Ar éigean tuairim rómhór ann a Harpic. Theip agus teipeann ar an stát gnáthsheirbhísí a chur ar fáil as Gaeilge- msh sa chas seo cad fath go mbeadh ateangaire ann in aon chor, sí an phríomhtheanga oifigiúil í an Ghaeilge agus níl fáth go mbeadh an cosantóir faoi leithcheal de bharr go roghnaíonn sé sí. Ní tharlódh ateangaireacht go Gaeilge ar Bhéarlóir a bheadh ina chosantóir mar seo in aon chor, cé go roghnódh an duine seo an dara teanga dar leis an stát. Os rud é go ndeir an stát go bhfuil an stádas seo aici glacfaidh mé leis is úsáidfead Gaeilge leo. Tig leo sin a athrú má mian leo ach sin an seasamh dleathach ata ann i láthair na huaire. I mbeagán focal tá an stát chomh lag sin ó thaobh na Gaeilge nach féidir leo tú a chúiseamh/a thógail chun cúirte má úsáideann tú Gaeilge. Mo náire iad.
Moladh: bímse síoraí seasta ag gearán sa mboiscín seo nach mbíonn tada nua ar an suíomh seo ach altanna taistil agus ábhar aistrithe go Gaoluinn. Tá tú le moladh a Bhreandáin as iarracht a dhéanamh rud éigin nua a thabhairt don léitheoir bocht cráite. Dál an scéil nach bocht é go n-áirím rud a tharla daichead bliain ó shin mar ábhar 'nua' ar Beo.
Cáineadh: Ar nós go leor 'iriseoirí' Gaoluinne glacann tú leis go bhfuil an Gaeilgeoir (Ó Monacháin sa gcás seo) ceart i gcónaí. Níl sé sin ráite go díreach agat ach níl an fhírinne ráite agat ach chomh beag: sé sin go raibh éilimh Uí Mhonachán míréasúnta amach is amach agus go raibh an ceart ar fad ag an Stát. Chuile sheans go raibh costas mór ag roinnt leis an gcás seo bíodh is go raibh spárán an stáit folamh. Bheinn ag súil le léirmheas níos grinne ar an mbealach a mbíonn Gaeilgeoirí ag iarraidh fíneálacha a sheachaint tré dhul i muinín pointí prionsabail sa dlí.