tabhair freagratabhair freagra #1 Fearn 13 Eanáir 2011, 21:07 GMT
Is dona liom go ndearna tú ceangal idir aontumhacht agus mí-úsáid páistí gan fhianaise, gan fhiricí impleachtacha nó deimhnithe ar an gceangal a maíonn tú bheith ann.
Tuige a gcreidfinn focal uaitsa ina dhiaidh sin, má tá tú ag tarraing conclúidí ón gaoth?
Mo náire thú mar iriseoir.
tabhair freagratabhair freagra #2 Ciarán Mac Aonghusa 17 Eanáir 2011, 12:36 GMT
Gach uair a tharraingtear aird ar mhí-úsáid ghnéis san Eaglais Chaitliceach, tarraingtear aird ar cheist na haontumhachta, faoi mar a rinne an Cairdinéal Christoph Schonborn, ard-easpaig na Víne nuair a mhol sé gur chóir scrúdú a dhéanamh ar thionchar na haontumhachta ar dhroch-iompar collaíoch na sagart. Séard a bhí uaimse ná cur síós a dhéanamh ar stair fhíor-speisiúil na haontumhachta féin, in áit an ceangal idir an aontumhacht agus an mhí-úsáid a phlé.

Ar eagla go bhfuil aon mhí-thuiscint ann ba mhaith liom an méid seo a shoiléiriú: is tuataí iad formhór mór na ndaoine a bhaineann mí-úsáid as paistí. Agus i measc na cléire féin, níl ach céadatán fíor-bheag a bhfuil aon cheangal acu leis na huafáis ghránna sna meáin. Is léir go bhfuil fadhb ar leith an an Eaglais Chaitliceach maidir le mí-úsáid áfach. Tá roinnt mhaith cúiseanna taobh thair de. Ina measc tá an dílseacht don institúid, agus don chliarlathas, an dearcadh i dtaobh thábhacht dhlíthe na tíre i gcoinne dlíthe canónta, agus deighilt idir an chléir is uaisle agus an sochaí go ginearálta.

An sagart nach dtig leis a mhóid i dtaobh na haontumhachta a chomhlíonadh, ní bhainfidh sé mí-úsáid as páiste: tosóidh sé caidreamh le bean, faoi mar a dhéanann chuile fhear eile. An té a bhfuil a chuid mothucháin trína chéile i dtaobh na collaíochta, áfach, agus is léir go bhfuil siad ann, tá ar a laghad seans ann, go m-amharcfadh sé ar an tsagartóíreacht mar ghairm bheatha, cionn is go roghnaíonn an sagart bealach ar leith nach luíonn leis na gnáth-nósanna. Ní déarfainn go bhfuil sé seo ar an phríomh-chúis a bhfuil a oiread sin deacrachtaí ag an Eaglais faoi láthair, ach bheinn den tuairim go bhfuil baint aige seo leis an scéal.
tabhair freagratabhair freagra #3 Fearn 18 Eanáir 2011, 20:52 GMT
I dtús báire, a Chiaráin Mhic Aonghusa, is mór agam an dua a chuir tú ort freagra a chur suas anseo. Tá mé buíoch duit.
Tuigim ó ainm an ailt an t-ábhar a roghnaigh tú, ach chuir seoladh d'ailt .i. an tús, fiuchadh fola orm a dhall mé ó éifeacht chorp an ailt.
Ghoin sé m'aire cinnte, ach ghoin sé mé le dearcadh tuathallach gan bhun ar sciorr tú fhéin thart air le dul i mbun d'ábhair. Seo ábhar nach oireann an tsúil ghasta dó. Seo scanall na scanall. Tuigim, b'fhéidir nach raibh mísc sa seoladh seo agat, agus chuig ábhar eile a bhí tú; ach lig tú le tuiscint go raibh ceangal ann. Ní cheadaítear sin i ndea-iriseoireacht, gabhaim orm.
I gcead don Chairdinéal seo, mar is eol duit fhéin, ní hionann moladh agus dearbhú, ná aon rud eile.
Tá mí-úsáid páistí chomh dháiríre nach chóir caitheamh leis i slí éatrom go háirithe nuair a tá tú ina ainm dea-iriseoireachta.
Tugaim isteach do gach rud eile a scríobh tú i d'fhreagra cé nach ligeann seoladh d'ailtsa fós dom an fiuchadh fola a chur díom.

Beir bua
tabhair freagratabhair freagra #4 Seosamh Mac Muirí 19 Eanáir 2011, 09:37 GMT
Níorbh é Ciarán a scríobh an réamhrá a Fhearn. Mise a scríobh.
tabhair freagratabhair freagra #5 Fearn 19 Eanáir 2011, 20:30 GMT
A Sheosaimh Mhic Mhuirí,

An chéad dhá alt ag tosú le " Foilsíodh i mí na Nollag......Eaglais Chaitliceach Rómhánach." a bhí i gceist agam leis an "seolaidh" .
tabhair freagratabhair freagra #6 Gael thar lear 24 Eanáir 2011, 23:56 GMT
Is faoiseamh mór dom gur éiríos as bheith i mo Chaitliceach blianta ó shin ...
tabhair freagratabhair freagra #7 Fearn 25 Eanáir 2011, 00:43 GMT
> Is faoiseamh mór dom gur éiríos as bheith i mo Chaitliceach blianta ó shin
> ...
Go maire tú do nuaíocht......go buan!
tabhair freagratabhair freagra #8 Harp 26 Eanáir 2011, 02:34 GMT
Ar an taobh eile, vis-a-vis Tobmhéadú Daonra sa Tríú Domhan, b’fhearr go mbeadh gach aon duine ag cleachtadh aontumha ann!

A chairde Bono, Bill Gates, Warren Buffet, cuir bratacha ar foluain ar fud na háite:
Stop Screwing!! Stop Screwing!!
tabhair freagratabhair freagra #9 Fearn 27 Eanáir 2011, 21:35 GMT
D'éirigh liom an t-alt iomlán a chur díom faoi dheireadh.
Fág mar a dúirt mé thuas, níl locht agam ar chorp an ailt.
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!