Beo! (freagraí ar: Linda Ervine, Oifigeach Forbartha Gaeilge, Béal Feirste Thoir) http://beo.ie/alt-linda-ervine-oifigeach-forbartha-gaeilge-beal-feir.aspx#comments Ní fios an obair éachtach atá ar siúl in Oirthear Bhéal Feirste. Chuaigh Robert McMillen chun caint le bean na muirthéachta teanga ag Misean Oirthear Bhéal Feirste, Linda Ervine. ga Cóipcheart Oideas Gael. Wed, 01 May 2013 10:53:17 GMT http://beo.ie/logo.gif Beo! http://beo.ie/ April http://beo.ie/alt-linda-ervine-oifigeach-forbartha-gaeilge-beal-feir.aspx#comments Alt an-spéisiíuil, seachas an ráiteas a chuir ina luí gurbh Íosa an sóisialaí ba mhó dár mhair ariamh.

Ní raibh Íosa cosúil le Sóisialach ariamh agus ná baol air. Bhí sé thar a bheith sóiléir sna scéalta ba cheart do 'chuile dhuine deirc a dhéanamh ar na bochtain as á chuid féin amháin.

Shuigh Íosa síos os comhair an chiste agus bhí sé ag faire ar an slua ag cur airgid isteach sa chiste, agus chuir a lán de na daoine saibhre mórán isteach ann.
Mar 12:42 Agus tháinig baintreach dhealbh agus chaith sí isteach dhá chianóg, is é sin feoirling.
Mar 12:43 Ghlaoigh sé chuige a dheisceabail, agus dúirt sé leo: "Deirim libh go fírinneach gur mó a chaith an bhaintreach bhocht seo isteach ná mar a chaith aon duine eile dár chaith ann.
Mar 12:44 Óir is den iomarca a bhí acu a chaith an chuid eile isteach, ach chaith sise isteach as a huireasa a raibh aici go léir, a cuid den saol."

Tá an dearcadh seo le fáil i bParabal na dTallan freisin.

Sé lá roimh an gCáisc tháinig Íosa go Béatáine mar a raibh Lazaras a d'ardaigh Íosa ó mhairbh.
Eoi 12:2 Thug siad dinnéar dó ansiúd, dá bhrí sin, agus bhí Marta ag freastal agus Lazaras ar an gcuideachta leis ag an mbord.
Eoi 12:3 Ansin thóg Máire punt meáchain d'ola an-luachmhar, nard dílis, agus rinne sí cosa Íosa a ungadh leis agus iad a chuimilt lena gruaig. Líon an teach de bholadh cumhra na hola.
Eoi 12:4 Ach dúirt duine dá dheisceabail, Iúdás ó Isceiriót, an fear a bhí ar tí a bhraite:
Eoi 12:5 "Cad chuige nár díoladh an ola seo ar thrí chéad déanar agus é a thabhairt do na boicht?"
Eoi 12:6 Ach dúirt sé é sin, ní mar go raibh aon aird aige ar na boicht ach gur ghadaí é agus go mbíodh an sparán aige agus go mbíodh sé ag tarraingt as a gcuirtí ann.

Agus ó na hAitheantaí....

Eax 20:15 Ná déan goid.

Agus ar eagala na heagla nach dtuigtear ar an gcéad chloisteáil go bhfuil Dia an-dairíre faoi sin....

Eax 20:17 Ná santaigh teach do chomharsan; ná santaigh bean do chomharsan, ná a dhaor ná a dhaoirseach, ná a dhamh ná a asal, ná aon ní is leis."

