AR NA SAOLTA SEO
Na meáin úra agus an Ghaeilge (Cuid 2)
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

D’fhoilsigh Cois Life leabhar nua faoi iriseoireacht na Gaeilge, [i]Ar an Taifead: Fís, Fuaim, Focal[/i] le Breandán Delap, i mí Lúnasa. Sa chaibidil seo ón leabhar déantar cíoradh ar na meáin úra agus na dúshláin a gcaithfidh na meáin Ghaeilge aghaidh a thabhairt orthu.

Íomhá
Ní gá a bheith i do bhall den NUJ a thuilleadh le hiriseoireacht a chleachtadh
Íomhá
An bhfuil ré an teilifseáin thraidisiúnta sa chúinne thart?
Íomhá
Íomhá
Éamon de Valera: thuig sé gur gá an margadh a thabhairt chuig an phobal

Mhaígh iar-eagarthóir The Washington Post, Ben Bradlee, tráth gurb iad na hiriseoirí a scríobhann an chéad dréacht den stair. Is léir anois, áfach, go bhfuil an fhaill is an acmhainn ag an ghnáthdhuine tabhairt faoi chomh maith. Óir de bharr dul chun cinn sa teicneolaíocht,bosca uirlisí cumarsáide ag an saoránach anois le go dtig leis feidhmiú mar iriseoir ar bhonn domhanda agus ar bheagán costais. Ní gá gur tomhaltóirí nuachta iad an lucht léitheoireachta nó éisteachta a thuilleadh, ach táirgeoirí atá in inmhe a gcuid tuairiscí féin a bhailiú agus a chur le chéile. Níl aon ghá le heagarthóir, le húinéir ná le cárta NUJ anois le do leagan féin de cheird na hiriseoireachta a chleachtadh.

Is minic lucht blagadóireachta níos oilte ina réimse saineolais féin ná na hiriseoirí a bhíonn ag plé leis ó am go chéile. Siocair gurb iondúil go mbíonn páirt dhíreach acu sa scéal atá faoi chaibidil agus go mbíonn teacht acu ar fhoinsí eolais nach mbeadh ag an iriseoir. Is minic, ar ndóigh, go mbíonn clár oibre dá gcuid féin acu agus caithfear a bheith faichilleach faoina n-údarás. Ní bheifí ag dúil ach an oiread le hoibiachtúlacht, cothromaíochtluachanna an chraoltóra seirbhíse poiblí uathu.

Ach os a choinne sin, d’fhéadfadh go mbeadh stíl scríbhneoireachta níos fearr acu agus go mbeadh sé de chumas acu a scéal a chur ar líne i bhfad ní ba ghasta ná an té atá fostaithe ag comhlacht cumarsáide. Ina theannta sin, de thairbhe saineolas faoi leith a bheith acu ar réimse faoi leith den saol, bíonn blagadóirí ábalta díriú ar sciar áirithe den lucht airdill. Tá sé mar a bheadh cumann díospóireachta domhanda ann! Samhlaigh dá mbeadh cúig mhilliún déag sain-iriseoir ag soláthar tuairiscí gan phá do nuachtáin saor in aisce nach raibh aon fhógraí ann, agus gheobhaidh tú blaiseadh beag d’éifeacht an bhlagaisféir!

Athruithe móraTá athruithe móra i ndán do chúrsaí craoltóireachta na Gaeilge sna blianta beaga amach romhainn. I bhfianaise a tugadh don Chomhchoiste um Chumarsáid, Mara agus Acmhainní Nádúrtha in Eanáir 2007, dúradh nach ionann an teilifiseán a

thuilleadh agus bosca i gcúinne an tseomra suite. Meastar sa todhchaí go mbeidh an teilifíseán ag feidhmiú mar a bheadh bialann ghreim gasta ann, agus é de chumas ag daoine amharc ar a rogha clár am ar bith a fhóireann dóibh. Beifear ábalta leas a bhaint as teicneolaíocht shoghluaiste agus dhigiteach ar nós PDAs, an iPhone, BlackBerry agus gairis eile nach ann dóibh fós, le cláracha a íoslódáil lom láithreach, pé áit ina bhfuiltear. Ba mhinic a cuireadh i leith an bhosca sa chúinne san am a chuaigh thart gurb é ba chúis le meath an teaghlaigh. Má leanfar leis an loighic chéanna, cuirfear i leith na teicneolaíochta digití gurb í a chuir deireadh leis an teilifíseán sa seomra suite!

