shliabh a Liag, cé go raibh mé thuas ansin níos mó ná 100 uaire le buíonta turasóirí.

Sa rannóg Planning and Environmental Context deir sé:County Donegal Development Plan 2006-2012- The overall aim is maximise the utilisation of Donegal’s considerable natural resources in a way which contributes to the economic development of the County and which is in keeping with the environmental protection policies within the plan.Recognised that Donegal has potential for ‘Marine/water based Leisure and Tourism’, this includes the development of coastal walkways;Identify existing and/or potential coastal walking routes, which can be developed and marketed as a tourism product and as a local amenity (policy NRD67, p86)

D’ainneoin an ráitis faoi ‘coastal walkways’ deir sé (lch.11) ‘The Pilgrims Path should be promoted as the main route to the summit and as a walk in its own right.’

Síneann an cosán seo ó shráidbhaile Teileann suas cúl Shliabh a Liag go Séipéal Aoidh Mhic Bhricne. Is siúl leadránach é, mar ní fheiceann tú an radharc iontach ó Bhun Glas - an fharraige agus na haillte arda, agus is iad an fáth go bhfuil tú ann! Is féidir leat leanúint ar aghaidh ón séipéal, trasna Cosán Aon Fhir go dtí an barr agus feicfidh tú cuid de na haillte ansin, ach cailleann tú 75 % den radharc má théann tú suas Cosán an Oilithrigh.

Bréagnú mór atá ann, a bheith ag moladh streapa ar lch. 5 agus ansin a bheith ag moladh slí intíre ar lch. 11. Tá sé míloighciúil agus amaideach.

Athreic Eolais

Ach nuair a bhí mé sa carr chlós ag Bun Glas faoi Cháisc, sular thosaigh muid ag siúl, chonaic mé Clár Fógra nua le ‘eolas’ faoi Sliabh a Liag air. Molann an fógra Cosán an Oilithrigh mar an tslí suas an cnoc. Ach má tá tú thuas ag Bun Glas, leis an radharc álainn, an mbeifeá sásta dul síos arís agus tús a chur leis an siúl as Teileann, suas cosán cúil, áit nach bhfuil radharc ar bith ann? Is airgead amú é an fógra seo. Cén fáth nach gcaitheann siad an t-airgead ag deisiú an streapa, atá faoi bhrú in áiteanna mar Cnoc Ramhar, leath bealaigh suas Sliabh a Liag ? Nó an raibh sin rófhada le siúl dóibh?

Má shiúlann tú suas Sliabh a Liag ó Bhun Glas go dtí an barr, ní dhéanfaidh tú dearmad air go deo. Téann sé i bhfeidhm ar dhuine. Ach níl trácht ar bith air sa tuarascáil seo. Is léir nach raibh dream Scott Wilson thuas ansin riamh ina saol.

Cén sórt taighde atá déanta acu mar sin? Taighde oifige, cinnte, mar déanann sé gearradh sleachta agus greamú ón Lonely Planet Guide agus ón SAC Report. Scríobhadh sa Rannóg 1.6 Existing Visitor Experience: ‘The points made in this section are based on a survey of visitors undertaken on the 03/09/07 and our own observations. These points relate to the visitor who has come specifically for the view and not to go climbing or hill walking.........We also spent Sunday 26th August as visitors to the area. Survey- 2 surveyors - one observing, one walking up the path and interviewing. Is é sin, chaith sé dhá lá ag crochadh thart ar an charrchlós agus ag siúl achar gairid suas an cosán. Agus cén fáth nach bhfuil an lucht siúl sléibhe sa suirbhé? Téann níos mó daoine ag siúl ar na cnoic gach bliain. Cuireann Visitscotland.com an-bhéim ar shiul sléibhe. Tá níos mó seans go bhfanfaidh siúlóirí sa cheantar thar oíche ná dream ar bith eile. An é sin an fáth nach dtuigeann Scott Wilson iad, os rud é nach siúlann siad féin?

Níos measa fós, ar lch.29 deir sé ‘However the path should not be promoted as a tourist attraction as use of it by non-specialist visitors is inappropriate.’ Seafóid, faoin chosán is deise in Éirinn. Cad é faoi ‘the development of coastal walkways?’

Molann sé fail réidh leis an charrchlós ag Bun Glas agus carrchlós nua a thógáil 1.1km síos an bóthar. Beidh ar chuairteoirí siúl ar an bhóthar ón charrchlós nua go dtí Bun Glas, áit a mbeidh ardán mór gránna nuathógtha rompu. Faoi láthair, bíonn daoine faoi mhíchumas in ann na haillte a fheiceáil as carrchlós an Bhuin Ghlais, ach ní fheicfidh siad ón charrchlós nua é. Fosta, beidh ar shiúlóirí 1.1km sa bhreis a shiúl ar bhóthar leadránach go dtí an streapa.