Ní fheicim aon Shóisialachas ar bith, bog ná dian, sa mBíobla. Nó aon rud cosúil leis, fiú.
Wed, 01 May 2013 10:53:17 GMT Seosamh http://beo.ie/alt-linda-ervine-oifigeach-forbartha-gaeilge-beal-feir.aspx#comments Mholfainn tuilleadh staidéir ar na huimhreacha a chairde.
Suas is anuas ar leathmhilliún duine (tharla gur athraíodh na huimhreacha i lár an chéid sin) a tuairiscíodh sa Bhreatain Bhig (1801) agus 1.6 milliún in Albain an bhliain chéanna (1801) in aghaidh:
1.8 milliún sa Bhriotáin (1801) agus 7.7 milliún in Éirinn sa bhliain 1831 (tharla gur loiteadh na daonáirimh roimhe d'aon ghnó). Má áirítear daonra na hÉireann fiú amháin a bheith lúide dhá mhilliún anuas don fiche bliain ó uimhir 1831 (don bhliain 1801), tá iomlán na Briotáine móide na hÉireann thart ar 7 milliún don dá thír Chaitliceacha, Breizh agus Éire.
(Áirigh chomh maith leis an mhéid sin, gur san naoú aois déag a d’athraigh a lán de Chaitliceacha iarthar na hAlban a gcreideamh, mar a tharla in Éirinn thall is abhus fosta.)

Ní dócha mar sin gur líonmhaire méid urnaí i ndiaidh 1600 (ná níor bhaol a bheith amhlaidh roimhe) ag na pobail Phrotastúnacha sna teangacha Ceilteacha. Ghlacfainn lena mhalairt d’áiteamh.
Tue, 30 Apr 2013 23:32:25 GMT timmytoy http://beo.ie/alt-linda-ervine-oifigeach-forbartha-gaeilge-beal-feir.aspx#comments i ndiaidh 1517 ar aon nós :)
Tue, 30 Apr 2013 14:27:40 GMT Seosamh http://beo.ie/alt-linda-ervine-oifigeach-forbartha-gaeilge-beal-feir.aspx#comments .... ó am éigin i ndiaidh, abair, 1600?
Sat, 27 Apr 2013 15:57:51 GMT Páid Ó Donnchú http://beo.ie/alt-linda-ervine-oifigeach-forbartha-gaeilge-beal-feir.aspx#comments An chuid is mó de na paidreacha ráite i dteangacha Ceilteacha, is paidreacha ráite ag Protastúnaigh iad.
Fri, 26 Apr 2013 16:27:01 GMT Pól Réamainn http://beo.ie/alt-linda-ervine-oifigeach-forbartha-gaeilge-beal-feir.aspx#comments Maith thú Linda. Tá tú ina inspioráid agus tá súil agam go éirionn an clár seo. Ní mór don Ghaeilge ceannairí de do scoth.
Sun, 07 Apr 2013 19:22:36 GMT Ciarán Ó Coigligh http://beo.ie/alt-linda-ervine-oifigeach-forbartha-gaeilge-beal-feir.aspx#comments Is iontach go deo an obair atá ar siúl ag Linda Ervine, bail ó Dhia uirthi. Siar sa mbliain 1996 thúsaigh mé féin comhdháil in Inis Meáin, Oileáin Árann, dar teideal 'An Ghaeilge - Teanga an Athmhuintearais'. Ba é iar-Easpag Anglacánach Bhaile Átha Cliath Dónall Caird a d'oscail an chomhdháil agus ba é an tUrramach (ag an am) Garry Hasting a thug ceann de phríomhchainteanna na Comhdhála. Leon Ó Bric Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta (ag an am) a thug ceann eile acu. Bhí seirbhís idirchreidmheach mar dhlúthchuid den Chomhdháil. Is mór an tógáil chroí a bhfuil ar siúl ag Misean Oirthear Bhéal Feirste, ag Séipéal Preispitéireach Shráid Fitzroy agus ag Séipéal Sheoirse i mBéal Feirste ar mhaithe leis an nGaeilge agus leis an athmhuintearas. Is eol dom go bhfuil obair mhór ar bun ag Caitlicigh freisin i Séipéal Mhuire, agus i measc an chomhthionóil Íosánaigh i bPort an Dúnáin agus in áiteanna eile. Tá moladh ar leith ag gabháil don Iontaobhas Ultach as ucht a gcuid oibre i gcaitheamh na mblianta. Nár laga Dia iad uile.
Thu, 04 Apr 2013 15:43:19 GMT