Beo! (freagraí ar: TG4 ag Sé Bliana Déag d’Aois, Ach Cá nDeachaigh an Fhís?) http://beo.ie/alt-tg4-ag-se-bliana-deag-daois-ach-ca-ndeachaigh-an-f.aspx#comments Thosaigh ‘Teilifís na Gaeilge’ ag craoladh as Baile na hAbhann Oíche Shamhna sé bliana déag ó shin, i ndiaidh feachtas fada a troideadh d’fhonn bealach teilifíse a fháil le freastal ar lucht na Gaeilge. San alt seo ceistíonn duine de na daoine a bhí páirteach sa bhfeachtas sin, Donncha Ó hÉallaithe, dearcadh TG4 i leith na Gaeilge ga Cóipcheart Oideas Gael. Tue, 23 Jul 2013 00:19:10 GMT http://beo.ie/logo.gif Beo! http://beo.ie/ dubsmac http://beo.ie/alt-tg4-ag-se-bliana-deag-daois-ach-ca-ndeachaigh-an-f.aspx#comments 2faoin gcead a fheiceann ar tg4 . Sin a fhirinne lom agus nilimid sasta aghaidh a thabhairt ar easpa lucht feachana. Bhiodh na claracha fad reimseach ar dtus.. hollywood nights hector huidai ach teoranta le fada. Glacaim go bhfuil clarach thar na bearta ach nil an t-abhar ag tarraingt na daoine. Rugbai beo go hiontach chun daoine a mhealladh ach ga le ionsporaid. An iomarca tochailt ar cheirtlin fein le usaid na teangan chun uaillmhiantai a shasamh agus meon na ndeontaisi ata go smior sa ghaeltacht. Oscail an staisiun don tir agus na milliuin, ni na ceadta
Tue, 23 Jul 2013 00:19:10 GMT Art http://beo.ie/alt-tg4-ag-se-bliana-deag-daois-ach-ca-ndeachaigh-an-f.aspx#comments Tabhair aire: is foghlaimeoir mé, mar sin tá botúin ait éigin í mo sliocht.
Le déanaí éiríonn fearg orm nuair a bhím ag féachaint ar TG4 (Teilifíse na Gaeilge) mar nuair a bhíonn daoine ag caint teangacha eile seachas béarla bíonn orm na fotheidil a léamh ach is é aistriúchán béarla amháin ar an scáileán a léamh. Mar shampla thosaigh mé ag féachaint ar clár darbh ainm Glaoch ón Tríú Reich ar an idirlíon inniu. B'fhear Gearmánach an láithreoir agus Gaeilge líofa aige ag insint an scéal agus nuair a bhí sé ag caint le daoine eile í Gearmáinis ní raibh an t-aistriúchán Béarla mar fotheidil ar fáil, bhí ort an béarla a léamh, níl rogha nó "súil" eile agat ach béarla. Dealraíonn sé go hifreann leis an Ghaeilge sa chásanna sin. Is minic a fheicim an rud céanna sa cláir eile.
Mhúch mé an clár sin mar chuir sé déistin orm. An é TG4 - Teilifíse Fotheidil an Bhéarla an ainm ceart air. Níl ach cúpla clár le Gaeilge go hiomlán 7 Lá, An Nuacht agus Comhrá agus rinne TG4 jab maith leo ach ba chóir dúinn féachaint ar cláir Gaeilge gan ár n-intinn a athrú go teanga eile ó thús go deireadh.
Tá inneall fotheidil ilteangach ar fáil ar an margadh anois sa tréimhse teilifís dhigiteach, Ná bí leisciúil TG4. Cuir córas fotheidil theangach í bhfeidhm láithreach ar aer agus ar an idirlíon. Bí dílis do do chéad lucht féachana agus do shainordú.
Bád aeir--"flying boat" a chonaic mé le gairid.
