AR NA SAOLTA SEO
Mac Mhary Mohin
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Cíorann Tony Birtill cúlra gaelach fear de na Ciaróga, Paul Mc Cartney, san alt seo.

Íomhá
Seanotharlann Walton inar tháinig Paul Mc Cartney ar an saol
Íomhá
Teach an phobail ag Mary Mohin
Íomhá
An t-údar ar cuairt chuig seanteach Mary Mohin
Íomhá
Teach Mhuintir Mohin

Bhí suim ar leith ag daoine i Walton, Learpholl (an ceantar inar rugadh mé féin) nuair a bhí bainis Paul McCartney agus Nancy Shevell le feiceáil ar an nuacht i nDeireadh Fómhair.

I Marylebone, Londan, a phós an bheirt milliúnaí, ach anseo i Walton a rugadh Paul McCartney i 1942 agus a mháthair Mary roimhe i 1909. “Sin mac Mhary Mohin,” a chuala mé nuair a bhí mé ag fás anios anseo agus labhair na daoine fásta le chéile faoi Paul McCartney, a bhí ag tosú a ghairm bheatha mar bhall den Beatles ag tús na 1960’s.

Rugadh Mary Mohin ag uimhir 2, Third Avenue i 1909. Éireannach, as Tullynamalrow (Tulach na Maoile Rua?) Contae Mhuineacháin, ab ea a hathair, Owen Mohin. De bhunadh Éireannach ab ea a mháthair, Mary Danaher agus rugadh i Learpholl í. Díoltóir guail ab ea Owen, agus bhí spéis mhór aige i rásaíocht chapall. Bhí an teach sa Third Avenue iontach fóirsteanach dó mar níl sé ach deich bomaite siúil ón ráschúrsa Aintree.

Ba Caitlicaigh iad, agus baisteadh Mary sa teach phobal Blessed Sacrament, Walton Vale (mar ar baisteadh mé féin). D’fhreastail sí ar an bhunscoil taobh thiar den séipéal, ach nuair a fuair a deirfiúr bás, agus ansin a máthair, i 1919, d’fhill an teaghlach go Muineachán, áit ar chaith Owen seal leis an fheirmeoireacht. Ní raibh siad sásta ansin, áfach, agus i ndiaidh tamaill, d’fhill siad ar Learpholl.

Bean Chabhrach Walton

Thosaigh Mary Mohin cúrsa oiliúna mar altra i 1923, ag aois 14 bliana agus ag aois 24 bliana, tháinig sí amach ina bean ghlúine. D’oibrigh sí in Otharlann Walton agus sin an fáth go raibh cuimhne mhaith ag daoine sa cheantar uirthi - chabhraigh sí lena lán páistí a thabhairt ar an saol sa phobal sin. Bean chráifeach a bhí inti fosta, a d’éist le haifreann go rialta.

Bhog m’athair féin, Joe go Walton i Mí Feabhra 1941 nuair a fuair sé post sa mhonarcha eitleáin Napiers. Sin an áit ina raibh Jim McCartney, athair Paul, ag obair. Thosaigh an Blitz faoin am sin agus sprioc thábhachtach a bhí i Learpholl don Luftwaffe mar tháinig a lán lónta tríd an chalafort. In ionsaí amháin, 12 Márta 1941, tháinig 316 eitleán ón Ghearmain ar ruathar go Merseyside. Maraíodh breis is 4,500 duine ar Merseyside sa Blitz agus scriosadh 10,000 teach. Bhí Jim McCartney agus m’athair ina bhFaireoirí Tine tar éis lá oibre i Napiers. Chuaigh siad go lár na cathrach agus chaith siad uaireanta i bhfoirgneamh ard ar faire do bhuamaí loiscneacha. Ní raibh acu ach clogad, feadóg, buicéad lán le gaineamh agus caidéal láimhe chun dochar na mbuamaí a chur ó mhaith agus tinte a mhúchadh!

Phós Jim McCartney agus Mary Mohin i Aibreán 1941. Thit buama ollmhór in aice le Blessed Sacrament i mí Bealtaine. Cé go raibh an teach tábhairne os a comhair agus a lán foirgneamh eile scriosta, níor chaill teach an phobail ach slinnte ón díon. “Miorúilt a bhí ann " a chuala mé nuair a bhí mé óg, ach tugaim faoi deara anois go dtáinig an séipéal Protastúnach slán as an tubaiste fosta!

