Tá an scannán [i]Kings[/i], a insíonn scéal cairde a chuaigh ar imirce go Londain sna seachtóidí, le feiceáil i bpictiúrlanna in Éirinn faoi láthair. Tá ardmholadh á fháil aige agus táthar ag rá go bhféadfadh sé a bheith san iomaíocht d’ainmniúchán Oscar. Labhair Robert McMillen le Tom Collins, stiúrthóir an scannáin, le gairid.
I lár na seachtóidí, chuaigh scaifte fear óg ó iarthar na hÉireann anonn go Londain. Bhí siad lán dóchais agus uaillméine, iad ag súil go raibh saol níos fearr i ndán dóibh, in áit a mbeadh siad mar ríthe. Ach nuair a bhuaileann siad le chéile 30 bliain ina dhiaidh sin, tá Jackie, an duine ab óige acu, marbh. Cuid de na fir seo, bhí saol crua acu sna 30 bliain sin. Níl na matáin chomh láidir is a bhí, agus tá a ndóchas ídithe mar thoradh ar a bheith ag obair ar bhóithre agus ar láithreáin tógála na Breataine. Tá díomá anois in áit an dóchais.
De réir a chéile, faigheann muid amach cad ba chúis le bás Jackie, agus scaoiltear rúin a coinníodh i bhfolach le fada an lá. Sa deireadh, foghlaimíonn na fir gurb iad do chairde a bhriseann do chroí, agus gurb iad do chairde atá in ann é a shábháil.
Seo achoimre bheag ar Kings, scannán Gaeilge atá i mbéal an phobail anseo in Éirinn ach atá ag tarraingt airde air féin i Meiriceá fosta.
Insíonn Kings scéal glúine atá caillte, i scannán atá lán daonnachta agus mothúchán. Is scéal é a bhfuil macalla ann, ní hamháin do na Éireannaigh, den saol seo atá ag athrú ar ardluas.
* *Ba dhoiligh duine níos fearr a fháil le scannán mar seo a dhéanamh ná Tom Collins. I dtús a shaoil oibre fiche bliain ó shin, chaith an fear seo as Doire seal ag obair mar lódálaí clabaire. Ina dhiaidh sin, rinne sé an t-iliomad cláracha pobail agus míreanna nuachta sular
oibrigh sé ar chlár conspóideach do Channel 4 dar teideal "Mother Ireland", clár a bhain le mná agus an náisiúnachas. Bhí Bernadette McAliskey agus Margaret McCurtain ar an chlár, chomh maith le Máiréad Farrell. Cuireadh an t-agallamh ar Mhairéad Farrell cúpla mí sular maraíodh í i nGiobráltar. Ní nach ionadh, mar sin, cuireadh cosc ar an scannán faoi na rialacha úra cinsireachta a chuir rialtas Margaret Thatcher i bhfeidhm i mí Dheireadh Fómhair na bliana 1988.
Rinne Tom scannán eile a stiúradh dar teideal Hush-a-Bye Baby, ar dhráma é, agus tá seans ann go stiúrfaidh sé scannán bunaithe ar leabhar de chuid Séamus Deane, a bhfuil Reading in the Dark mar theideal air, san am atá romhainn. Ach cad é mar a thosaigh an fear óg seo as Taobh an Bhogaigh i nDoire Cholmcille ag obair sa tionscal scannánaíochta?
“Bhuel, bhí suim riamh agam sa ghrianghrafadóireacht. Bhí mé maith go leor ó thaobh na grianghrafadóireachta de ar feadh mo shaoil, ach i 1984 tháinig scaifte againn le chéile – mé féin, Margot Harkin, Ann Crilly, Jim Curran, Brendan McMenamin – leis an Derry Film and Video Collective [DFVC] a chur ar bun. Fuair muid maoiniú ó Channel 4 agus ba é an chéad scannán a rinne muid ná Hush-a-Bye Baby. Rinne mise an scannán sin a stiúradh, agus tá mé ag stiúradh ó shin i leith.
