Beo! (freagraí ar: Anord san Úcráin) http://beo.ie/alt-anord-san-ucrain.aspx#comments Chaith Ciarán Mac Aonghusa a shúil ar thír a bhí corraithe go mór is go dona anuas na blianta, tír a throid in aghaidh na Naitsithe agus na Rúiseach anuas go 1956, An Úcráin. ga Cóipcheart Oideas Gael. Fri, 14 Mar 2014 12:03:13 GMT http://beo.ie/logo.gif Beo! http://beo.ie/ Fearn http://beo.ie/alt-anord-san-ucrain.aspx#comments Is iontach go deo na tuairimí i dtaobh na hÚcraine, na Crime agus go bhfóire Diar orainn, an Oiscéit Theas.

Nach bhfuil sibh uile sásta i gCiamh?
Fri, 14 Mar 2014 12:03:13 GMT Conchubhar Ó Dálaigh http://beo.ie/alt-anord-san-ucrain.aspx#comments .. do 'Vitaly' THUAS, ba chóir dom a rá..!
Wed, 12 Mar 2014 12:24:43 GMT Conchubhar Ó Dálaigh http://beo.ie/alt-anord-san-ucrain.aspx#comments Mholfainn do Beo.ie cuireadh a thabhairt do 'Vitaly' thíos an chéad alt eile a scríobh maidir leis an Úcráin.

Is léir go bhfuil cur amach faoi leith aige, mar shaoránach na Rúise, ar an ábhar.

Thug sé bunús don méid a bhí le rá aige. Tuilleadh den sórt sin ag taisteáil!
Wed, 12 Mar 2014 11:35:43 GMT Vitaly http://beo.ie/alt-anord-san-ucrain.aspx#comments At the border control: - Nationality? - Russian. - Occupation? - No, just visiting...))))

Dearcadh ón Rúis mar gheall ar an Úcráin:

Is í an príomhchúis leis an muirthéacht Úcráineach ná bearta an Uachtaráin, Victor Yanukovich. Gadaí leis an taithí príosúnach is ea é, agus ní raibh rud ar bith idir lámha aige ach robáil na tíre. Bhí tacaíocht éigin do Yanukovich san oirthear na tíre sa todhchan-2010, ach anois níl, mar thoradh ar a ghníomhaíochtaí. Ní raibh rialtas Yuschenko\Timoshenko (2005-10) go héifeachtach ach an oiread, sin an fáth gur chaill siad todhchan-2010. Ach d’éirigh le Yanukovich feidhmiú i bhfad níos measa ná a réamhtheachtaí, ní raibh sé gnóthach ar feadh 4 bliana le rud ar bith ach gadaíocht. In ainneoin sin, bhí pobal na tíre sásta fanacht go dtí an chéad todhchan eile (2015). Ach dhiultaigh sé conradh leis an tAE a shiniú. Tá a fhios ag gach éinne cad a tharla ina dhiaidh.

Is cosúil go bhfuil an-eagla ar Phutin go dtarlódh a leithéid sa Rúis. Mar sin, tá clúdach na n-imeachtaí Úcráineacha sa Rúis thar a bheith claonta. Níl ann ach bolscaireacht lom garbh. De réir teilifís Rúiseach, níl sna lucht agoidíochta ach “fascists”, “gangsters” agus dúnmharfóirí, atá ar tí marú gach éinne a labhraíonn Rúisis. Mar sin, caithfimid na Rúisigh a chosaint. Ba cheart agus choir ionradh a dhéanamh ar an Úcráin – ní “ionradh” é i ndáiríre, ach filleadh don tír a bhí linnse tráth, agus cúnamh do “dheartháireacha”. Tá gach éinne atá i gcoinne an ionraidh ina namhad na Rúise agus ceannaithe ag Meiriceánaigh. Is é “An t-Iarthar” cúis le gach trioblóid san Úcráin agus le gach fadhb sa Rúis. Is léir dom féin gur ionann ar a lán bhealaí an bolscaireacht sin agus Propaganda sa Ghearmáin sna 30-dí.

