Is iontach go deo an obair atá ar siúl ag Linda Ervine, bail ó Dhia uirthi. Siar sa mbliain 1996 thúsaigh mé féin comhdháil in Inis Meáin, Oileáin Árann, dar teideal 'An Ghaeilge - Teanga an Athmhuintearais'. Ba é iar-Easpag Anglacánach Bhaile Átha Cliath Dónall Caird a d'oscail an chomhdháil agus ba é an tUrramach (ag an am) Garry Hasting a thug ceann de phríomhchainteanna na Comhdhála. Leon Ó Bric Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta (ag an am) a thug ceann eile acu. Bhí seirbhís idirchreidmheach mar dhlúthchuid den Chomhdháil. Is mór an tógáil chroí a bhfuil ar siúl ag Misean Oirthear Bhéal Feirste, ag Séipéal Preispitéireach Shráid Fitzroy agus ag Séipéal Sheoirse i mBéal Feirste ar mhaithe leis an nGaeilge agus leis an athmhuintearas. Is eol dom go bhfuil obair mhór ar bun ag Caitlicigh freisin i Séipéal Mhuire, agus i measc an chomhthionóil Íosánaigh i bPort an Dúnáin agus in áiteanna eile. Tá moladh ar leith ag gabháil don Iontaobhas Ultach as ucht a gcuid oibre i gcaitheamh na mblianta. Nár laga Dia iad uile.