Ní raibh sa 'Stráitéis Fiche Bliain' ach corr i gcéill ón tús, nuair a leagadh síos spriocanna gan chéill ná aon bhunús leo: 250,000 cainteoir Ghaeilge laethúil taobh amuigh den córas oideachais faoin bhliain 2030! Ní an rialtas seo a leag an sprioc seafóideach seo síos ach an rialtas deiridh agus d'fhan na saineolaithe ciúin tostach, in áit labhairt amach ag an am. Ligeadar síos muid lena gciúnas.
Thar am deireadh a chur leis an éileamh faoin stráitéis lochtach seafóideach a chur i bhfeidhm. B'fhearr ár stráitéis féin a chur le chéile, stráitéis le spriocanna a fhéadfaí a bhaint amach.
Cuir i gcéill go h-uille is go h-iomlán an caoineadh is an ululú. Mar dúirt Seán Lemass 'Labhair an teanga le bhúr gcéile is beidh an lá libh' Tá a dóthain stadas bainte amach ag an Ghaeilge cheana féin.
Tá scoileanna Gaeltachta ag teagasc i mBéarla amháin ina lan áiteanna ,so mar sin cad is fiú don stráitéis. Bhí sé mar aidhm i gcónaí ag Fine Gael deireadh a chur leis an Ghaeilge agus tá ag éirí go breá leo