Wed, 28 Nov 2012 11:18:52 GMT Gaeilge Locha Riach http://beo.ie/alt-tg4-ag-se-bliana-deag-daois-ach-ca-ndeachaigh-an-f.aspx#comments A chairde,
Is mó an náire nach dtagann fótheidil Ghaeilge go huathoibríoch le cláracha faisnéise agus eile, ó TG4. An clár faisnéise faoi rugbaí i gConnachta le déanaí, mar shampla. Clár a bhí curtha le chéile go maith ach a raibh tuairim is 70% de i mBéarla! Mura bhfuil spéis ar leith ag duine i gclár ní fhéachfaidh duine air agus tá a mhalairt fíor, ní mé cé mhéid duine a chur ar mo shúile dom go mbeadh an clár sin faoin rugbaí ar siúl!
Agus is minic nach bhféachaim féin ar TG4 toisc nach féidir liom na fótheidil (atá déanta go maith, ar ndoigh!) a bhaint den scáileán - ba chóir go mbeidis roghnach ar a laghad - tá daoine tagtha i dtaithí ar conas na socruithe ar theilifís a athrú anois!
Mar a dúirt neart eile ... is 'stáisiún i nGaeilge' í don tír iomlán.
Agus mar fhocal scor, seo tuairim nár lua aon duine anseo, tá faillí á dhéanamh i gcás na mbodhar fosta trí gan a bheith ag freastal orthusan le fótheidil Ghaeilge!
Deis margaíochta, a chlann!!!!
Tue, 13 Nov 2012 14:42:25 GMT Seanbhean http://beo.ie/alt-tg4-ag-se-bliana-deag-daois-ach-ca-ndeachaigh-an-f.aspx#comments Dhá dhonacht an easpa Gaeilge i measc foirne TG4, céard faoi na botúin uafásacha atá dhá ndéanamh gach maidin ar RnaG - "Lá Nollaig", "Cuirte" in áit Curtha, "Próiséiseáil", "Eagaibh" in áit Agaibh, "Feirm Iasc" srl., srl. - ad nauseam.
Sat, 10 Nov 2012 22:02:06 GMT Seanbhean http://beo.ie/alt-tg4-ag-se-bliana-deag-daois-ach-ca-ndeachaigh-an-f.aspx#comments > is beag a d'athraigh rudaí i gcúrsaí Teilfíse le daichead bliain anúas de
> réir cosùlachta. Cúpla bliain roimhe a bhás tugadh foirm Bhéarla do
> Mháirtín Ó Cadhain le síniú agus é ag dul ar chlár de chuid RTÉ.
> Dhiúltaigh sé glacadh leis an cheann Bhéarla agus rinne siad ceann ar
> leith dó féin a chlóscríobh amach ach nuair a thairig siad sin dó
> dhiúltaigh sé sin fosta ag rá gur mhaith leis foirim snásta chlóbhuailte
> a bheith aige cosúil leis an cheann Bhéarla agus ní dheachaidh ar an
> chlár.
Sat, 10 Nov 2012 21:38:18 GMT AnFearGanAinm http://beo.ie/alt-tg4-ag-se-bliana-deag-daois-ach-ca-ndeachaigh-an-f.aspx#comments Ba cheart go gcuirfí rogha fótheideal - sin sa Ghaolainn nó Bhéarla - ar fáil don lucht féachana chomh méid agus is féidir (agus níos mó ná mar atá an cás i láthair na huaire). Mar shampla, ba dheas bheith in ann fótheidil as Gaolainn (nó Béarla) a léamh agus duine ag breathnú ar Ros na Rún, Seó Spóirt nó eile. Nach ábhar iontais é (seans nach ea ar bith sa tír seo, ar ndóigh!) nach bhfuil ar dhaoine Gaolainn a fhoghlaim agus a labhairt laistigh d'achar ama áirithe agus iad i mbun oibre do stáisiún Gaolainne. Má tá fadhb dhomhain dháiríre le cur chun cinn na Gaolainne i bpríomh-thobar na teanga (Tg4 srl), is gearr go tromófar suas na toibreacha eile ar fad atá nasctha leis agus ar brath go mór air. Nach bhfuil an chur i ngéill ar fad bainte le cur chun cinn na Gaolainne! Mór an trua agus náireach é!
Sat, 10 Nov 2012 16:24:17 GMT Breandán Ó hEaghra http://beo.ie/alt-tg4-ag-se-bliana-deag-daois-ach-ca-ndeachaigh-an-f.aspx#comments Aontaím le Rossa - chuideodh fotheidil Gaeilge ar chláracha Béarla go mór leis na foghlaimeoirí agus léireodh sé prionsabal féinmhúine sa teanga.
