« » 1 2
tabhair freagratabhair freagra #7 Sibéal 9 Samhain 2012, 19:51 GMT
Cuireann an méid a léigh mé anseo díoma orm. Bionn cláracha maithe ar TG4 ach an iomarca Béarla i gcuid acu.
tabhair freagratabhair freagra #8 rossa ó snodaigh 9 Samhain 2012, 21:08 GMT
Tuigtear, agus is gá a mheon a athrú, gurb é meon lucht stiúrtha TG4 ná gur stáisiún don tír iomlán í seachas stáisiún dóibh siúd le Gaeilge iad. Dá bhrí sin in áit rá lóibh féin seo í ár ndeis na béarlóirí ar mian leo Gaeilge a fhoghlaim, í a fheabhsú, í a bheith beo a chothú le fotheideal Gaeilge ar a gcláracha Béarla , Déanann siad a mhalairt agus Béarla a chur ar a gcuid Cláracha Gaeilge.
Easpa muiníne, easpa freagrachta agus easpa físe i ról a dteilfíse.
tabhair freagratabhair freagra #9 Breandán Ó hEaghra 10 Samhain 2012, 12:15 GMT
Aontaím le Rossa - chuideodh fotheidil Gaeilge ar chláracha Béarla go mór leis na foghlaimeoirí agus léireodh sé prionsabal féinmhúine sa teanga.
tabhair freagratabhair freagra #10 AnFearGanAinm 10 Samhain 2012, 16:24 GMT
Ba cheart go gcuirfí rogha fótheideal - sin sa Ghaolainn nó Bhéarla - ar fáil don lucht féachana chomh méid agus is féidir (agus níos mó ná mar atá an cás i láthair na huaire). Mar shampla, ba dheas bheith in ann fótheidil as Gaolainn (nó Béarla) a léamh agus duine ag breathnú ar Ros na Rún, Seó Spóirt nó eile. Nach ábhar iontais é (seans nach ea ar bith sa tír seo, ar ndóigh!) nach bhfuil ar dhaoine Gaolainn a fhoghlaim agus a labhairt laistigh d'achar ama áirithe agus iad i mbun oibre do stáisiún Gaolainne. Má tá fadhb dhomhain dháiríre le cur chun cinn na Gaolainne i bpríomh-thobar na teanga (Tg4 srl), is gearr go tromófar suas na toibreacha eile ar fad atá nasctha leis agus ar brath go mór air. Nach bhfuil an chur i ngéill ar fad bainte le cur chun cinn na Gaolainne! Mór an trua agus náireach é!
tabhair freagratabhair freagra #11 Seanbhean 10 Samhain 2012, 21:38 GMT
> is beag a d'athraigh rudaí i gcúrsaí Teilfíse le daichead bliain anúas de
> réir cosùlachta. Cúpla bliain roimhe a bhás tugadh foirm Bhéarla do
> Mháirtín Ó Cadhain le síniú agus é ag dul ar chlár de chuid RTÉ.
> Dhiúltaigh sé glacadh leis an cheann Bhéarla agus rinne siad ceann ar
> leith dó féin a chlóscríobh amach ach nuair a thairig siad sin dó
> dhiúltaigh sé sin fosta ag rá gur mhaith leis foirim snásta chlóbhuailte
> a bheith aige cosúil leis an cheann Bhéarla agus ní dheachaidh ar an
> chlár.
tabhair freagratabhair freagra #12 Seanbhean 10 Samhain 2012, 22:02 GMT
Dhá dhonacht an easpa Gaeilge i measc foirne TG4, céard faoi na botúin uafásacha atá dhá ndéanamh gach maidin ar RnaG - "Lá Nollaig", "Cuirte" in áit Curtha, "Próiséiseáil", "Eagaibh" in áit Agaibh, "Feirm Iasc" srl., srl. - ad nauseam.
tabhair freagratabhair freagra #13 Gaeilge Locha Riach 13 Samhain 2012, 14:42 GMT
A chairde,
Is mó an náire nach dtagann fótheidil Ghaeilge go huathoibríoch le cláracha faisnéise agus eile, ó TG4. An clár faisnéise faoi rugbaí i gConnachta le déanaí, mar shampla. Clár a bhí curtha le chéile go maith ach a raibh tuairim is 70% de i mBéarla! Mura bhfuil spéis ar leith ag duine i gclár ní fhéachfaidh duine air agus tá a mhalairt fíor, ní mé cé mhéid duine a chur ar mo shúile dom go mbeadh an clár sin faoin rugbaí ar siúl!
Agus is minic nach bhféachaim féin ar TG4 toisc nach féidir liom na fótheidil (atá déanta go maith, ar ndoigh!) a bhaint den scáileán - ba chóir go mbeidis roghnach ar a laghad - tá daoine tagtha i dtaithí ar conas na socruithe ar theilifís a athrú anois!
Mar a dúirt neart eile ... is 'stáisiún i nGaeilge' í don tír iomlán.
Agus mar fhocal scor, seo tuairim nár lua aon duine anseo, tá faillí á dhéanamh i gcás na mbodhar fosta trí gan a bheith ag freastal orthusan le fótheidil Ghaeilge!
Deis margaíochta, a chlann!!!!
tabhair freagratabhair freagra #14 Ronnach 28 Samhain 2012, 11:18 GMT
Céard is cúis leis an mísc bréan atá ar Ros na Rún agus gach dara focal i mBéarla.Bíodh sé i mBéarla go h-iomlán as seo amach!! Tá dochar damanta déanta ag an gclár don Ghaeilge agus níor cheart go mbeadh aon deontas/​tacaíocht airgid ar fáil go gcuirfear slacht agus cruinneas i réim.Maidir le fo -theidil tá praiseach déanta..shílfeá nach bhfuil bun oideachas acu siúd atá ina bhun.
Bád aeir--"flying boat" a chonaic mé le gairid.
tabhair freagratabhair freagra #15 Art 1 Nollaig 2012, 12:35 GMT
Tabhair aire: is foghlaimeoir mé, mar sin tá botúin ait éigin í mo sliocht.

