Beo! (freagraí ar: Léargas Nua ar Cás Uí Mhonacháin) http://beo.ie/alt-leargas-nua-ar-cas-ui-mhonachain.aspx#comments Nochtann Breandán Delap a bhfuil i gcomhaid an rialtais sa Chartlann Náisiúnta mar gheall ar chás stairiúil dlí a reáchtáladh tríocha bliain ó shin. ga Cóipcheart Oideas Gael. Sat, 12 Jan 2013 16:33:19 GMT http://beo.ie/logo.gif Beo! http://beo.ie/ S Ní C http://beo.ie/alt-leargas-nua-ar-cas-ui-mhonachain.aspx#comments Ní ionann aistritheoir agus ateangaire a phleidhce. Aistritheoir = translator agus ateangaire = interpreter
Sat, 12 Jan 2013 16:33:19 GMT Finín http://beo.ie/alt-leargas-nua-ar-cas-ui-mhonachain.aspx#comments Ní aontaím le Harpic. Is aoibheann liom Beo agus na haltanna breátha ar nós an chinn seo. Is suíomh thar na beartaibh é. Tá céim sa Ghaeilge agam agus tugann an suíomh deis dom altanna suimiúla a léamh. Rud beag amháin a chuireann isteach orm. Scaití baineann na húdair úsáid as focail nach dtuigim nuair a bhíonn focail níos simplí ann. Cén fáth san alt seo nach bhfuil 'aistritheoir' ann seachas 'ateangaire'. Níor chuala mé an focal ateangaire riamh i mo shaol.
Sat, 12 Jan 2013 09:27:30 GMT Harpic http://beo.ie/alt-leargas-nua-ar-cas-ui-mhonachain.aspx#comments Stácálaí ambaiste
Fri, 11 Jan 2013 15:21:51 GMT Tá 'ios Agam Nach Éinne http://beo.ie/alt-leargas-nua-ar-cas-ui-mhonachain.aspx#comments An ciotal ag tabhairt 'tóin dubh' ar an bpota ambaist. Mar súd a bhíodar lastuaidh den Life lem' chuíne.
Fri, 11 Jan 2013 14:15:37 GMT Harpic http://beo.ie/alt-leargas-nua-ar-cas-ui-mhonachain.aspx#comments Níl aon chall a bheith pearsanta a Nach Éinne. Aon cháineadh a dheinimse bíonn sé dírithe ar na haltanna a bhíonns i m'Beo.' Ba cheart duit an chéad alt san iris seo a léamh
Fri, 11 Jan 2013 09:53:25 GMT Mánas http://beo.ie/alt-leargas-nua-ar-cas-ui-mhonachain.aspx#comments Is fear cróga, misniúil é Tom Ó Monacháin. Is de bharr daoine mar é atá cearta teangan bainte amach ag an ghlúin seo. Bullaí fir a Thomáis!
Mon, 07 Jan 2013 17:20:07 GMT Nach Éinne http://beo.ie/alt-leargas-nua-ar-cas-ui-mhonachain.aspx#comments Cad na thaobh go rabhais'se nimhiúil a Herr Pite nuair a bhí tú le hAer Lingus féin? Níor athraigh tú faic.
(Tá 's agam nach .....)
Mon, 07 Jan 2013 17:15:38 GMT Harpic http://beo.ie/alt-leargas-nua-ar-cas-ui-mhonachain.aspx#comments Is ea a Eoin P ach ní thugann tú aon mhíniú canathaobh gur briseadh an dlí ar dtús báire. Deirim arís é tá scata Gaeilgeoirí ag iarraidh fíneálacha a sheachaint tré dhul i muinín pointí prionsabail sa dlí. Cén fáth nach ndíríonn tú dod fhearg orthu siúd seachas ar mhionfhabhtaí sa chóras dlí. Mo náire thú fhéin.
Sat, 05 Jan 2013 20:36:09 GMT Harpic http://beo.ie/alt-leargas-nua-ar-cas-ui-mhonachain.aspx#comments Moladh ar dtús agus ansin cáineadh.
Moladh: bímse síoraí seasta ag gearán sa mboiscín seo nach mbíonn tada nua ar an suíomh seo ach altanna taistil agus ábhar aistrithe go Gaoluinn. Tá tú le moladh a Bhreandáin as iarracht a dhéanamh rud éigin nua a thabhairt don léitheoir bocht cráite. Dál an scéil nach bocht é go n-áirím rud a tharla daichead bliain ó shin mar ábhar 'nua' ar Beo.
Cáineadh: Ar nós go leor 'iriseoirí' Gaoluinne glacann tú leis go bhfuil an Gaeilgeoir (Ó Monacháin sa gcás seo) ceart i gcónaí. Níl sé sin ráite go díreach agat ach níl an fhírinne ráite agat ach chomh beag: sé sin go raibh éilimh Uí Mhonachán míréasúnta amach is amach agus go raibh an ceart ar fad ag an Stát. Chuile sheans go raibh costas mór ag roinnt leis an gcás seo bíodh is go raibh spárán an stáit folamh. Bheinn ag súil le léirmheas níos grinne ar an mbealach a mbíonn Gaeilgeoirí ag iarraidh fíneálacha a sheachaint tré dhul i muinín pointí prionsabail sa dlí.
Thu, 03 Jan 2013 10:26:13 GMT