Beo! (freagraí ar: Bígí Eaglach, Bígí Iontach Eaglach!) http://beo.ie/alt-bigi-eaglach-bigi-iontach-eaglach.aspx#comments Más aon léiriú é na fadhbanna atá ag Roinn na Gaeltachta scéim teanga a aontú le hOifig an Ombudsman, níl Breandán Delap ródhóchasach go mbeidh an Roinn sin in ann don phleanáil teanga sa Ghaeltacht. ga Cóipcheart Oideas Gael. Sat, 01 Sep 2012 15:30:37 GMT http://beo.ie/logo.gif Beo! http://beo.ie/ FearGanAinm http://beo.ie/alt-bigi-eaglach-bigi-iontach-eaglach.aspx#comments Dóchreidte go bhfuil Roinn an Gaeltachta féin, Roinn ar chóir di bheith ag léiriú dea-shampla dúinn uile, ag tarraingt na gcos chomh méid sin nach bhfuil an dara scéim teanga acu aontaithe fós. Ionann is cúig bliana anonn is anall de bhéalghrá gan áireamh. Cén dóchas do na 70 scéim teanga eile a bheith curtha i gcrích. Tada!
Dea-iriseoireacht a Bhreandáin! Maith thú!
Sat, 01 Sep 2012 15:30:37 GMT Éamonn Mac Niallais http://beo.ie/alt-bigi-eaglach-bigi-iontach-eaglach.aspx#comments A mhíshona, a chara, Tá sé fíor go ndearna Guth na Gaeltachta obair mhór stocaireachta leis an Roinn a chosaint ón Bord Snip Nua, ba é sin an chead cuspóir a leag Guth na G romhainn i 2009, feach www.guthnag.com. Is obair dheomach a bhí san obair stocaireachta sin chomh maith leis an obair dheonach eile a dhéanann baill agus tacaítheoirí Ghuth na G sa Ghaeltacht leis an Gaeilge chur chun cionn go háirithe i measc an t-aos óg.
Cén luach saothair a fuair muid ar sin ó Roinn? Rinneadh neamhaird de na moltaí a rinne muid ó thaobh an Scéim úr Tacaíochta Teaghlaigh, rinneadh neamhaird de na leasuithe a mhol muid ar Bhille na Gaeltachta agus tá an Roinn ag bagairt fos ar phost urlabhraí Ghuth na Gaeltachta, Domhnall Ó Cnaimhsí, muna mbíonn sé ina thost faoi chúrsaí Gaeltachta agus Gaeilge. Sílim i bhfianaise an méid sin agus an méid atá tarlaithe le bliain anuas, go bhfuil na ceisteanna atá a chur ag Breandán Delap agus Donnacha ó hÉallaithe go hiomlán dlisteanáach. Go bunúsach, cén ról agus cén aidhm atá ag Roinn na Gaeltachta? Caithdfídh mé rá nach bhfuil sin soiléir domhsa mar dhuine atá ag streachailt ar an talamh sa Ghaeltacht le tsunami an Bhéarla a choinneáil síar. Cluinim cuid mhór reitric ach ní fheicim aon ghníomh ar an talamh ach a mhalairt.
Wed, 29 Aug 2012 13:03:24 GMT Páid Ó Donnchú http://beo.ie/alt-bigi-eaglach-bigi-iontach-eaglach.aspx#comments Bhuel Míshona, má tá tú críochnaithe le hionsaithe pearsanta ar Dhonncha agus an scríbhneoir, inis dúinn cén freagra atá agat ar no pointí ardaithe san alt. Nó an bhfuilimid uilig 'claonta' agus ag iarradh scian a chur i ndroim phobail na Gaolainne?
Tue, 21 Aug 2012 12:44:10 GMT Míshona http://beo.ie/alt-bigi-eaglach-bigi-iontach-eaglach.aspx#comments In ainm chroim a Dhonncha cop on. Tar éis an obair ar fad a rinne Guth na Gaeltachta agus an Conradh leis an Roinn a choimeád tá tusa ag cur an scian i ndroim phobail na Gaolainne. Bheadh áthas ar Cholm McCarthy an tuairim sin a chloisteáil uait. Níl an Roinn gan lucht ach tá sé mí-cheart alt den chineál seo a chur chun cinn. Eisceacht ab ea scéim Fear an Phobail ach tá tablóideachas ar siúl ag Delap agus ag Beo ag iarraidh a chur ina luí orainn go bhfuil aon cheangal idir é sin agus Acht na Gaeltachta. Cheapfainn gur thosaigh an t-iriseoir le tuairim chlaonta frith-Roinne agus gur chuir sé an sampla fánach, suarach seo chun cinn mar shampla den gcaoi a oibríonn an Roinn. Tablóideachas den chineál is measa a eagarthóir. Níl ach rud amháin maith faoi: tháinig Donncha amach as an gcloset lena fhuath don Roinn a léiriú. Níl saoi gan lucht a mhicó.
Sun, 12 Aug 2012 16:52:41 GMT Donncha Ó hÉallaithe http://beo.ie/alt-bigi-eaglach-bigi-iontach-eaglach.aspx#comments Bhíodh Coimeasár do Reilgiún acu i Soibhéad na Rúise, le linn réimeas na gCommunaí, lena chinntiú nach mbeadh an reiligiún ag déanamh aon dul chun cinn i measc an phobail. Braithim go bhfuil an ról céanna, le blianta beaga anuas, ag Roinn na Gaeltachta maidir leis an nGaeilge, . B'é Roinn na Gaeltachta a mhol do Bhord Snip go mba cheart deire a chur le Údarás na Gaeltachta; b'é an Roinn a chuir deire le Scéim Labhairt na Gaeilge gan aon cheo fiúntach a chur ina áit; sé Roinn na Gaeltachta a mhol don Rialtas OIfig an Coimiséara Teanga a chur isteach faoi Oifig an Ombudsman; sé Roinn na Gaeltachta atá ag déanamh praiseach de próiséas na Scéimeanna Teanga, mar atá léirithe go soiléir san alt seo agus sé Roinn na Gaeltachta a chuir an Bille uafásach Gaeltachta le chéile, atá anois achtaithe in ainneoin easpa tacaíochta ón bpobal Gaeltachta agus ón bpobal Ghaeilge. B'fhéidir go bhfuil an am tagaithe go mba chóir an cheist a chur, an fearr ann é gan Roinn na Gaeltachta? Ta amhras ormsa ag an bpoinnte seo.
Fri, 10 Aug 2012 12:04:14 GMT S N C http://beo.ie/alt-bigi-eaglach-bigi-iontach-eaglach.aspx#comments Mar a dheirtí i mBéarla DAMNING
Thu, 09 Aug 2012 09:40:51 GMT Oscar http://beo.ie/alt-bigi-eaglach-bigi-iontach-eaglach.aspx#comments Tost. Níl aon fhreagra ag an Roinn mar nach bhfuil siad eagraithe a dhóthain chun freagra a thabhairt. Bíonn an fhírinne searbh...
Wed, 08 Aug 2012 14:31:45 GMT Páid Ó Donnchú http://beo.ie/alt-bigi-eaglach-bigi-iontach-eaglach.aspx#comments Tuigim go bhfuil beo.ie léite ar an gCoisméig Mór. Mar sin, agus Bille na Gaeltachta achtaithe, an bhfuil freagra ag éinne sa Roinn ar na poíntí ardaithe anseo?
Sat, 04 Aug 2012 23:49:52 GMT