“Bhí sé chomh simplí sin; bhí Channel Four ag an am ag cuartú ábhair agus thug léiritheoir Breathnach darbh ainm Karl Francis cuireadh dom dul chun na Breataine Bige le bheith mar léiritheoir cúnta ar scannán dá chuidsean. Ansin, nuair a tháinig mé ar ais, ba mhian le Margot Harkin dráma a bheadh suite i nDoire a dhéanamh. Mar sin a rinneadh Hush-a-Bye Baby.”
Baineann *Hush-a-Bye Baby *le cailín óg neamhphósta as Doire atá ag iompar clainne. Tá neamhchinnteacht uirthi maidir le hachan rud. An chóir di an scéal a insint dá tuismitheoirí? Cad é dhéarfadh an sagart? An gcuideoidh an Mhaighdean Mhuire léi? An bhfaighidh sí ginmhilleadh?
Bhí gné pholaitiúil ag baint i gcónaí le saothar an DFVC, ach ba chathair an-pholaitiúil riamh í Doire.
“Is as an Bog [Taobh an Bhogaigh] mé, agus shíl muid go raibh daoine ag teacht isteach ón taobh amuigh agus ag baint úsáide as an Tuaisceart mar chineál goldfish bowl. Dhéanadh siad a gcuid scannán, ach ní bhaineadh siad úsáid as an tallann áitiúil ó thaobh aisteoirí nó foirne."“Bhí mise i mo chathaoirleach ar an bhrainse áitiúil de BECTU [Broadcasting, Entertainment, Cinematograph and Theatre Union] ansin agus ní fhaigheadh fir mhaithe jabanna mar go dtagadh oibrithe isteach ó Shasana. Agus an jab déanta acu, d’imíodh siad. Mar sin, bhí muidne ag iarraidh jabanna a chur ar fáil do mhuintir Dhoire.”
Ach nuair a tháinig deireadh le maoiniú Channel 4, tháinig deireadh leis an DFVC fosta. Bhí taithí iontach faighte ag Tom, áfach, ó bheith ag obair ansin. Tá cúig scannán déag faisnéise déanta aige agus is é “Teenage Kicks”, faoin bhanna ceoil The Undertones, an ceann is clúití acu. Mar sin, tá taithí fhada ag an Choileánach ar an ealaín déanta scannán. Ag tabhairt faoi KingsAch cén fáth ar chuir sé spéis an chéad lá riamh i ndráma de chuid Jimmy Murphy dar teideal Kings of the *Kilburn High Road,* an saothar ar a bhfuil an scannán Kings bunaithe.
“Bhuel, chonaic mé an dráma é féin in Amharclann an Tricycle - an áit is fearr
ar domhan le hé a fheiceáil - agus bhí mé faoi dhraíocht ag an lucht féachana. Is dráma é atá thar a bheith go maith, ach, anuas air sin, ag pointe amháin bhí an chuma ar an lucht féachana gur chuid den dráma iad, gur bhraith siad ceangal fisiciúil, chóir a bheith, leis an scéal a bhí á insint ar an ardán. Bhí sé an-aisteach.
“Ina dhiaidh sin, bhuail mé le hÉireannaigh - Gaeilgeoirí i Londain a bhí gan dídean - agus shíl mé gur feiniméan folaithe a bhí ann, go raibh glúin daoine nach labhraíonn muid orthu caillte againn.
“Meastar gur daoine de bhunadh an deiscirt amháin atá iontu, ach bhuail mé féin le fear as baile Aontroma a raibh cónaí air ar na sráideanna. Thosaigh mé ag smaoineamh ar an dóigh a mbaineann cuid de na Sasanaigh úsáid as an fhocal Paddy. Rith go leor smaointe eile liom, agus chinn mé go raibh ábhar scannáin ansin.”
Ní hionann dráma ardáin Murphy agus an scannán. Scríobh Tom scéal cúlrach a bhain le hácaeirí na Gaillimhe thiar i gConamara, scéal cúlrach a dhéanfadh scéal na lads 30 bliain níos moille níos sothuigthe.
