Beo! (freagraí ar: Moltaí i Leith Seanad Leasaithe) http://beo.ie/alt-moltai-i-leith-seanad-leasaithe.aspx#comments Tá sé ráite ag an Rialtas go mbeidh Reifreann á ghairm taobh istigh de bhliain chun deireadh a chur leis an Seanad. Údar aiféala a bheadh ina leithéid amach anseo, dar le Breandán Delap. ga Cóipcheart Oideas Gael. Thu, 15 Mar 2012 16:09:50 GMT http://beo.ie/logo.gif Beo! http://beo.ie/ Seán P http://beo.ie/alt-moltai-i-leith-seanad-leasaithe.aspx#comments Sin é an chúis is fearr a chuala é go dtí seo a Éamoinn leis an tSeanad a choinneáil. Dála an scéil, cérbh iad na seanadóirí a thacaigh libh?
Thu, 15 Mar 2012 16:09:50 GMT Éamonn Mac Niallais http://beo.ie/alt-moltai-i-leith-seanad-leasaithe.aspx#comments Aontaím nar chóir an Seanad a scoir gan iarracht a dhéanamh é a leasú. Ó mo thaithí féin ag stocaireacht ar pholaiteoirí, is minic go mbíonn níos mo fonn ar sheanadoirí cuidiú leat mar nach mbíonn siad chomh gafa le polaitíocht na bpáirtithe. Bíonn na Teachtaí Dála go minic níos gafa leis an fuip agus eagla orthu aon rud a dhéanamh a chuirfeadh as do sheasamh an phairtí. Sampla amháin de seo le déanaí, labhair muid le coiste dála faoi chás an choimisinéire teanga agus thug fiú seanadoirí pairtithe an rialtais, Fine Gael agus an Lucht Oibre, tacaíocht laidir dúinn agus d'aontaigh siad nach raibh aon chiall leis an chinneadh.
Wed, 14 Mar 2012 12:19:12 GMT Seán P http://beo.ie/alt-moltai-i-leith-seanad-leasaithe.aspx#comments Bheinn ar aon tuairim le go leor dá bhfuil scríte agat ach gur cheart go cinnte go mbeadh seanadóir amháin curtha ar leataobh do lucht na Gaeilge.
Wed, 14 Mar 2012 09:52:12 GMT faobhar http://beo.ie/alt-moltai-i-leith-seanad-leasaithe.aspx#comments I mórán tíortha eile is í aidhm an tí uachtaraigh dearcadh níos náisiúnta, nó dearcadh níos logánta, a chur chun cinn sa chóras polaitiúil, d'fhonn cothromaíocht dearctha agus priarachta a chothú sa tslí ina ndéantar ionadaíocht orainn. Sna Stáit Aontaithe, mar shampla, is iad na Feisirí atá ceaptha a bheith mar phríomhghuth díreach an phobail agus is iad na Seanadóirí na saineolaithe polaitiúla atá in ainm is bheith dírithe ar cheisteanna náisiúnta (sin de réir an bhun-bhunreachta ann ar a laghad, rinneadh go leor truaillithe ar an chóras úd ó shin). Sa Ghearmáin, ar an láimh eile, is iad na Seanadóirí a chosnaíonn cearta agus cistí a gcuid stát féin sa tír. Cad chuige anois nach ndéanfaimis leasú ar chóras s'againne chun go mbeidh deighilt shoiléir cúraimí idir an dá theach: ceann amháin a thoghtar go rialta le toil reatha logánta an phobail a chur in iúl is a chur chun cinn, .i. an Dáil, agus an ceann eile a mbeadh dearcadh níos náisiúnta níos fadtéarmaí aige a chuirfeadh bac ar an chineál dul thar fóir a tharla sa tír seo le deich mbliana anuas?
Wed, 14 Mar 2012 01:58:46 GMT Anraí ó Braonáin http://beo.ie/alt-moltai-i-leith-seanad-leasaithe.aspx#comments An-mhaith a Bhreandáin. Ba chóir an Seanad a choinneáil ach leasú iomlán a dhéanamh air agus ar an gcóras trína dtoghtar na seanadóirí. Má chuireann an Rialtas an Reifreann ar bun mar atá molta, bheadh sé i gceist agam vótáil ina choinne.
Tue, 13 Mar 2012 16:23:32 GMT An Cainteoir Dóchais http://beo.ie/alt-moltai-i-leith-seanad-leasaithe.aspx#comments Aontaím. Stát gan dhá theach parlaiminte, sin stát ar leathchois.
Mon, 12 Mar 2012 07:56:41 GMT Sylvia http://beo.ie/alt-moltai-i-leith-seanad-leasaithe.aspx#comments Sea. Measaim go bhfuil an cheart agat faoin ngá atá le parlaimint eile ach is cur amu caiteachais é faoi láthair.
Sun, 11 Mar 2012 09:06:11 GMT