Fáilte Éireann

De réir taighde a rinne Tourism Ireland, 2003, bhí ‘áilleacht aiceanta’ ag uimhir a haon sa liosta de na rudaí a mheall daoine chun na tíre seo. Ba cheart, mar sin, béim a leagan air san fhógraíocht agus gan dochar a dhéanamh d’áilleacht na timpeallachta, leis an ardán gránna sa tuarascáil seo, abraimis.

Bím ar mhullaigh sléibhe i dtíortha éagsúla go rialta, in áiteanna a mbíonn a lán cuairteoirí iontu, agus brú ar dhromchla an talaimh dá dheasca sin, Yr Wyddfa agus Beinn Neibhis, fágaim. Bíonn ardán déanta as clocha áitiúla ann, le balla íseal thart timpeall, sa dóigh nach n-amharcann sé as alt. Sin dea-chleachtadh sa lá atá inniu ann. Tá ardán mar seo 15 míle ó Gleann Cholm Cille, ag barr Gleann Gheis, áit a bhfuil carrchlós agus radharc iontach fosta.

Is léir go bhfuil an tuairim seo ag a lán daoine. Mar shampla, sa suirbhé a rinne Scott Wilson iad féin, lch.15: ‘2 parties unprompted said ‘don’t make Bunglas like the Cliffs of Moher’ which they perceived as too formal, over commercialised and as having no quality of wildness.’ Agus arís ar lch.19 ‘In terms of cliff attractions for customised tours the operators stressed the importance of maintaining the unique quality of the environment atmosphere and spirituality of sites particularly Slieve League. Without exception they all stressed the importance of avoiding brash, tacky developments.’

Is í mo thuairim gur ‘tacky developments’ iad an t-ardán agus an t-ionad cuairteoirí (lch.35) sa tuarascáil seo.

Tá tuilleadh seafóide ar lch. 44: ‘Operating Assumptions: Improved signage is put in place to ensure that visitors end up at the most appropriate place for their needs- Bunglas for cliff viewing - the Pilgrim’s Path for hill walking.’

Mar shiúlóir, is é Bun Glas atá de dhíth, ní hé an cosán cúil.

A car parking charge of 2 Euro is made, this charge is identified for visitors as a contribution to managing and maintaining the site.’ - Is é sin, beidh muidne ag íoc as an truflais sa tuarascáil amaideach seo.

Ó thaobh na Gaeilge, scríobhadh ann faoi ‘Benefits’ ‘Increased focus of attention on the area and its Gaeltacht culture’. Sin é. Sin a bhfuil ann.

Eolas nár Éisteadh

Mar a dúirt mé thuas, tá Oideas Gael ag eagrú cúrsaí siúl sléibhe dhá theangach seachtaine/deireadh seachtaine le 20 bliana.Téánn muid ar bhus áitiúil go Bun Glas agus siúlann muid as sin go Málainn Bhig. Fanann na siúlóirí sa cheantar, i dtíthe lóistín agus féinfhreastail.

Bím féin ag siúl ar fud na hEorpa, agus oibrím le comhlachtaí eile mar Ramblers Holidays. Tig liom a rá, mar sin, gur bhailigh mé eolas ar an ábhar seo in imeacht na mblianta. Tá a lán suime i streapaí anois, ar nós *The Pembroke Coastal Path, The Cleveland Way *etc., agus meallann siad na mílte turasóirí gach bliain, daoine a bhíonn ag fanacht sa cheantar.

Thiocfadh le Sliabh a Liag a bheith sa liosta seo, le margaíocht cheart agus le cúpla míle €uro caite ar an chosán.

De réir na tuarascála: ‘In terms of general tourism promotion the path to the summit of Slieve League should not be promoted as it is beyond the competence and equipment of the majority of visitors. Both of the mountain paths should be promoted to specialist walking visitors as excellent days out.’ (lch.38). Tá an dá ráiteas seo, mar a deir an foclóir, ‘frisnéiseach’, nó ag teacht salach ar a chéile.

Ba chóir an cósta sa pharóiste iomlán a fhógairt do shiúlóirí, ní mar ‘day out’, ach áit a dtig leat fanacht seachtain ann, le sult a bhaint as na radharcanna is deise san Eoraip. Mar a dúirt Murray’s Guide to Ireland i 1912 faoin chósta seo ‘it could hardly be excelled by any locality in the British Isles.’

Naisc: http://www.youtube.com/watch?v=oQrQRx7jUokhttp://www.youtube.com/watch?v=Z6K3eF3Z5WI&feature=relatedhttp://www.youtube.com/watch?v=EBSQ8Z44fzE&feature=relatedhttp://www.youtube.com/watch?v=7ZQFMNFwhJA&feature=relatedhttp://www.youtube.com/watch?v=FQYmtRJfRUI&feature=relatedAg bun na haille http://www.youtube.com/watch?v=Uls6uTsOC0o&feature=relatedhttp://www.youtube.com/watch?v=8Fz98oMhZYk&NR=1http://www.youtube.com/watch?v=bCXhtIFfna0

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.