AR NA SAOLTA SEO
Julian Assange, Laoch nó Bithiúnach?
Tomás Ó hAodha Tomás Ó hAodha

Ní scéal ruin é nuair a bhíonn a fhios ag Wikileaks! Chaith Tomás Ó hAodha súil ar scéal Julian Assange, fear atá diongbháilte ina chuid prionsabal agus fear a bhfuil líomhaintí tromchúiseacha curtha ina choinne sa tSualainn.

Tagann sal Julian Assange agus WikiLeaks, an eagraíocht a bhunaigh sé, díreach as úrscéal grafach. Is comhaltas é WikiLeaks a scaoileann amach rúin na gcumhachtaí móra, agus tá sí á cáineadh agus á moladh araon ag an saol mór. Tá Assange é féin ar a theitheadh, ar bhealach, gan cinnteacht aige an é feallmharú atá i ndán dó, beart atá molta ag ceannairí polaitiúla áirithe. Anuas ar an méid sin, tá líomhaintí tromchúiseacha curtha ina leith, le beirt bhan ag maíomh go ndearna sé éigniú orthu le linn dó fanacht sa tSualainn, cé go bhfuil sé ráite ag a lucht tacaíochta nach bhfuil iontu ach cleasa gránna chun go sciobfaí uaidh a dhea-ainm agus a chlú. Is deacair a shamhlú nach mbeidh port Assange seinnte go luath ar shlí amháin nó eile, nuair a chuimhneoidh tú a chumhachtaí is atá na naimhde ina choinne.

De ghnáth bíonn an t-imeartas polaitíochta á imirt ag tíortha an domhain faoi cheilt uainn, ach tugann an sceitheadh is déanaí ó WikiLeaks sracfhéachaint dúinn ar conas a fheidhmíonn saol rúnda na taidhleoireachta. Táthar ann a mhaíonn gurb iontach an rud é go bhfuil an cluiche nochta mar sin os ár gcomhair, agus de réir na hargóinte seo, treisíonn an fhollasacht nua an córas daonlathach a bhfuilimid in ainm is a bheith inár gcónaí. Ach do Assange níl ann ach céim i dtreo a cheann sprice - ní inniu ná inné a chrom sé ar a chuid oibre, agus tá snáth láidir le feiceáil ina shaol a cheanglaíonn cúrsaí ar fad.

Rugadh Assange i Queensland, san Astráil, i 1971 agus chaith sé cuid dá óige ina chónaí ar “Magnetic Island” (tagann tagairtí an úrscéil ghrafaigh go luath sa scéal!). Phós a mháthair faoi dhó roimh na déaga aige, an dara huair le fear a bhí páirteach i gcultas aoise nua, darbh ainm “The Great White Brotherhood”. Scar sí leis an bhfear seo, ach níorbh mhór do Assange agus dá mháthair dul ar a dteitheadh ar feadh cúig bliana ón gcultas. Ní bheifí ag dul thar fóir leis an bpopshíceolaíocht dá bhfeicfí sa tréimhse mhúnlaitheach seo síolta an drochamhrais atá ag Assange faoi chomhchealga rúnda ar fad.

An Chéad Ghabháil

Agus an sé bliana déag d’aois slánaithe aige, chuaigh sé le ríomhaireacht, agus thug sé an t-ainm bréige “Mendax” air féin, a tháinig ó fhrása Laidine Horace - “splendide mendax”. Ciallaíonn sé “bréagach uasal”, agus ba leid shoiléir é faoin dearcadh a bhí ag Assange. Aigne ‘bhréagach’ mar faoin am ar gabhadh é i 1991, bhí sé tar éis briseadh isteach i ríomhairí, nár leis iad, ar fud an domhain, ach bhí an aigne ‘uasal’ fós ann, mar ag an am céanna bhí rialacha aige. Nuair a bhriseadh sé/siad isteach, ní raibh sé ceadaithe na córais insíothlaithe a lot ná na sonraí a bhí istigh iontu a athrú. Ach an riail ba shuimiúla a bhí ag an Assange óg ná go raibh iachall air agus ar a chomrádaithe aon eolas ar tháinig siad trasna air a roinnt le chéile, go hoscailte. Cibé tréithe eile atá ag Assange, is soiléir go seasann sé go dlúth lena chuid prionsabal.

Dheimhnigh Assange le déanaí go raibh ceann de na ríomhchórais ba thábhachtaí ag Arm na Stáit Aontaithe faoi smacht aige ar feadh dhá bhliain. Ach fós nuair a ciontaíodh é, níor gearradh ach fíneáil AU$2100 air, mar dúirt an breitheamh nach raibh aon fhianaise ann gur chuspóirí mailíseacha a bhí ag Assange, ach a mhalairt ar fad – nach raibh i gceist aige ach fiosracht intleachtúil amháin.

