Amharc ar na comharthaí sna 6 Contae! Níl aon treo orthu chuig baile ar bith sa Saorstáit ! 'The South', 'Dublin', 'Monaghan', agus corr baile mór eile, ach níl aon comharthaí ann ár dtreorú chuig na bailte beaga . . . Amhail is gur maith leo a bheith scartha ón gcuid eile den tír. Sin feachtas a chóir a thosú . . .
Fri, 02 Jan 2015 18:42:57 GMT Harp http://beo.ie/alt-ca-bhfuil-ar-dtriall.aspx#comments > Mionrud, i ndáiríre, ach is fiú a réiteach.
> Dea-alt, ach ní thagaim leis an abairt deiridh:"Bhuel, mar a dúirt an té a
> dúirt, ní thosóinn anseo!"
> Déarfainn ba chóir tosú anseo!
A chara
Cad a tharla? A'bhfuil BEO beagnach marbh? no...a'bhfuil BEO beo ar eigean?
Sun, 30 Nov 2014 18:55:52 GMT Fearn http://beo.ie/alt-ca-bhfuil-ar-dtriall.aspx#comments Mionrud, i ndáiríre, ach is fiú a réiteach.
Dea-alt, ach ní thagaim leis an abairt deiridh:"Bhuel, mar a dúirt an té a dúirt, ní thosóinn anseo!"
Déarfainn ba chóir tosú anseo!
Thu, 18 Sep 2014 13:31:42 GMT Conall caoch http://beo.ie/alt-ca-bhfuil-ar-dtriall.aspx#comments vuil aon aicme daoine eile ar domhan chomh dall dúrúnda ramhar leo - maoirleathas beagmhaitheasach na tíre seo a deirim- maidir le hiliomad comharthaí a chrochadh ar fud an bhaill..... an áit foirgthe leo...chuaigh mé féin amú le déanaí ag tiomáint ó BÁC go Corcaigh is a bhfuil de chomharthaí ann! Ba dhóigh le duine go mbeadh sé deacair é sin a dhéanamh ach déanann scata daoine é de dheallramh. Trí huaire a ghabh mé tríd an 'toll' céanna! Clab go cluasa ar bhean an 'toll' (tollbhean!?) nuair a thug mé an 1.90 di don tríú huair (bhí orm casadh ar ais chun gluaiseacht ó dheas arís faoi dhó). A Rí na bhFeart spáráil mé ar chomharthaí (ní áirím bóithre) na hÉireann. B'fhé' go n-ardóidh 'fiontraithe' áirithe iad le crochadh i dTábhairní an Pheaidí ar fud an domhain?
Tue, 16 Sep 2014 16:23:46 GMT seamus o murthaile http://beo.ie/alt-ca-bhfuil-ar-dtriall.aspx#comments Gaeilge lochtach i dteideal an Ailt seo 'Ca bhfuil ar dTriall' ,an ceart, (rud eile ar fad is ea 'triail') dalta mar a bhionn an chomharthaiocht sa tirin aifeiseach ainspainta seo go minic.
Ta buaite glan ag an gceann seo leanas a chonaic me i gCo an Chlair le deanai 'Be Patient'...'Bi id othar', agus ni mar mhagadh ataim biodh gur magadh ar fad is ea e agus scigmhagadh fairis sin. No an ceann i gCill Dara 'Failte go Cill' = 'Welcome to Kill'. No 'PillTown'=Baile an Phoill (Snamha), theastodh piollai chun e sin a shlogadh... Chaith se go raibh lucht an Ordanais sna trithi no ar na startha agus na logainmneacha nua a gcumadh acu. Ni hairim Corcaigh= Cork. Feach an ceannline a bhi sa cheirt aitiuil an Cork Examiner trath da raibh. 'Cork man drowns in river. His name was Bob'. Cuis ghaire chugainn, a chroi.
Sat, 06 Sep 2014 22:01:04 GMT Sorcha http://beo.ie/alt-ca-bhfuil-ar-dtriall.aspx#comments Alt an-mhaith. Seo é an fáth go misseáilfaidh mé Beo. Comhghairdeas lib has ucht a bfhuil déanta agaibh don teanga
Sat, 06 Sep 2014 07:07:15 GMT Peig http://beo.ie/alt-ca-bhfuil-ar-dtriall.aspx#comments Tá an ghráin agam ar na l-bhealaí amaideacha sin
Fri, 05 Sep 2014 14:40:08 GMT Páid Ó Donnchú http://beo.ie/alt-ca-bhfuil-ar-dtriall.aspx#comments Aontaím le seo céad faoin gcéad. Tá go leor acu ann mar gheall ar...
1. Coiste bunaithe chun "forbairt" a dhéanamh ar thurasóireacht nó sábháilteacht nó scéim do chineál eicínt.
2. Airgead fáighte ón Stát le haghaidh poiblíocht.
3. An buiséad á rith amach gan mórán déanta.
4. Comharthaí ceannaithe is crochta gan dearadh ceart gan cead.
5. An tionscnamh thart agus na comharthaí fós ann.
Sampla maith i gcathair na Gaillimhe tá comharthaí leictreonach ag moladh daoine gan carranna a úsáid chun daltaí a thabhairt chun scoile. Níl aon chosán sábháilte tógtha ach tá na millte euro caite
ar chomharthaí.
Seans* go bhfuil tuismitheoirí ag rá "Bhuel tá an bóthar contúirteach ach foc é, tá comhartha ansin ag rá gur cheart na páistí dul ar rothar so léimigí sa diallait."
*Seans beag.
Fri, 05 Sep 2014 11:04:16 GMT Seán Míchaél Ó Donnchadha. http://beo.ie/alt-ca-bhfuil-ar-dtriall.aspx#comments Praiseach déanta de rud éile sa tír seo mar is gnáth.
Wed, 03 Sep 2014 14:58:25 GMT