“Shíl mé gur chóir go mbeadh an áit dúchais an-tábhachtach go fóill i saol na gcarachtar agus theastaigh uaim go mbeadh an smaoineamh sin an-fhísiúil. Mar sin, lonnaigh mé i gConamara iad ag tús an scannáin, agus ar an dóigh sin thiocfadh liom scéal faoi na hácaeirí agus ‘Red Sails in the Sunset’ a shníomh isteach.”
Is próiseas an-orgánach é déanamh scannáin, ina bhfuil céimeanna éagsúla leanúnacha le glacadh.
“Tagann smaointe áirithe agus imíonn smaointe eile, ach tagann an script le chéile ag an deireadh. Ansin, tosaíonn tú ag obair leis na haisteoirí agus bíonn smaointe acu. Roimh i bhfad, tá athchóiriú i gceist."
Ní raibh baint ag Jimmy Murphy le scríobh na scripte, rud a bhí “cróga”, dar le Collins.
“Rinne mé an chéad rogha ar an dráma a cheannach ceithre bliana ó shin, agus dúirt mé le Jimmy go raibh mé ag iarraidh mo scéal féin a dhéanamh de. Ó tharla go raibh aithne againn ar a chéile, thug sé cead dom déanamh amhlaidh."
Go luath sa phróiseas, d’aithin Collins go mbeadh an Ghaeilge an-tábhachtach sa scannán.
“Bhí mé ag iarraidh seift shimplí a úsáid a léireodh gurbh as áit choimhthíoch iad na lads seo agus go raibh rud acu a dtiocfadh leo greim a choinneáil air - is é sin, a bhféiniúlacht. Sin an fáth gur gheall siad go labhródh siad Gaeilge lena chéile feasta go deo.
“Is é mana na lads ná ‘all for one, one for all’, agus bhí coincheap na buíne cairde an-tábhachtach sa scéal ach bhí sé millteach fosta – ní dhearna an bhuíon aon dul chun cinn ina saol. Insíodh bréaga agus coinníodh rúin leis an chaidreamh bréagach seo a choinneáil ag dul.
“Tá fir ann a chreideann sa treabh, a chreideann sa bhuíon – bhí na carachtair mar chuid den gang agus bhí an tÉireannachas mar chuid lárnach dá bhféiniúlacht.
“Coinníonn buíonta siar thú, ach cuidíonn siad leat chomh maith. Baineann sé leis an eagla a bhíonn ar dhaoine roimh a bheith ag bogadh chun cinn. D’fhág na gasúir shaonta seo Éire na seachtóidí agus bhog siad go sochaí ilchultúrtha agus sílim gur bhain sé sin croitheadh astu. Thosaigh siad ag ól agus níorbh aon chuidiú dóibh é an t-oideachas Caitliceach a fuair siad. Mar sin, ní raibh siad in ann déileáil leis na fadhbanna a bhí rompu.
“Brus a bhí iontu, agus baineann an scannán le daoine a mbreathnaítear orthu mar bhrus na sochaithe."
Téann Kings i ngleic leis na ceisteanna móra atá a gcur faoi láthair fá dtaobh d’asamhlú na n-imirceach in Éirinn agus sa Bhreatain. Mar shampla, tá Joe – páirt an aisteora Colm Meaney sa scannán – ar an duine is rathúla den bhuíon chairde, ach tiontaíonn seisean in éadan na Gaeilge. Chinn sé go luath go mbeadh sé ina shár-rachmasaí dá mbeadh sé chun a bheith ina rachmasaí ar chor ar bith.
Ach tá an bheirt eile, Git agus Jap – páirteanna na n-aisteoirí Brendan Conroy agus Dónal O’Kelly faoi seach – mar “chompás morálta” an scannáin, mar a thugann Collins orthu. Ní thig leo asamhlú a dhéanamh agus ní thig leo na constaicí a shárú ar chúiseanna éagsúla.