Sat, 10 Nov 2012 12:15:52 GMT rossa ó snodaigh http://beo.ie/alt-tg4-ag-se-bliana-deag-daois-ach-ca-ndeachaigh-an-f.aspx#comments Tuigtear, agus is gá a mheon a athrú, gurb é meon lucht stiúrtha TG4 ná gur stáisiún don tír iomlán í seachas stáisiún dóibh siúd le Gaeilge iad. Dá bhrí sin in áit rá lóibh féin seo í ár ndeis na béarlóirí ar mian leo Gaeilge a fhoghlaim, í a fheabhsú, í a bheith beo a chothú le fotheideal Gaeilge ar a gcláracha Béarla , Déanann siad a mhalairt agus Béarla a chur ar a gcuid Cláracha Gaeilge.
Easpa muiníne, easpa freagrachta agus easpa físe i ról a dteilfíse.
Fri, 09 Nov 2012 21:08:06 GMT Sibéal http://beo.ie/alt-tg4-ag-se-bliana-deag-daois-ach-ca-ndeachaigh-an-f.aspx#comments Cuireann an méid a léigh mé anseo díoma orm. Bionn cláracha maithe ar TG4 ach an iomarca Béarla i gcuid acu.
Fri, 09 Nov 2012 19:51:16 GMT Séamus Mac Sassanach http://beo.ie/alt-tg4-ag-se-bliana-deag-daois-ach-ca-ndeachaigh-an-f.aspx#comments Aon uair a bhí mé ag deighealáil le RnaG is as Gaeilge a bhí an comhrá ar fad (seachas uimhreacha guthán ar fá eigean). Ní bhíonn mé ag deighealáil le TG4 an méid sin, ach cúpla uair dúradh liom.. 'You will have to say that in English, I don't understand'.
Fri, 09 Nov 2012 19:35:27 GMT Rob Mac G http://beo.ie/alt-tg4-ag-se-bliana-deag-daois-ach-ca-ndeachaigh-an-f.aspx#comments Uaireanta bím ag déileáil le R na G agus TG 4 i gcomhair gnó a bhaineann le heagras stáit agus caithfidh mé a rá bíonn an dream in R na G ana-phrofisiúnta ach níl mé in ann an rud céanna a rá maidir le TG4 ar chor ar bith.
Thu, 08 Nov 2012 14:04:01 GMT Aisteach http://beo.ie/alt-tg4-ag-se-bliana-deag-daois-ach-ca-ndeachaigh-an-f.aspx#comments Tharla rud mar an gcéanna dom nuair a cuireadh foirm chugam le h-iarraidh díom cead a thabhairt do mo mhac bheith pairteach i An G Team anuraidh. Dhiultaigh mé síniú ar an mbonn go raibh sé i mBéarla agus d'iarr mé leagan Ghaeilge. Nior tháinig an chomhlacht ar ais chugam ó shin. Rinne mé gearán le lucht TG4 faoi agus deirtear liom gur cuireadh ceisteanna ar an gcomhlacht faoin iompar teanga seo. Ceist tabhachtach é cosaint teanga oibre i gcomhlachtai léiriúcháin Ghaeilge ach tá sé fíor go bhfuil go leor comhlachtaí Galltachta - arb í an Béarla an teanga oibre iontu - ag iarraidh tarraingt as pota TG4 chomh maith. Agus is í an Bhéarla teanga 'idirnáisiúnta na teilifíse'. Ar ndóigh is toradh é an leithscéal everyone has to understand it, maidir le na foirmeacha seo, a léiríonn go bhfuil an fadhb seo níos leithne i bhfad ná TG4 agus go bhfuil sé fánach bheith ag ceistiú físe TG4 faoi. Tá - nó ba cheart go mbeadh - Gaeilge ag dlíodóirí na tíre. Is cuimhin liom go raibh scrúdú Gaeilge mar chuid den phroiseas cáilithe agus mise ag dul le dlí tamall de bhlianta siar. Ach ba léir gur chuma go raibh tú i ndán don scrúdú seo mar ná raibh ann ach béal cráífeacht agus tá go leor a raibh i mo rang nár rinne aon mhaith sa scrúdú céanna ach atá ag déanamh go maith as an dlí mar sin féin anois.
