tabhair freagratabhair freagra #1 Seán Míchaél Ó Donnchadha. 3 Meán Fómhair 2014, 14:58 GMT
Praiseach déanta de rud éile sa tír seo mar is gnáth.
tabhair freagratabhair freagra #2 Páid Ó Donnchú 5 Meán Fómhair 2014, 11:04 GMT
Aontaím le seo céad faoin gcéad. Tá go leor acu ann mar gheall ar...

1. Coiste bunaithe chun "forbairt" a dhéanamh ar thurasóireacht nó sábháilteacht nó scéim do chineál eicínt.
2. Airgead fáighte ón Stát le haghaidh poiblíocht.
3. An buiséad á rith amach gan mórán déanta.
4. Comharthaí ceannaithe is crochta gan dearadh ceart gan cead.
5. An tionscnamh thart agus na comharthaí fós ann.

Sampla maith i gcathair na Gaillimhe tá comharthaí leictreonach ag moladh daoine gan carranna a úsáid chun daltaí a thabhairt chun scoile. Níl aon chosán sábháilte tógtha ach tá na millte euro caite
ar chomharthaí.
Seans* go bhfuil tuismitheoirí ag rá "Bhuel tá an bóthar contúirteach ach foc é, tá comhartha ansin ag rá gur cheart na páistí dul ar rothar so léimigí sa diallait."

*Seans beag.
tabhair freagratabhair freagra #3 Peig 5 Meán Fómhair 2014, 14:40 GMT
Tá an ghráin agam ar na l-bhealaí amaideacha sin
tabhair freagratabhair freagra #4 Sorcha 6 Meán Fómhair 2014, 07:07 GMT
Alt an-mhaith. Seo é an fáth go misseáilfaidh mé Beo. Comhghairdeas lib has ucht a bfhuil déanta agaibh don teanga
tabhair freagratabhair freagra #5 seamus o murthaile 6 Meán Fómhair 2014, 22:01 GMT
Gaeilge lochtach i dteideal an Ailt seo 'Ca bhfuil ar dTriall' ,an ceart, (rud eile ar fad is ea 'triail') dalta mar a bhionn an chomharthaiocht sa tirin aifeiseach ainspainta seo go minic.
Ta buaite glan ag an gceann seo leanas a chonaic me i gCo an Chlair le deanai 'Be Patient'...'Bi id othar', agus ni mar mhagadh ataim biodh gur magadh ar fad is ea e agus scigmhagadh fairis sin. No an ceann i gCill Dara 'Failte go Cill' = 'Welcome to Kill'. No 'PillTown'=Baile an Phoill (Snamha), theastodh piollai chun e sin a shlogadh... Chaith se go raibh lucht an Ordanais sna trithi no ar na startha agus na logainmneacha nua a gcumadh acu. Ni hairim Corcaigh= Cork. Feach an ceannline a bhi sa cheirt aitiuil an Cork Examiner trath da raibh. 'Cork man drowns in river. His name was Bob'. Cuis ghaire chugainn, a chroi.
tabhair freagratabhair freagra #6 Conall caoch 16 Meán Fómhair 2014, 16:23 GMT
vuil aon aicme daoine eile ar domhan chomh dall dúrúnda ramhar leo - maoirleathas beagmhaitheasach na tíre seo a deirim- maidir le hiliomad comharthaí a chrochadh ar fud an bhaill..... an áit foirgthe leo...chuaigh mé féin amú le déanaí ag tiomáint ó BÁC go Corcaigh is a bhfuil de chomharthaí ann! Ba dhóigh le duine go mbeadh sé deacair é sin a dhéanamh ach déanann scata daoine é de dheallramh. Trí huaire a ghabh mé tríd an 'toll' céanna! Clab go cluasa ar bhean an 'toll' (tollbhean!?) nuair a thug mé an 1.90 di don tríú huair (bhí orm casadh ar ais chun gluaiseacht ó dheas arís faoi dhó). A Rí na bhFeart spáráil mé ar chomharthaí (ní áirím bóithre) na hÉireann. B'fhé' go n-ardóidh 'fiontraithe' áirithe iad le crochadh i dTábhairní an Pheaidí ar fud an domhain?
tabhair freagratabhair freagra #7 Fearn 18 Meán Fómhair 2014, 13:31 GMT
Mionrud, i ndáiríre, ach is fiú a réiteach.

Dea-alt, ach ní thagaim leis an abairt deiridh:"Bhuel, mar a dúirt an té a dúirt, ní thosóinn anseo!"
Déarfainn ba chóir tosú anseo!
tabhair freagratabhair freagra #8 Harp 30 Samhain 2014, 18:55 GMT
> Mionrud, i ndáiríre, ach is fiú a réiteach.
> Dea-alt, ach ní thagaim leis an abairt deiridh:"Bhuel, mar a dúirt an té a
> dúirt, ní thosóinn anseo!"
> Déarfainn ba chóir tosú anseo!

A chara
Cad a tharla? A'bhfuil BEO beagnach marbh? no...a'bhfuil BEO beo ar eigean?
tabhair freagratabhair freagra #9 Fearg Dearg 2 Eanáir 2015, 18:42 GMT
Dá mba rud é go raibh siad uilig fágtha i nGaeilge cruinn, gan truailliú litriú déanta orthu, ní bheadh an fhadhb ann is dócha. Is féidir le turasóirí a mbealach a dhéanamh timpeall na cruinne le fadhbannaí chuile áit. Dá réir ní fadhb é barraíocht comharthaí. Má tá breis eolas uaibh faoi comharthaí An Stáit gabh agus ceannaigh 'An Ghaeilge ar Chomharthaí Stáit' le Maura Lynskey. Tá a lán eolas ann faoi comharthaí. ( http:/​/​www.coisceim.ie/​comharthai.html ). Léiróidh a bhfuil idir na clúdaigh cad as a thagann an 'droch-mheas' (nó falsacht) do chomharthaí na tíre seo.
Amharc ar na comharthaí sna 6 Contae! Níl aon treo orthu chuig baile ar bith sa Saorstáit ! 'The South', 'Dublin', 'Monaghan', agus corr baile mór eile, ach níl aon comharthaí ann ár dtreorú chuig na bailte beaga . . . Amhail is gur maith leo a bheith scartha ón gcuid eile den tír. Sin feachtas a chóir a thosú . . .
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!