Mar sin, bhí siad i Sasana, ach b’fhearr leo a bheith ar ais in Éirinn. Sin ráite, dá dtiocfadh siad ar ais chun an tíre seo, bheadh siad ina* *n-éin chorra anseo fosta.
The Aisling ProjectTugann Tom Collins an-aird ar thionscnamh darb ainm The Aisling Project. Tá siadsan ag iarraidh rud iontach simplí a dhéanamh – daoine a chuaigh ar imirce a thabhairt ó Londain le bualadh lena dteaghlach ar ais in Éirinn. Is rud é atá iontach simplí, ach iontach casta ag an am chéanna.
“Mothaíonn na daoine atá i Sasana ciontach mar gur fhág siad a dteaghlach anseo in Éirinn agus mothaíonn siad ciontach go ndearna siad dearmad ar na gaolta abhus. Tá sé casta."
Tá leisce ar Collins a rá go bhfuil teachtaireacht sa scannán, ach tá. Ní dhéanann Collins na teachtaireachtaí a shá síos scornach an lucht féachana, ach tá siad ann, séimh agus macánta.
“Tá sé contúirteach teachtaireachtaí a chur i scannáin – gura slán an scéalaí! Baineann an scannán le fir sna seachtóidí, ach baineann sé le fir an lae inniu chomh maith.
“Is é an rud ba mhaith liom a chur in iúl ná go bhfuil cúraimí sóisialta orainn anois in Éirinn i ré an Tíogair Cheiltigh. D’fhág na carachtair seo Éire ar chúiseanna eacnamúla. Ní raibh obair ar fáil in Éirinn. Chuaigh siad go Sasana, rinne siad a seacht ndícheall ach anois tá siad níos sine, caite agus spíonta. Agus tá muidne ag tabhairt neamhairde orthu. Sin an fhirinne."
Má amharcann tú ar na staitisticí, tá na hÉireannaigh cóngarach do bharr an liosta maidir le ráchairt ar sheirbhísí síceolaíochta. De réir tuarascála de chuid na heagraíochta sláinte Mind: “Irish people have the highest rates of admission to psychiatric hospitals in the UK”, agus “They are almosttwice as likely to be hospitalised for mental distress than their native-born counterparts”.
Deir Mind fosta go bhfuil saol na nÉireannach thall chomh deacair is atá sé do na mionlaigh shofheicthe, is é sin, na daoine gorma agus daoine ón Áis. Tá na fadhbanna céanna acu maidir le leatrom is atá ag daoine gorma, ach ní mheasann na húdaráis go bhfuil Éireannaigh i dteideal na seirbhísí agus na cosanta a chuirtear ar fáil do mhionlaigh eile. Níl fáil acu ar na seirbhísí seo in ainneoin go léiríonn taighde gurb iad na fir Éireannacha an t-aon ghrúpa imirceach amháin ar tháinig ísliú ar a n-ionchas saoil i ndiaidh dóibh teacht go Sasana.
“Níl mé ag iarraidh a bheith ag seanmóireacht sa scannán nó ag tabhairt léachta, agus ní deirim sa scannán é, ach ba mhaith liom dá gcuirfeadh daoine an cheist orthu féin, ‘Cá bhfuil Uncle Jimmy’, nó ‘Cá bhfuil Aunty Mary’. Ba mhaith dá smaoineodh an lucht féachana ar na daoine a d’imigh anonn fada ó shin."
Agus níor fhoghlaim na hÉireannaigh ceachtanna ar bith óná stair féin, dar le Collins, agus is léiriú air sin an dóigh a mbíonn muid ag plé le neamhnáisiúnaigh.
“Tá muid ag tabhairt neamhairde ar na hinimircigh a tháinig chun na tíre seo. Tá muid ag tabhairt neamhairde ar na daoine a tháinig anseo chun ár mbusanna a choinneáil ag dul agus chun an obair shalach a dhéanamh dúinn. Agus is muidne an náisiún a chuir ár n-aos óg féin go tíortha eile sna seascaidí, sna seachtóidí agus sna hochtóidí. Ba mhaith liom go bhfeicfidh daoine an scannán seo agus go n-aithneoidh siad gurb ionann Polannach an lae inniu agus Paddy an lae inné.”
