AGALLAMH BEO
Louis Marcus
Caoimhe Ní Laighin Caoimhe Ní Laighin Caoimhe Ní Laighin

Tá an déantóir scannán Louis Marcus tar éis saothar a chur ar fáil le beagnach caoga bliain anuas a thugann léargas tábhachtach ar shaol na hÉireann. Labhair Caoimhe Ní Laighin leis faoin saol suimiúil atá caite aige.

Íomhá
Íomhá

Go minic, nuair a léann tú agallaimh le stiúrthóirí cáiliúla scannán, maíonn siad gur spreagadh iad le dul i mbun scannánaíochta tar éis dóibh saothair phríomhstiúrthóirí a linne a fheiceáil.

Ach ní hé Sergei Eisinstein nó Dziga Vertov a spreag Louis Marcus, atá ar dhuine de na stiúrthóirí Éireannacha is tábhachtaí, le dul leis an scannánaíocht. Thit sé i ngrá le scannáin den chéad uair toisc go raibh sé splanctha i ndiaidh duine dá mhúinteoirí sa mheánscoil! Murach go raibh múinteoir Fraincise tarraingteach i Meánscoil Ghlaisín i gCorcaigh, tá gach seans nach mbeadh fáil againn ar na cáipéisí stairiúla atá san obair a dhein Marcus le Gael Linn - nó ar na cláracha faisnéise eile atá déanta aige le linn a shaoil.

“Thagadh an múinteoir seo isteach go dtí an rang go minic ar an Luan agus í ag labhairt faoi scannáin Fhrancacha a bhí feicthe aici sa chumann scannán i gCorcaigh ar an Domhnach. Chun moladh a fháil uaithi, shocraigh mé go gcláróinn mar bhall den chumann sin! Is dócha gur thit mé i ngrá le scannánaíocht ansin, agus de réir a chéile thit mé as grá léise!”

Bhuail mé le Marcus le déanaí ina theach sócúlach i gceantar Thír an Iúir i mBaile Átha Cliath le labhairt leis faoina chuid scannánaíochta agus faoina shaol. Agus saol urghnách ar fad atá ann. Ní chuile dhuine ar fhéidir leis a rá gur fhreastail sé ar na hOscars i gcomhluadar Francis Ford Copolla, Al Pacino, Robert Redford agus Ingar Bergman. Is amhlaidh gur fhreastail sé ar an ócáid chlúiteach seo faoi dhó nuair a aithníodh feabhas a ghearrscannán le hainmniúcháin dá shaothair *Páistí ag Obair *(1973) agus *Conquest of Light *(1975). Cé nach bhfuil an fear beag óir aige le cur ar a sheilf sa seomra suite nó sa seomra folctha, ba “phribhléid mhór” é an t-aitheantas a fháil.

neart gradam eile buaite aige ina shaol, áfach, ina measc, cinn ag na féilte scannán i Moscó, Beirlín, Londain agus Chicago. Le linn a shaoil, tá breis is 80 clár faisnéise léirithe agus stiúrtha aige, cláracha a dhíríonn ar ghnéithe éagsúla den chultúr Éireannach agus de stair na hÉireann den chuid is mó. Bhíodh sé ina chathaoirleach ar Bhord Scannán na hÉireann agus tá sé ina bhall den Acadamh Scannán, Ealaíon agus Eolaíochta i gCalifornia go fóill.

Mar thoradh ar a bhallraíocht san Acadamh eisiach seo, bíonn baint aige le roghnú bhuaiteoirí na nOscars chuile bhliain. “Seolann an tAcadamh breis is 30 scannán chugam sa bhliain ar eagla nach bhfuil na saothair ainmnithe feicthe agam,” a deir sé. “Tá bailiúchán ollmhór agam thuas staighre!”