Le déanaí éiríonn fearg orm nuair a bhím ag féachaint ar TG4 (Teilifíse na Gaeilge) mar nuair a bhíonn daoine ag caint teangacha eile seachas béarla bíonn orm na fotheidil a léamh ach is é aistriúchán béarla amháin ar an scáileán a léamh. Mar shampla thosaigh mé ag féachaint ar clár darbh ainm Glaoch ón Tríú Reich ar an idirlíon inniu. B'fhear Gearmánach an láithreoir agus Gaeilge líofa aige ag insint an scéal agus nuair a bhí sé ag caint le daoine eile í Gearmáinis ní raibh an t-aistriúchán Béarla mar fotheidil ar fáil, bhí ort an béarla a léamh, níl rogha nó "súil" eile agat ach béarla. Dealraíonn sé go hifreann leis an Ghaeilge sa chásanna sin. Is minic a fheicim an rud céanna sa cláir eile. 
 
Mhúch mé an clár sin mar chuir sé déistin orm. An é TG4 - Teilifíse Fotheidil an Bhéarla an ainm ceart air. Níl ach cúpla clár le Gaeilge go hiomlán 7 Lá, An Nuacht agus Comhrá agus rinne TG4 jab maith leo ach ba chóir dúinn féachaint ar cláir Gaeilge gan ár n-intinn a athrú go teanga eile ó thús go deireadh.
             
Tá inneall fotheidil ilteangach ar fáil ar an margadh anois sa tréimhse teilifís dhigiteach, Ná bí leisciúil TG4. Cuir córas fotheidil theangach í bhfeidhm láithreach ar aer agus ar an idirlíon. Bí dílis do do chéad lucht féachana agus do shainordú.
tabhair freagratabhair freagra #16 dubsmac 23 Iúil 2013, 00:19 GMT
2faoin gcead a fheiceann ar tg4 . Sin a fhirinne lom agus nilimid sasta aghaidh a thabhairt ar easpa lucht feachana. Bhiodh na claracha fad reimseach ar dtus.. hollywood nights hector huidai ach teoranta le fada. Glacaim go bhfuil clarach thar na bearta ach nil an t-abhar ag tarraingt na daoine. Rugbai beo go hiontach chun daoine a mhealladh ach ga le ionsporaid. An iomarca tochailt ar cheirtlin fein le usaid na teangan chun uaillmhiantai a shasamh agus meon na ndeontaisi ata go smior sa ghaeltacht. Oscail an staisiun don tir agus na milliuin, ni na ceadta
« » 1 2
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!