Maoiniú
Shilfeá go mbeadh sé deacair go leor maoiniú a fháil do scannán mar Kings – scannán beag i nGaeilge - ach deir Tom go raibh sé an-éasca.
“Chuaigh mé a fhad le Bord Scannán na hÉireann, TG4 agus Coimisiún Scannán agus Teilifíse Thuaisceart Éireann agus bhí dúil ag gach dream sa scannán ar an toirt agus chuir siad go léir tacaíocht ar fáil go measartha gasta.
“Thaitin sé go mór le TG4 agus chuir siadsan maoiniú ar fáil. Is amhlaidh gurbh é an infheistíocht ba mhó a thug siad riamh do dhráma. I Sasana, bhí siad rud beag buartha go raibh sé i nGaeilge, ach chuir mé ina luí orthu go rangófaí an scannán mar scannán eachtrannach. Cén fáth a mbreathnódh siad ar scannán Gearmáinise nó Fraincise ach ní ar scannán Gaeilge?”
Fuarthas an t-airgead agus rinneadh an scannán agus anois tá ardmholadh á fháil aige – i bhfad níos mó na mar a bhíothas ag súil leis. Ghnóthaigh an scannán gradam an Directors Finders, mar shampla agus ag deireadh mhí Mheán Fómhair taispeánadh Kings i bpictiúrlann an Director’s Guild of America ar Sunset Boulevard in Los Angeles do lucht féachana ina raibh dáileoirí agus gníomhaithe – daoine a mbeadh sé ar a gcumas, b’fhéidir, an scannán a thabhairt chun na Stát Aontaithe agus sprioc gach léiritheora agus stiúrthóra a bhaint amach do Collins. Agus ar ndóigh, moladh go mbeadh Kings san iomaíocht d’ainmniúchán Oscar.
“Thaispeáin mé an scannán i nGaillimh agus thuig gach duine ar an toirt é. Bíonn stiúrthóirí neirbhíseach ag na hócáidí seo, ach tógáil croí a bhí ann domsa agus chuir sé tús le cineál momentum.”
Bhí sé d’ádh ar Collins fosta go raibh Colm Meaney, aisteoir a bhfuil clú agus meas idirnáisiúnta air, páirteach in Kings. Bhí Meaney an-tógtha leis an scéal agus d’aithin sé na carachtair ann mar gur chaith sé féin seal ag obair i Londain, ní ar na láithreáin tógála, ar ndóigh, ach in amharclanna na príomhchathrach. An raibh sé neirbhíseach go mbeadh air a chuid cainte a dhéanamh as Gaeilge, a d’fhiafraigh mé de Meaney nuair a bhuail mé leis le déanaí.
“Bhuel, bhí méid éigin Gaeilge agam – Gaeilge na scoile - ach chuirfeadh sé fonn gáire ort. Chuir siad an script chugam agus bhí mé breá sásta mar nach raibh mórán línte as Gaeilge agam agus shíl mé cinnte go dtiocfadh liom é a dhéanamh. Ach nuair a chonaic mé an script scannánaíochta dúirt mé liom féin, `Whoa there’. Bhí sé uilig as Gaeilge! Ansin, thug mé faoi deara gur chuir siad aistriúchán Béarla chugam ar dtús!”
Tá línte Béarla ag Meaney agus tá sé soiléir gur éirigh go breá leis an charachtar, Joe, thall. Scaoil sé Éire agus an tÉireannachas uaidh agus chuaigh sé ar aghaidh lena shaol. Ach ní hionann sin is a rá go gcaithfidh dream ar bith dearmad a dhéanamh ar gach as ar tháinig siad le go mbeidh rath orthu.
“Tá na carachtair in Kings lonnaithe in ‘idirthír’ - a gcolann i Sasana agus
a gcroí in Éirinn,” arsa Meaney.
Is iriseoir leis an Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.