Ní maith liom cur isteach ar bhur gcomhrá páistiúil ach tagraím d'alt eile a bhí ag Carol Coulter san Irish Times cúpla seachtain ó shin. A mhalairt glan a dúirt sise maidir leis an mbaol faoi Super-injunctions sa tír seo. Measaim gur mó an cur amach a bheadh aicisean ar an scéal ná ag Delap. Ba cheart don údar a chuid fíricí a sheiceáil sula dtéann sé i mbun pinn. Bun riail na hiriseoireachta a mhac!
Alt na míosa creidim. Gaeilge bhinn bhlasta Dhún na nGall agus ábhar úr nach bhfuil baint ar bith aige leis an Ghaeilge, deontaisí ná an HSE. Ach...ghlac bean an fhir ghruaigí ar ais é. :-O