Beidh Marcus seachtó bliain d’aois an bhliain seo chugainn, aois ag a mbíonn neart daoine sásta dul ar scor agus a laethanta ar fad a chaitheamh ag imirt gailf nó ar saoire sa Costa del Sol. Ach is duine óigeanta é Marcus, atá i gceannas ar a chomhlacht léiriúcháin féin agus a bhfuil oifig dheas néata suite ina ghairdín cúil. (“Tá Tír na nÓg ar chúl an tí”, mar a mhaíonn dán Sheáin Uí Ríordáin!)

A óige i gCorcaigh

Rugadh Marcus i gCorcaigh i 1936.

“D’fhreastail mé ar bhunscoil Phrotastúnach agus ar mheánscoil Chaitliceach toisc nach raibh aon scoil Ghiúdach i gCorcaigh. Ní raibh an pobal Giúdach mór go leor lena leithéid a bhunú.”

Deir sé nach raibh deacrachtaí faoi leith aige toisc gur Giúdach a bhí ann, cé go mbíodh daoine áirithe maslach in amanna.

“Cinnte, bhíodh rudaí drochbhéasacha á rá ag daoine uaireanta. Cheapadar go raibh sé ana-ghreannmhar ar fad bheith ag magadh fúinn. Ach chomh luath is a chríochnaigh an dara Cogadh Domhanda, agus a tháinig na nuachtscannáin isteach sna pictiúrlanna agus an t-ár sna campaí agus san Uileloscadh á léiriú iontu, tháinig deireadh leis na maslaí go léir.”

Chuir seantuismitheoirí Marcus, an ceathrar acu, fúthu in Éirinn in 1882 agus iad ag éalú ón ngéarleanúint a bhí á déanamh ag na Rúisigh ar na Giúdaigh ar fud Oirthear na hEorpa ag an am.

“Tháinig siad ón Liotuáin,” a deir. “Bhí na milliúin Giúdach ag fágáil a dtíre ag an am sin. D’imigh cuid acu go Londain agus bhunaigh siad an East End agus d’imigh cuid eile go Nua-Eabhrac agus chruthaigh siad an East Side. Nílim cinnte cén fáth gur roghnaigh mo mhuintir féin an tír seo, ach stopadar in Éirinn agus chuireadar fúthu anseo. B’as Baile Átha Cliath m’athair agus b’as Luimneach mo mháthair. Nuair a phósadar, cheannaigh siad teach i gCorcaigh agus rinneadar a gclann a thógáil ansin.”

Bhain Marcus céim amach sa Bhéarla agus sa Fhraincis in Ollscoil Chorcaí, cé go raibh a chroí i gcúrsaí scannánaíochta i gcónaí. Músclaíodh a chuid suime sa Ghaeilge le linn a thréimhse san ollscoil fosta.

“Bhíodh atmaisféar faoi leith ann ó thaobh na Gaeilge de na laethanta sin,” a deir sé. “Trí bheith i mo bhall den Chumann Scannánaíochta i gCorcaigh, thit mé isteach i gcomhluadar daoine a ndéanfainn cur síos orthu mar intelligentsia Chorcaí. Bhí cuid mhaith acu i bhfad níos sine ná mise agus d’fhreastail siadsan ar an scoil ag am a raibh cosc ar an nGaeilge sna scoileanna toisc nach raibh saoirse bainte amach sa tír go fóill. Ach bhíodar an-bháúil ar fad le coincheap na hathbheochana. Bhíodh na daoine seo cairdiúil le daoine mar Sheán Ó Faolain, Dónal Ó Corcora agus an Piarsach.”

Gael Linn

Bhí Marcus báúil leis an nGaeilge, cé nach raibh sé in ann “fiú abairt a chur le chéile”. Mar sin, conas a tharla sé gur chaith sé na blianta ag obair le Gael Linn - an t-eagras Gaeilge is tábhachtaí sa tír ag an am?

“Tharla sin trí chomhtarlúint iomlán,” a deir sé. “Cheapas ag an am go mbeadh orm dul thar lear le slí bheatha a bhaint amach. Bhíodh sé fíordheacair post a fháil i gcúrsaí scannánaíochta sa tír seo. Ní raibh earnáil ann ar chor ar bith. Ba é Gael Linn an t-aon eagras a bhí mbun scannánaíochta agus bhí an t-ádh orm bealach isteach sa tionscal a fháil leo.”