70 Bliain D’Aois

Rugadh Paul McCartney san Otharlann Walton i 1942, áit a raibh a mháthair ag obair. Teach na mBocht, Walton, a bhí ann ina thús nuair a tógadh é i 1868 ach bhí sé ina otharlann ó 1922 ar aghaidh. Baisteadh Paul sa séipéal Caitliceach, St Philomena’s, Norris Green, Learpholl, áit a raibh Jim agus Mary ag fanacht ar cíos. Bhí ganntanas tithe millteanach tar éis an Blitz agus bhí Mary McCartney an-sásta nuair a fuair sí post mar bhean ghlúine áitiúil i gceantar Speke (in aice le Aerphort Learphoill, ar an taobh eile den cathair) mar tháinig teach bardais leis an phost. Tógadh Paul sa cheantar sin mar sin, ach bhí cuimhne mhaith ag daoine i Walton ar Mary Mohin/McCartney.

Thosaigh na Beatles ag seinm sa Cavern Club i Mí Eanair, 1961, ach sheinneadh siad san Aintree Institute agus Orrell Park Ballroom i Walton go rialta fosta. Níl an Aintree Institute ach cúpla céad slat ón teach inar rugadh Mary Mohin. Bhí mé ró-óg le dul ann, ach bhí Ray McFall, an té ar leis an Cavern Club, ina chónaí sa pharóiste seo agus bhí a iníon Susan in aon rang liom sa bhunscoil. Tháinig sí isteach ar scoil lá amháin le grianghraif di féin agus na Beatles agus thaispeáin an múinteoir na pictiuirí dúinn sa seomra ranga. Thosaigh Ray McFall club don dream óg (aois 13-16) sa Cavern gach Satharn. Arís, bhí mé féin ró-óg le gabháil ann, ach is cuimhin liom na sceitiminí ar aos óg an ama sin nuair a bhíodh siad ag caint faoin áit.

Ar an drochuair, ní fhaca Mary Mohin a mac sna Beatles - fuair sí bás i 1956 den ailse in aois 47 bliana. Buille trom a bhí ann do Paul (14 bliana) a dheartháir Michael (12 bliana) agus do Jim McCartney. Tá trácht uirthi san amhrán Let it Be, a scríobh Paul i 1970: ” When I find myself in times of trouble, mother Mary comes to me, speaking words of wisdom, let it be....." D’inis Paul go raibh sé faoi bhrú ag an t-am sin agus tháinig a mháthair chuige i mbrionglóid agus dúirt sí leis "It will be all right, just let it be." Thug sé an t-ainm céanna ‘Mary’ ar a inion féin ina hómós. Rinne Michael díolam dar teideal "Woman” i 1972 le grianghraf de Mary ina culaith altra le feiceáil ar an chlúdach.

Tarraingt na dTurasóirí

go bhfuil a shaibhreas déanta le fada ag Paul, bíonn cumha air i ndiaidh Merseyside, áit a bhfuil Michael fós ina chónaí. Bhunaigh sé Liverpool Institute of Performing Arts i 1996 san fhoirgneamh ina mbíodh a mheánscoil, The Liverpool Institute - scoil a d’fhreastail George Harrison ann fosta. Agus bíonn sé ag seinm anseo go fóill. Tá suim ar fud an domhain sna Beatles agus mheallann siad na mílte turasóirí go dtí Learpholl, cé gur scar siad i 1970 agus d’ainneoin beirt acu a bheith i measc na marbh!

Ba cheoltóir é Jim McCartney (1902-1976) fosta agus cheannaigh sé pianó i siopa ceoil Harry Epstein ar Walton Road agus spreag sé Paul le cleachtadh air nuair a bhí sé ag fás anios. Más aisteach féin é, bhí mac Harry, Brian Epstein, ina bhainisteoir ar na Beatles ó Nollaig 1961.

Is mór ag muintir Walton gur ann a rugadh Paul McCartney agus tá muid buíoch de fhear áitiúil, Kevin Roach (de bhunadh Éireannach, ár ndóigh) as an leabhar a scríobh sé: "The McCartneys - In the Town Where They Where Born" mar cuireann sé dátaí agus fíricí síos ar pháipéar agus téann siad go maith le cuimhne na ndaoine. Oibríonn Kevin Roach sa Liverpool Record Office agus is saineolaí é ar na Beatles anois. Nuair a bhí Martin Scorsese ag déanamh a clár faisnéise faoi George Harrison rinne Kevin a lán taighde dó, ach sin scéal eile!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.