Tue, 06 Nov 2012 19:38:24 GMT Tá an ceart ag Donncha http://beo.ie/alt-tg4-ag-se-bliana-deag-daois-ach-ca-ndeachaigh-an-f.aspx#comments An fhoirm Bhéarla a sháigh Adare Productions - mar chomhléiriú le TG4 - faoinár smut anuraidh, chuir ceathrar ina haghaidh caol díreach agus chuardaigh leagan Gaeilge. "But it has to be in a language that everyone understands" an freagra 'réasúnta' a tugadh orthu. Is beag nár bhain sé sin deoir as fear amháin a mhínigh (i mBéarla mar ba ghá do Adare) 'tá muid ag déanamh iarrachta anseo (i gceantar Ghalltachta) agus teastaíonn tacaíocht uainn ó dhaoine mar sibhse. Is leathanach A4 é. Tá sé bán ar an taobh eile. Nach bhféadfadh sibh Gaeilge a chló ar thaobh amháin agus an Béarla ar an taobh eile?' Ba shin deireadh an comhrá.
Bhí an dream eile seo de Ghaeilgeoirí Ghalltachta i ndiaidh níos mó Béarla a labhairt an lá sin (ar son na Gaeilge) ná mar a theastaigh uathu, agus nuair a bhailigh Adare leo bhí siad in ann caint i nGaeilge arís mar ba ghnách leo.
Tue, 06 Nov 2012 17:54:44 GMT Anon http://beo.ie/alt-tg4-ag-se-bliana-deag-daois-ach-ca-ndeachaigh-an-f.aspx#comments Aontaíonn mé go hiomlan leis an píosa. De gnáth, ní cuireann an corrfhocal Béarlá i measc comhrá Gaeilge, nó má tá duine greamaithe agus tá an focail a lorg acu, isteach orm, ach le déanaí tá an clár "Jockey Eile" feicithe agam ar TG4 agus ní clár le Gaeilge mar an príomh teanga atá ann ar choir ar bith! Níl a fhíos agam cén doigh go raibh cead acu an maoiniú a bhfuair siad don clár GAEILGE seo a léiriú a choinneail fiú, leis an méid Béarlá a úsáidtear ann ... Tá a fhios agam, (mar tá mé fhéin ceann acu) go bhfuil a lán teicneoirí ceamara, fuaim, léiriú srl le traenáil ceart acu agus iad líofa ann agus iad ag cuartú obair. Amharc ar na cúrsaí sna Acadaimh i nGaoth Dobhair agus an gCeathrú Rua...cúrsaí den scoith, le leachtóirí atá taithí acu i bhfad níos fearr ná a lán leachtóirí i gcoláistí eile ag muineadh na cúrsaí. Bá choir go mbeidh TG4 ag déanamh an chuid is mó dén áis seo is atá siad ábalta. Níl mise i mo saineolaí ar an teanga, ach déanann mé mo dhícheall an méid atá agam a úsáid agus a feabhasadh.
Tue, 06 Nov 2012 16:54:02 GMT séamus mac séain Béal Feirste http://beo.ie/alt-tg4-ag-se-bliana-deag-daois-ach-ca-ndeachaigh-an-f.aspx#comments is beag a d'athraigh rudaí i gcúrsaí Teilfíse le daichead bliain anúas de réir cosùlachta. Cúpla bliain roimhe a bhás tugadh foirm Bhéarla do Mháirtín Ó Cadhain le síniú agus é ag dul ar chlár de chuid RTÉ. Dhiúltaigh sé glacadh leis an cheann Bhéarla agus rinne siad ceann ar leith dó féin a chlóscríobh amach ach nuair a thairig siad sin dó dhiúltaigh sé sin fosta ag rá gur mhaith leis foirim snásta chlóbhuailte a bheith aige cosúil leis an cheann Bhéarla agus ní dheachaidh ar an chlár.
Mon, 05 Nov 2012 20:29:01 GMT