Ba é an chéad mhórscannán ar oibrigh Marcus air (mar eagarthóir cúnta) ná an scannán stairiúil sin de chuid Ghael Linn, Mise Éire, saothar a bhfuil neamhspleáchas na hÉireann mar théama ann agus ar ceiliúradh é ar an náisiúnachas. Deirtear go minic sa lá atá inniu ann go bhfuil tréithe na bolscaireachta le sonrú sa saothar, cé gur mhaígh an stiúrthóir, George Morrison, go raibh an scannán go hiomlán oibiachtúil.

“Rinneadh Mise Éire *agus *Saoirse? [an dara scannán sa tsraith] ag am ina raibh an náisiúnachas beo in Éirinn. Glacadh leis go poiblí gur mhaith an rud é Éirí Amach na Cásca agus Cogadh na Saoirse. Is ar an mbonn sin a rinneadh an scannán. Is dócha, do na daoine nár thaitin neamhspleáchas na hÉireann leo, gur phíosa bolscaireachta é. Agus is dócha, do na hathbhreithniúchóirí, gur píosa bolscaireachta é freisin. Chomh maith leis sin, is dócha gur sprioc mí-réadúil é do stiúrthóir an oibiachtúlacht a bhaint amach. Ní féidir linn bheith go hiomlán oibiachtúil. Smaoiníonn gach uile dhuine de réir a thaithí féin. Ar an mbonn sin, is cóir dúinn ár suibiachtúlacht féin a aithint agus leanúint ar aghaidh chomh macánta agus is féidir ina dhiaidh sin.”

Cén leabhar atá á léamh agat faoi láthair?

*The Hamlet *le William Faulkner.

Cén ceol is fearr leat?

Ceol clasaiceach.

Cén scannán is fearr a chonaic tú riamh?

*Citizen Kane *(Orson Welles, 1941), mar a deir gach duine.

Cá dtéann tú ar saoire?

Chun na hIodáile.

Cén bhialann is fearr leat?

Is cuma liom. Ní gúirmé ar bith mise!

Cén duine is mó a bhfuil meas agat air/uirthi?

Tá siad go léir marbh anois.

Cén duine is mó a chuaigh i bhfeidhm ort agus tú níos óige?

Seán Hendrick, fear feasa i gCorcaigh fadó.

Cén rud is mó a chuireann isteach ort?

Fothram glórach i mbialann nó i dteach tábhairne.

Cad iad na huaireanta a oibríonn tú gach seachtain?

Braitheann sé – idir 0 agus 60.

Cad iad na rudaí a chuireann strus ort?

Féach thuas – fothram glórach.

An bhfuil tú sásta le do shaol agus leis an méid atá bainte amach agat?

Níl mé sásta, ach caithfidh mé glacadh leis.

Bhí Marcus meáite ar a scannán féin a dhéanamh tar éis dó an chéad jab proifisiúnta seo a fháil ar Mise Éire. D’fhill sé ar Chorcaigh agus thug sé faoi scannán dar teideal *The Silent Art *faoin dealbhóir Seamus Murphy.

“Ní féidir liom a rá gur scannán iontach maith a bhí ann. Fuair mé an trealamh go léir ó mo chairde agus ní raibh ach €200 agam le híoc as obair shaotharlainne i Londain. Beidh mé fíorbhuíoch de mo mháthair go deo ós rud é gur thug sí an t-airgead sin dom! Ach d’éirigh liom dáileachán ar fud na hÉireann a chinntiú agus baineadh amach an sprioc a bhí agam ag an tús: chuir mé in iúl do Ghael Linn go bhféadfainn scannáin a dhéanamh ó thús go deireadh.”

Cuireadh tús, mar sin, le tréimhse fhíorthábhachtach i saol Marcus. Is fear é seo a d’fhreastail ar chóisirí le réaltaí scannáin i Meiriceá, ach is léir óna chuid cainte go bhfuil áit speisialta ina chroí do Ghael Linn. Bhíodh sé an-mhór le ceannasaí agus bunaitheoir Ghael Linn, Dónall Ó Móráin, agus leis an leas-cheannasaí, Riobard Mac Góráin.