An gcreidtear sa Rúis sa mhéid atá le cloistint ón meáin? Tá, caithfidh me admháil. Tá sé an-éasca agus an-taitneamhach “tírghráthóir” a thabhairt ort féin agus tacú le ionradh (nó mar a deirtear, “athaontú na dtíortha Rúiseacha stairiúla”). Tá sé i bhfad níos deacra dúinn teacht ar thuiscint gur tír eile neamhspleach í an Úcráin. Nílim ag magadh: smaoiníonn muid ó thaobh Úcráin de mar “cuid eile den Rúis”. Níor mhaith liom maitheamh “smaointí impireachta” i measc mo mhuintir féin, agus ní féidir ionradh a mhaitheamh in aon chor. Ach tá “cuimhne stairiúil” an-láidir sa Rúis i ndáiríre (go háirithe ag daoine fásta) go gcaithfimid maireachtaint le hÚcráin gan teorainn ar bith eadrainn, mar a bhíodh go dtí 1991.

Is léir go dtaitníonn an “chraic thírghrách” seo le Rí na Rúise. Tá geilleagar na tíre ina chíor thuathail, agus muintir na tíre ag éirí níos boichte ón mbliain go bliain (agus praghsanna ola ag éirí níos airde!) Mar sin, níl ach buntáistí do Phutin i rannpháirtíocht sa choimhlint Úcráineach. Tá aird an phobail dírithe ar an Úcráin (seachas fadhbanna eacnamaíochta nó caimiléireacht chrua de chuid Phutin agus a “fhoireann”). Táthar ag déanamh iomha “bailitheóra na dtíortha Rúiseacha stairiúla” do Phutin sna meáin. Tá formhór de mhuintir na Rúise ar aon intinn le Putin.Tá a ráta (rating) níos airde ná mar a bhí riamh. Agus anuas air sin, tá gach seans aige fáil réidh leis na raonta deireannacha daonlachais atá fagtha fós. Níor mhaith linn a leithéid de trioblóidí le teacht go dtí an Rúis, mar sin tá cead ag an Uachtarán gach rud is mian leis a dhéanamh in aghaidh lucht freasúra, agus in aghaidh gach éinne atá ag leiriú mishástachta. Saol bog ag Putin anois, nach ea? Go deimhin, cosnóidh (agus cosnaíonn faoi lathair) feachtas Úcráineach Phutin an méid uafasach airgid do ghnáthdhaoine, ach is cuma leis.

Cad atá i ndán don Úcráin? Blianta an-chrua, ceapaim. Tá geilleagar na tíre beagnach scriosta, agus níl aon chlár eacnamaíochta soiléir ag polaireoir ar bith sa tír. Ach, ar a laghad, tá deis ag muintir na hÚcráine tír féin nua a thógáil féin.

PS Comhghairdeachas do Seán Ó Sé agus Medlagoyd – tá dearcadh céanna agaibh agus le hUachtarán na Rúise, chomh maith le formhór de mhuintir na Rúise.
Wed, 12 Mar 2014 06:48:54 GMT Medlagoyd http://beo.ie/alt-anord-san-ucrain.aspx#comments "Maraíodh beagnach céad duine. "
is dúnmharfóirí Yatsenyuk, Klichko, Turchinov agus a ndaoine.
"agus d’fhág sé an Chív. "
Abair liom cad ina thaobh gur d’fhág sé? mar tá cumhacht ag dúnmharfóirí anois.
Éire, fág an tAE. Beidh gnóthaí mar san Ghréig, san Chipir, nó san Spáinn ag Éireannach.
Sun, 09 Mar 2014 15:38:28 GMT Medlagoyd http://beo.ie/alt-anord-san-ucrain.aspx#comments Dia dhaoibh! Is trua liom gur tháinig ionfhabhtaíocht go hÉirinn ón Bhreatain agus ó SAM.
Agus tuigim anois cad ina thaobh go bhfuil daoine eorpach mar zombie nuair a chím ar an dtéacs so:"aidhm ag an AE tionchar a imirt ar a chomharsanacht ar mhaithe le cúrsaí trádála, cúrsaí síochána, agus, le bheith fírinneach, cúrsaí geopholaitíochta. Ach go hiondúil imríonn an tAE go fadtéarmach, malltriallach. Baineann sé úsáid as an “bhog-chumhacht”"

