Ní mó ná sásta a bhí Tony Birtill le dearcadh ar logainmneacha Gaeilge a nochtadh le linn cúrsa i nGarbhchríocha na hAlban.
Léigh mé leabhrán nuafhoilsithe ar na mallaibh: Gaelic ar Fhógraí agus ar Léarscáileanna in Albain- An Fáth go bhuil sé tábhachtach (Gaelic on Signs and Maps in Scotland - Why it Matters) le Ruairidh MacIlleathain, foilsithe ag Urras Leabhraichean Nan Eilean agus chuaigh an leabhar sin i bhfeidhm orm.
Tá roinnt altanna scríofa agam (m.s. Beo eagrán 120. Aibreán 2011) faoin tsléibhteoireacht in Albain agus in Éirinn agus na logainmneacha áille, fileata sa dá thír, atá lán le ciall don Ghaeilgeoir, agus sin an fáth go raibh suim agam sa leabhrán ar dtús. Ach bhí níos mó na sin i gceist ann. Ina réamhfhocal, deir John Randall, cathaoirleach an iontaobhais go raibh leithcheal déanta go córasach ar Gaelic na hAlban: "There has been systematic discrimination against Gaelic,and this still influences attitudes amongst officialdom and elsewhere today...............Centuries of discrimination cannot be changed overnight, ....."
Ní raibh fhios agam go raibh sé mar seo in Albain go dtí Mí Márta i mbliana. Chonaic mé an fógra breá úr “Fáilte gu Alba” nuair a chuaigh mé thar an teorainn agus mé ar mo bhealach go Baile Chloichrigh, áit a raibh mé ag déanamh cúrsa treoraí siúl sléibhe geimhridh agus bhí mé ag súil go mór le seachtain sna Garbhchríocha.
Easaontas faoi Ainmneacha
Seachtar a bhí ar an cúrsa, le beirt stiúrthóirí ann. Is as Sasana an bheirt acu. Ag an chruinniú maidin Dé Lúain, d’iarr duine den bheirt orainn a mhíniú cén fáth a raibh muid ar an chúrsa agus cén sórt taithí a bhí againn. D’inis mé dóibh go mbím ag obair le hOideas Gael cuid den bhliain, ag múineadh Gaeilge agus ag scríobh do Bheo fosta. D’amharc sé orm agus dúirt sé, go fonóideach, "Oh, so you can make sense of the crazy Gaelic placenames, can you?"
Ghoill sé go trom orm an ráiteas sin a chloisteáil, agus fágadh béal marbh orm. Ní raibh mé ábalta labhairt ar dtús. D’amharc mé ar an stiúrthóir eile, ach bhí sí ar nós cuma liom agus thuig mé go raibh mé i m’aonar. Ní raibh mé ag lorg iaróige leis an stiúrthóir ag an chéad chruinniú, ach bhí orm rud éigin a rá chun mé féin agus an Ghaeilge a chosaint.
Tharraing mé anáil agus d’inis mé don scaifte de ghuth íseal nach raibh na logainmneacha gan chéill mar a shamhlaigh sé. Go bunusach, is buntáiste mór é sna Garbhchríocha Gaeilge a bheith agat mar tuigfidh tú rudaí simplí mar Cnoc Fada, rud atá feidhmiúil mar gur ag lorg cnoc atá fada atá tú, cuirim i gcás. Ní raibh suim ag an stiúrthóir ann; bhris sé isteach orm agus dúirt sé go borb: "Let’s move on."(go dtí an chéad duine eile).
Caithfidh mé a admháil go raibh mé in íseal brí tar éis an eachtra teanga seo. Tuigim anois, ó leabhar Mhic Illeathain, gur gné den tsíctheangeolaíocht atá ann agus is gné é a ghoilleann ar dhuine. Mar a deir sé: "As a professor of Linguistic Anthropology once put it: Discriminate against a language, and you discriminate against its speakers; disrespect my language and you disrespect me.” (Paul B. Garrett, Assistant Professor of Linguistic Anthropology, Temple University, Pennsylvania).
Is trua nár fhág mé an cúrsa díreach ansin, mar bhí an tsár-riail briste agam is é sin: ná seas in aghaidh an cheannaire, go mór mór os comhair daoine eile. D’fhág mé an cúrsa tar éis cúpla lá. Shíl mé gur gníomh neamhchoitianta a bhí ann, go dtí gur léigh mé an chéad abairt sa leabhar seo: "We - the Gaels of Scotland - and I don’t mind pinning my colours to crann nan Gáidheal- have suffered a lot of discrimination against our language in our own country," a deir Ruairidh MacIlleathain. Agus cé go mbíonn drogall ar Gaeilgeoirí é seo a admháil, déantar leithcheal orthu, a dúirt sé.
Dearbhaíonn sé gur teanga bheo agus gur cuid de shaíocht na hAlban é an Gàidhlig. Tá cosaint dhlíthiúil aici faoin Chairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh agus Acht na Gaeilge 2005 (Dún Éideann), a chuir an Ghaeilg ar comhstádas leis an Bhéarla ("a national language of Scotland with equal respect to English").
Leis an chéad chaibidil léite agam, thug mé aghaidh ar an drochthaithí a fuair mé i mBaile Chloichrigh. Ní rud neamhchoitianta a bhí ann, an Gàidhlig a mhaslú in Albain. Is gnáthchleachtas é. Cé go bhfuil muidne an-tógtha leis an teanga, cultúr, logainmneacha agus mar sin de, is pian sa tóin iad do roinnt daoine eile agus ní bhíonn aon drogall orthu an tuairim sin a chur in iúl. Tá rudaí ag athrú go mall in Albain, deir MacIlleathain. Nuair a thug sé cuairt ar Éirinn don chéad uair i 1982 agus chonaic sé fógraí dáththeangacha go coitianta, bhí fearg air mar bhí Gaeilge na hAlban i bhfolach thoir. Thuig sé an tábhacht a bhaineann leis an scéal: "Signage - visibility of the language - can raise awareness and change opinions," deir sé agus ardaíonn siad féinmheas, muinín agus sláinte intinne na nGaeilgeoirí chomh maith.
Ach cé go bhfuil dul chun cinn déanta acu in Albain ó thaobh fógraí de, tá cur in aghaidh go glórach ann fosta a deir sé. Leagann sé an bhéim ar an cheangal láidir idir an teanga agus an tírdhreach: má tá Gaeilg/Gàidhlig agat, is cuid den tírdhreach thú sa Ghàidhealtachd, a mhaíonn sé. Ba chóir do gach leanbh Albanach bunoideachas a fháil i nGaeilg, mar gan í níl siad ábalta léarscáil a dtír féin a léamh!
Is é an sprioc atá ag Bórd na Gáidlig ná an líon Gaeilgeoirí a ardú ó 58,000 (daonáireamh 2001) go dtí 100,000 faoi 2041 agus níl MacIlleathain sásta cur suas leis an chur faoi chois a fuair an Ghaeilg in imeacht na mblianta.
“’S e obair latha tóiseachadh, ach co-dhiú, thoisich sinn. Aig a’cheann thall, thig buannachd mhór as,” a deir sé.
Tá dóchas ag MacIlleathain faoin todhchaí. De réir taighde a rinne Rialtas na hAlban le déanaí (Dearcadh na ndaoine maidir leis an Ghaeilge/Public Attitudes towards Gaelic), mothaíonn 81% acu go bhfuil sé tábhachtach nach gcaillfidh Alba an Ghaeilg agus síleann 65% acu gur chóir don rialtas níos mó a dhéanamh chun an teanga a chothú.