“Bhí Gael linn fíorthábhachtach i saol na hÉireann sna caogaidí agus sna seascaidí. Is cuimhin liom bheith ag dul timpeall na tíre ag an am ag déanamh scannán agus i mbun taighde. Bhínn ag bualadh le daoine ó chuile aicme agus chomh luath agus a chloisidís gur oibrigh mé le Gael Linn, bhíodh an-mheas acu orm. Bhí ceithre eagraíocht thábhachtacha, nó ceithre fhórsa, sa tír seo ag an am: an Eaglais Chaitliceach, Fianna Fáil, Cumann Lúthchleas Gael agus Gael Linn. Bhíodar chomh tábhachtach sin – bhíodar i mbéal an phobail ó lá go lá agus bhíodh scéal difriúil fúthu le feiceáil sna nuachtáin chuile lá.

“Bhíodh an phictiúrlann i bhfad níos tábhachtaí na laethanta sin ná mar atá sí inniu. Bunaíodh Gael Linn sa ré réamhtheilifíse agus ba é an t-aon fhoinse nuachta a bhíodh ag daoine sna meáin chlosamharc ná na pictiúrlanna ar fud na tíre. Bhíodh níos mó Éireannach *pro-rata *ag freastal ar na pictiúrlanna na laethanta sin ná mar a bhí in aon tír eile Eorpach. Ach ní raibh le feiceáil acu ach an saol Meiriceánach nó an saol Sasanach sular thosaigh Gael Linn ag déanamh na ngearrscannán sna caogaidí. D’éirigh le Gael Linn saol Éireannach a chur ar an scáthlán draíochta agus b’iontach an t-éacht é sin. B’in an fhís a bhí ag Ó Móráin agus a leithéidí: go gcuirfí in iúl d’Éireannaigh go bhféadfaidís rudaí nua-aimseartha a dhéanamh.”

Éacht

Is éacht nach beag é an t-éacht a bhain foireann *Amharc Éireann *amach nuair a chuirtear san áireamh nach raibh áiseanna nua-aimseartha acu nó fiú saotharlann ar fáil dóibh in Éirinn.

“Bhíodh cluiche mór ar an Domhnach. Ansin, chuirtí na claonchlónna go Londain. Cúpla lá ina dhiaidh sin, chuirtí na híomhánna réalta ar ais chugainn le heagarthóireacht a dhéanamh orthu. Ansin, dhéantaí an eagarthóireacht. Chuirtí gach rud ar ais go Londain agus ar ais chugainn arís ina dhiaidh sin. Chuirtí an fhuaim air ansin agus an tráchtaireacht a bhíodh scríofa ag daoine mar Bhreandán Ó hEithir. Dhéantaí an próiseas seo go léir taobh istigh de chúig lá agus bhíodh an cluiche ón nDomhnach roimh ré le feiceáil sna pictiúrlanna an Aoine ina dhiaidh sin. B’iontach go deo é an córas a bhí ann. Rinneadh breis agus 260 gnéscannán sa tsraith agus measaim gur theip orthu uair amháin é a dhéanamh in am – bhí ceo ag an aerfort i Londain!”

Is taifead luachmhar de shaol na hÉireann iad na scannáin seo, agus leanann a dtábhacht ar aghaidh. “Bíonn sleachta ó na scannáin seo á n-úsáid an t-am ar fad i gcláracha faisnéise comhaimseartha,” a deir Marcus. “Rinne mé féin sraith cláracha do RTÉ, The Years of Change, a bhí go hiomlán bunaithe orthu.”

Nuair a bunaíodh RTÉ, ní raibh an tábhacht chéanna ag baint leis an scannánaíocht seo a thuilleadh, áfach, ach de bharr gníomh amháin a dhein Gael Linn, cinntíodh go bhfanfadh smacht ar chúrsaí teilifíse in Éirinn i lámha na nÉireannach.