Méadóidh an iomaíocht ghéar idir an teilifís agus an t-idirlíon sna blianta beaga amach romhainn. D’ainneoin sin, thug Conor Hayes, Príomh-Oifigeach Airgeadais RTÉ, le fios don Chomhchoiste go bhfuil teilifíseán ag 99% de thithe na hÉireann agus gurb é a bheas mar chéad phointe rochtana go ceann i bhfad eile! Cibé rud a tharlóidh san am atá le teacht, is cinnte go mbeidh rogha stáisiún teilifíse agus raidió i bhfad níos fairsinge ar fáil in Éirinn sna blianta beaga amach romhainn. Tá raidió digiteach ann cheana féin agus meastar go mbeidh deireadh go huile is go hiomlán leis an tarchuradóireacht analógach teilifíse faoin bhliain 2012.

Is ar an Roinn Cumarsáide, Mara, agus Acmhainní Nádúrtha atá an fhreagracht maidir le polasaí na hÉireann a dhréachtú i dtaca le dáileadh chomharthaí craolacháin digiteacha. Beifear ag cur san áireamh a laghad den rath agus a bhí ar ardáin dáilithe i dtíortha áirithe eile agus an dóigh ar theip orainn Teilifís Dhigiteach Trastíre a bhunú in Éirinn sna blianta beaga roimh chasadh an chéid. Níor mhór do na meáin Ghaeilge ról lárnach a ghlacadh i gcur chun cinn beartas náisiúnta maidir le dáileadh craolacháin. Caithfear glór na Gaeilge a chluinstin fosta sa díospóireacht chorparáideach (i gcás sheirbhísí RTÉ) agus san earnáil sheachtrach maidir lena bhfuil i ndán don teicneolaíocht dhigiteach. Is faoi úinéireacht phoiblí atá RTÉ, TG4 agus RTÉ RnaG agus táthar éagsúil go maith óna gcuid iomaitheoirí, atá faoi úinéireacht chomhlachtaí iasachta den chuid is mó.

Is é an dúshlán is mó a bheas le sárú ag meáin chraolta na Gaeilge ná a chinntiú nach gcaillfidh siad an sciar beag dílis den mhargadh atá acu nuair a thiocfaidh rabharta cainéal breise teilifíse agus raidió ar an aer tríd an chóras digiteach. Níor mhór do na meáin Ghaeilge a bheith ceannródaíoch maidir le modhanna seachadta clár agus an deis a thapú teacht ar lucht éisteachta/féachana úr agus caidreamh idirghníomhach a bheith acu leo.

Idirghníomhacht Luaim é seo mar go mbraithim nach bhfuil cúram ceart á dhéanamh againn den ghné idirghníomhach i gcomparáid lenár gcomhghleacaithe sna meáin Bhéarla. I 1945, nuair a thug státseirbhísigh le fios don Taoiseach, Éamon de Valera, nach mbeadh aon éileamh ar stáisiún raidió Gaeltachta cionn is nach raibh gléas raidió ach ag 10% de thithe Gaeltachta, mhol de Valera go ndáilfí gléasanna raidió saor in aisce ar phobal na Gaeltachta. Ní gá dúinn céim chomh raidiciúil sin a ghlacadh

ach b’fhéidir go bhfuil sé in am againn anois an margadh a thabhairt chuig an phobal agus bealaí cruthaitheacha idirghníomhacha a aimsiú leis an fhocal a scaipeadh. Óir tá an chontúirt ann gur mó caint a dhéanfaidh muid faoin phobal ná leis an phobal. Níor mhór cuimhneamh i gcónaí gur ar mhaithe le pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta atá na meáin Ghaeilge ag feidhmiú seachas ar mhaithe leis na hiriseoirí nó le grúpa sainspéise ar bith eile.

tréimhse chinniúnach roimh na meáin Ghaeilge agus iad ag tabhairt faoi dhul chun cinn millteach i gcúrsaí teicneolaíochta agus faoi mhargadh ina bhfuil géariomaíocht. Tá athrú ag teacht fosta ar riachtanais an lucht léitheoireachta, éisteachta agus féachana. Níor mhór do na meáin Ghaeilge ról a imirt lena bhfuil i ndán a mhúnlú, seachas ról fulangach ag freagairt dó. Deis iontach atá sa réimse casta dúshlán le barr feabhais a chur ar an táirge atá á sholáthar acu.

Tá an leabhar Ar an Taifead: Fís, Fuaim, Focal* le Breandán Delap le ceannach ar €20 ar shuíomh Cois Life: www.coislife.ie.* Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ/TG4 é Breandán Delap. Tá cónaí air sa Spidéal.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.