Seo dúinn arís Brian “Winnie the Pooh” Ó Broin avec caoineadh liobrálach de réir cineáil:Más Dona Maol is measa Mullach…Marbh le Tae is Marbh gan É…faoi mar a bhí an spéir ag titim…ach ní féidir leis an fhírinne a admháil:Tháinig iompú bisigh ar Mheiriceá!!
Le leathchéad bliain anuas bhí an ráta leithlisuithe an phobail ag ardú. Tá na sluaite de shiomptóim de ann: dianuaireannta oifige á síneadh, bogadh go dtí “exurbs” iargúlta nach bhfuil gaolta ná cairde ná comhoibrithe féin acu ann, níos mó ama caite acu ag béilí aonair agus breathnú ar an teilefis seachas páirt a ghlacadh i gcuideachtaí spóirt agus araile.
Murab ionann agus na seanlaetha ní thugann siad faoi oifigí rialtais aitiúil. Bhí mo sheanathair ina constable dá chontae agus ina justice of the peace agus bhí a athair roimhe ina delegate don ardfheis an pháirtí phoblachtánaigh go rialta. Ach mise agus m’athair féin, ní dhéanaimid faic ach vóta a chaitheamh uair sa ré. Bhuel, tá mise féin ag éirí níos gniomhaí ar na mallaibh, ach le fada bhí drogall orm roimh an pholaitíocht.
Murab ionann agus na seanlaetha, ní bhailíonn daoine le chéile riamh seachas chun gnó práinneach a phlé. Agus sin an chúis, a cheapaim, go gcuireann an pobal níos mó iontaoibh sna gnólachtaí móra a noibríonn siad dóibh nó leo ná an rialtas ar chaith siadsan féin a vóta dóibh.
Is ait an rud sin ar fad, mar is ‘tabhairt uait gan tabhairt duit le haghaidh brabúis a thógáil’ an mana na hearnála priobhaidí, institiúid atá bunaithe ar an tsaint agus ar an chreach.