Toisc a laghad eolais bheith sa tír ag an am ar reáchtáil seirbhíse teilifíse, bhí an Rialtas ag smaoineamh ar an ngnó a thabhairt amach do dhream príobháideach éigin ar bhonn saincheadúnais. Comhlachtaí ón mBreatain agus ó Mheirceá amháin a léirigh spéis sa ghnó i dtús báire. Ach chuir Gael Linn iarratas faoi bhráid an Rialtais.

“Murach gur chuir Gael Linn an t-iarratas sin isteach,” a deir Marcus, “thabharfaí an ceadúnas do chomhlacht eachtrannach gan dabht. Cheap an Rialtas nach bhféadfadh Éireannach a leithéid a dhéanamh. Ach ní rabhadar in ann saincheadúnas a thabhairt do chomhlacht eachtrannach agus comhlacht Éireannach ag tairiscint a gcuid seirbhísí. Ní rabhadar in ann dul i gcoinne comhlachta Éireannaigh. Ach shocraigh an Rialtas go mbeadh an tseirbhís “ró-Ghaelach” dá dtabharfaidís an ceadúnas do Ghael Linn. Mar sin, chinneadar ar chomhlacht stáit a bhunú. Ach, ar a laghad, chinntigh Gael Linn nach mbeadh smacht ar reáchtáil chúrsaí teilifíse sa tír i lámha comhlachta eachtrannaigh.”

Chaill Gael Linn an deontas a bhí á fháil acu le haghaidh scannánaíochta de bharr “cúinsí polaitiúla” sna seachtóidí, ach lean Marcus ar aghaidh lena chuid scannánaíochta féin.

“Nuair a bhínn ag déanamh na scannán do na pictiúrlanna, bhíodh orainn ábhair a roghnú i gcónaí a bheadh intuigthe i measc an phobail i gcoitinne. Ní raibh Gaeilge líofa ag gach duine, mar sin ní bhímis ag déileáil le téamaí intleachtúla den chuid is mó mar braitheann smaointe ar fhocail. Roghnaímis téamaí a bheadh intuigthe gan tuiscint ar gach uile fhocal a bheith ag daoine. Nuair a thosaigh mé ag déanamh cláracha faisnéise do RTÉ, thug mé faoi *genre *difriúil leis na *talking heads *agus ábhair éagsúla á bplé acu. Is *genre *é sin a thaitníonn go mór liom.”

Téama coiteann

Ach cibé ábhar a bhíonn á phlé aige, is é an téama coiteann ná smior an Éireannachais, ábhar a ndéantar iniúchadh air i gcláracha faisnéise ar nós The Irish Condition, Na Gaeil Phrotastúnaigh *agus *The Irish Experience. Mar sin, cad é an tuairim atá aige faoin bhféiniúlacht Éireannach sa lá atá inniu ann?

Nuair a dhein sé The Irish Condition, bhí sé an-tógtha le smaointe Joe Lee i leith an naisc idir teanga, féiniúlacht agus rathúnas geilleagrach. Cheapfá go mbeadh fianaise i gcoinne thuairimí Lee le fáil sa Tíogar Ceilteach le roinnt blianta anuas, ach measann Marcus nach bhfuil fianaise de thír atá go hiomlán rathúil, ó thaobh cúrsaí geilleagair de, le fáil sa Tíogar Ceilteach ar chor ar bith.

“Aontaím leis an tuairim go mbaineann easpa féinmhuiníne le cailliúint teanga,” a deir sé, “cé nach mbeadh sin róshoiléir i linn ré an Tíogair Cheiltigh. Táthar ag súil go bhfuil leibhéal ard muiníne sa tír seo sa lá atá inniu ann. Ach is í an cheist ná, an muinín cheart nó bréagmhuinín atá á cruthú sa tír seo? Tá a lán airgid sa tír, ach níl a lán saibhris inti. Braithimid an iomarca ar infheistíocht dhíreach iasachta. Dá dteipfeadh air sin, bheadh muid i bponc. Níl mórán saibhris dhúchasaigh á chruthú againn agus léiríonn sé sin nach bhfuil mórán féinmhuiníne ag na hÉireannaigh go fóill. Táimid i gcónaí ag brath ar chomhlachtaí eachtrannacha nó ar dhaoine eachtrannacha le tús a chur le rudaí nua sa tír.”