Le blianta beaga anuas tá teannas idir an AE agus an Rúis. Rinne an Rúis ionradh ar an tSeoirsia sa bhliain 2008 in ainneoin an gearán láidir a rinne an tAE. Is ana-bhréag í:
- bíodh an tAE ag féachaint nuair a bhíodh laochra Saakashvili ag marú daoine na hOiséite Theas, do leog SAM agus a chomhghuaillithe do uachtarán na Seoirsia dúnmharuithe a dhéanamh.
Sun, 09 Mar 2014 14:49:25 GMT Eoin Ó Loingsigh http://beo.ie/alt-anord-san-ucrain.aspx#comments Na Séanadh Chontae atá i gceist mar sin. Tuigim.
Sat, 08 Mar 2014 09:21:31 GMT Deó MacUasal http://beo.ie/alt-anord-san-ucrain.aspx#comments Ó Loinsigh Uas.
Ní shea na cinn sin ach an ceann úd a gcuirtear oráistí - timpeall sé is fiche míle lastuas de Theach Lying, abhí i gceist agam
Sat, 08 Mar 2014 00:50:08 GMT Eoin Ó Loingsigh http://beo.ie/alt-anord-san-ucrain.aspx#comments An Tuaisceart Beag = Tír Chonaill agus Inis Eoghain? Inis Tuaisceart?
Fri, 07 Mar 2014 14:54:43 GMT Deó MacUasal http://beo.ie/alt-anord-san-ucrain.aspx#comments An Tuaisceart Beag... an bhfuil sé agat...na sé contae...duh!
Fri, 07 Mar 2014 11:53:07 GMT Brian Ó Ruairc http://beo.ie/alt-anord-san-ucrain.aspx#comments Is mithid a gceart a roinnt leis na Tatair, a dtithe agus a dtailte a thabhairt ar ais dóibh agus thairis sin, iad a chúiteamh as a ndíbirt, a ngéibheann sa tSíbéir agus as a marú i rith an ama.
Fri, 07 Mar 2014 09:02:37 GMT Deó MacUasal http://beo.ie/alt-anord-san-ucrain.aspx#comments Is mithid do na Rúisigh an Tuaisceart Beag a fhágáil!
Thu, 06 Mar 2014 22:52:03 GMT Seán Ó Sé http://beo.ie/alt-anord-san-ucrain.aspx#comments Claonta-rinne an tSeoirsia ionradh ar South Ossetia (agus do bhris siad comhaontú síochanta idirnáisiúnta), d'ionsaigh siad sibhialtaigh na háite sin, agus do sheol an Rúis saighdiúirí chun na sibhialtaigh seo a chosaint. Faoi dheireadh, do cháin an tAE an tSeoirsia as ucht é seo. Cén fáth nach ndearna tú trácht ar seo san alt?

Agus chomh maith, i 2010 do rinne pobal na hÚcráine breith ar Viktor Yushenko, agus ní bhfuair sé ach 4% den vóta. Is soiléir gur theip iomlán a bhí sa an mhuirthéacht fhlannbhuí (agus an mhuirthéacht seo maoinithe ag an iarthar).

Freisin, chomh maith leis an mhuirthéacht fhlannbhuí, d'íoc an iarthar as muirthéacht an Róis, agus do thosaigh ceannaire na muirthéachta sin cogadh leis an Rúis.
Thu, 06 Mar 2014 07:30:22 GMT Fearn http://beo.ie/alt-anord-san-ucrain.aspx#comments Alt maith.
Tue, 04 Mar 2014 12:31:27 GMT