Is léir ón méid a scríobhann Maoilsheachlainn thuas go bhfuil daoine ann fós i saol na Gaeilge, nach gcreideann iad san a labhair amach faoin mbealach ar chaith 'Domhnall bocht' leo: daoine cosúil le Liam Ó Maolaodha, a raibh misneach do chreidte aige. Dála an scéil, b'é Uinsionn Mac Dubhghaill an chéad iriseoir a chuir an scéal seo os comhair an phobail sa chéad eagrán de CUISLE (Deireadh Fómhair 1998). Thóg sin misneach. Níl aon dabht faoi tá ceisteanna le freagairt ag na Gárdaí i Sráid Fhearchair. Ceist eile: an mba leor an cúis a bhí ag an mbreitheamh leis an cás a chaitheamh amach? Ní dóígh liom é. Shílfeá go raibh neart fianaise eile ann leis an bhfear a chúisiú. Ba cheart go mbeadh an cinneadh sin mar chuid de aon fhiosrúchán chomh maith.
Molaim go mór an t-alt. Faraoir géar nach mbíonn lucht na Gaeilge ag díriú a bhfuinnimh ar réiteach a fháil ar scéalta mar seo seachas ag iarraidh fógraí bóthair móra a chrochadh in airde
> Molaim go mór an t-alt. Faraoir géar nach mbíonn lucht na Gaeilge ag díriú > a bhfuinnimh ar réiteach a fháil ar scéalta mar seo seachas ag iarraidh > fógraí bóthair móra a chrochadh in airde
Ní fheicim an ceangal idir cearta teanga agus líomhairt coirpiúlachta.
Ní cheart aon bhriseash dlí a chosaint. Dá mba shagart é bheadh na meáin ag liúraigj ps ard! Dhein sé éacht ar son na Gaelainne gan dabht agus ní cheart é sin a ligint i ndearmad.