Bíonn sé buartha fosta faoin gcultúr sa tír seo os rud é go bhfuilimid “chomh hoscailte sin” do chultúir eile.

“Dá mbeadh ár dteanga féin againn, teanga a d’úsáidfí mar ghnáth-theanga chumarsáide agus ghnó chuile lá i measc chuile dhuine sa tír, ní bheinn chomh buartha sin. Níl mé i gcoinne an chultúir Mheiriceánaigh, is cultúr iontach saibhir é. Ach dá mbeadh Dubhghlas de hÍde ag tabhairt a léachta ar “The Need for de-Anglicising Ireland” sa lá atá inniu ann, d’athainmneofaí é “The Need for de-Americanising Ireland.”

Tá tuairim faoi leith ag Marcus i leith athbheochan na Gaeilge fosta. Measann sé go bhfuil easpa iomlán tola i measc na n-údarás sa tír.

“Bheadh athrú fíor-radacach ag baint le hathrú teanga ag an bpointe seo,” a deir. “Ní fheictear do na húdaráis go mbeadh aon mhaitheas dóibh féin ag baint le hathrú go Gaeilge agus, mar sin, tá siad sásta leis an status quo. Bheadh réabhlóid intinne ann dá n-athrófaí an teanga sa tír seo. Ach ní bheadh sé dodhéanta. Mholfainn d’éinne leabhar iontach dar teideal Athbheochan na hEabhraise: Ceacht don Ghaeilge le Muiris Ó Laoire a léamh. Dá mbeadh na húdaráis sa tír seo díograiseach faoin athrú teanga, d’fhéadfaidís é a chur i gcrích.”

Ba léir go raibh Marcus é féin fíordhíograiseach faoin nGaeilge. Cé nach raibh sé in ann abairt a chur le chéile nuair a d’fhág sé Corcaigh den chéad uair, tá blas an chainteora dhúchais ar a chuid Gaeilge sa lá atá inniu ann. D’fhoghlaim sé a chuid Gaeilge, “sna pubanna i mBaile Átha Cliath”, á labhairt le daoine mar Andy Gallagher agus Breandán Ó hEithir.

“Bhí Gaeltacht bheo agus bhríomhar i lár chathair Bhaile Átha Cliath na laethanta sin,” a deir sé. “D’fhoghlaim mé mo Ghaeilge go léir trí chleachtach. Ní raibh oiread is rang amháin déanta agam ón am a d’fhág mé an scoil.”

Is fear ealaíonta agus cruthaitheach é Marcus, agus is léir gur daoine cruthaitheacha iad a chuid páistí. Tá ceathrar mac aige agus oibríonn chuile dhuine acu i réimse cruthaitheach, cé gur impigh Marcus orthu “bheith ina n-innealtóirí!” Tá beirt acu ag obair san earnáil scannánaíochta, duine eile sna healaíona agus seinneann an mac is óige an dordghiotár sa bhanna ceoil The Republic of Loose. Tá cónaí ar a dheartháir David – an t-údar cáiliúil - in aice láimhe i Ráth Garbh agus tá seisean pósta le húdar cáiliúil eile, Ita Daly. Tá Louis é féin pósta le Chookie, múinteoir bunscoile i scoil Ghiúdach Stratford i Ráth Garbh.

Is fear é Marcus a bhfuil paisean aige dá chuid oibre. Táimid go léir go mór faoi chomaoin ag an múinteoir Fraincise sin a spreag é le dul leis an scannánaíocht!

Is as Baile Átha Cliath í Caoimhe Ní Laighin. Tá bunchéim aici san iriseoireacht agus bhain sí céim MSc amach i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais le Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i mbliana.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.