Ó shin i leith chuir Assange a lámh i réimse leathan oibre ríomhaire, agus rinne sé ainm dó féin mar ríomhchláraitheoir cumasach. Ach is é a thionscadal is déanaí, WikiLeaks, a tharraing aird an domhain mhóir air, agus cé go bhfuil lucht tacaíochta mór aige tá lucht a cháinte b’fhéidir chomh mór sin arís. Is córas é WikiLeaks a thugann deis do dhuine eolas a sceitheadh ar an idirlíon gan aon bhaol ann go bhfaighfí amach aitheantas an sceithire. Bhíodh Assange ag súil sna laethanta luatha go mbainfí úsáid as WikiLeaks mar a bhaintear úsáid as Wikipedia – is é sin a rá go mbeadh sluaite móra ar an suíomh ag cabhrú leis an obair. Ach d’éirigh sé soiléir nach n-oibreodh an sreabhadh oibre sin, agus thosaigh siad ag obair leis na meáin chumarsáide traidisiúnta chun go scaipfí na scéalta dóibh. Leis na doiciméid sceite is déanaí, mar shampla, tá Wikileaks ag obair as lámh le nuachtáin idirnáisiúnta, The New York Times sna Stáit Aontaithe agus The Guardian sa Bhreatain Mhór san áireamh.

Slad de Leataobh

D’fhoilsigh WikiLeaks a chéad tacar doiciméad i 2006, agus tá eolas foilsithe acu ó shin i leith faoi chaimiléireacht sa Chéinia, Eaglais na hEoleolaíochta, agus taisme eithneach san Iaráin, fágaim. Ach is i 2010 a tharraing siad aird na cruinne orthu féin, le foilsiú “Collateral Murder”, físeáin a thaispeánann sibhialtaigh san Iaráic á marú ag arm na Stát Aontaithe. Bhain na híomhánna láidre, agus na focail neamhbhalbha ráite ag na saighdiúirí, preab as a lán daoine – a mhalairt ar fad den eolas glan srianta sin a thagann amach ó na foinsí oifigúla.

Tá WikiLeaks ag foilsiú na céadta teachtaireachtaí rúnda ó ambasáidí na Stát Aontaithe faoi láthair, as na céadta míle den sórt céanna a mhaíonn siad a bheith i dtaisce acu. D’fhoghlaimíomar as na cinn atá foilsithe go dtí seo go raibh Aire Dlí agus Cirt na hÉireann féin amhrasach faoi eitiltí seachadadh urghnách tríd an tSionainn, go raibh an Vatacáin maslaithe ag iarratas na hÉireann eolas a fháil mar gheall ar shagairt phéidifileacha, agus nár chreid foireann taidhleoireachta Mheiriceánach i mBaile Átha Cliath an míniúchán a thug an Roinn Airgeadais dóibh faoi ráthaíocht na mbanc – agus níl iontu sin ach scata cáblaí a bhaineann le hÉirinn.

Cúiseamh

Gan amhras, tá na daoine ar scaoileadh a gcuid rún ar Wikileaks ag iarraidh stop a chur leis seo, agus níl ann sna Meiriceánaigh ach an dream is déanaí. Faoi láthair tá Bradley Manning, an saighdiúir a bhfuil sé curtha ina leith gur sceith sé na cáblaí, faoi choimeád aonair, agus táthar ann ag moladh pionós an bháis dó. Creideann Assange féin nach bhfuil sna líomhaintí éignithe atá curtha ina leith féin ach cleas chun é a thabhairt don tSualainn, agus go mbeadh sé ansin níos éasca é a eiseachadadh chuig na Stáit Aontaithe. Scéal suimiúil atá tagtha chun solais le déanaí ná go bhfuil Karl Rove, comhairleoir George W. Bush, ag cabhrú leis an gcás cúirte Sualannach. Más fíor é sin, seans go dtugann sé tacaíocht do leagan Assange ar an scéal, maidir le huisce faoi thalamh.

De réir sraith aistí a d’fhoilsigh Assange i 2006, tá sé ag súil go n-éireoidh Rialtas na Stát Aontaithe, agus na comhchealga eile, mar a thugann sé orthu, níos doichte de bharr a chuid oibre. Maíonn teoiric Assange, nuair a bhíonn eagraíocht dírithe ar a cosaint féin ó sceitheadh eolais, ní bhíonn na hacmhainní aici a chuid spriocanna féin a chur i gcrích. Ní bhíonn aon sceitheadh amháin tábhachtach leis féin – is é tionchar an sceitheadh gan stad an rud is tábhachtaí. Ídeoidh an chosaint leanúnach inmheánach fuinneamh na heagraíochta chomh mór sin go gcloífear í de réir a chéile.

An bhfuil teoiric Assange ceart? Is léir ó na hagallaimh atá á dtabhairt aige faoi láthair gur fear neamheaglach é a chreideann go bhfuil sé ag seasamh go láidir i gcoinne an oilc. Tá an scéal ag teacht as an tSualainn go hiomlán trína chéile, gan an leagan cruinn ag aon duine fós – ach taispeánann sé ar a laghad gur duine tútach é, agus seans go dtaispeánann sé tréithe i bhfad níos measa fós aige. Is laoch é Assange do dhaoine áirithe agus bithiúnach ar fad do dhaoine eile – ach an bhfuil sé féin réidh a bheith ina mhairtíreach ar son chúis WikiLeaks?

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.