Ar an drochuair, is ann do “Polasaí náisiúnta ó thaobh an tumoideachais de” is é sin le rá an luath-thumadh iomlán a chosc agus an Roinn Oideachais ar bís lena chur i bhfeidhm.
Tá sé ina scothchleachtas i scoileanna a mhúineann trí mheán na teanga mionlaithe gan teanga an mhóraimh a mhúineadh go dtí go mbeidh greim ceart ag na dalta – ar meascán idir cainteoirí dúchais agus foghlaimeoirí iad – ar an teanga mionlaithe. Go praiticiúil is ionann é seo agus gan Béarla a mhúineadh go dtí deireadh na bliana sna naíonáin sinsir nó go dtí Rang a hAon.
Bíonn a rian sin ar na daltaí agus i bhfad níos mó Gaeilge á labhairt acu eatarthu féin sna scoileanna ina gcleachtar é, gan trácht ar a gcuid Gaeilge a bheith níos saibhre agus níos cruinne. Ar ndóigh, tá dlúthchealgal idir an dá rud – ní labhróidh páistí teanga nach féidir leo ceart a bhaint di.
Anuas air sin, bíonn torthaí Béarla na ndaltaí sna scoileanna luath-thumtha seo i bhfad chun cinn ar an meán náisiúnta de réir scrúduithe caighdeánaithe na Roinne Oideachais féin.
Tá an cleachtas seo i bhfeidhm i roinnt scoileanna Gaeltachta agus is é a bhí i bhfeidhm ar fud na tíre (go hoifigiúil) ó bhunú an Stáit go dtí na seachtóidí.
Is é an t-éileamh a theastaíonn sa Ghaeltacht ná an luath-thumadh iomlán sna ranganna naíonáin sna scoileanna ar mian leo fanacht sa Ghaeltacht (cead ag Belmullet a rogha ruda a dhéanamh) má táimid le teacht slán as an tsáinn seo. Ní bheidh breith ar ár n-áiféala againn ar ball.

Ní maith liom an focal ról. Bheadh obair, feidhm nó páirt níos fearr.
Ní fhaca riamh todhchaí in aon leabhar. Ní gá é.