tabhair freagratabhair freagra #1 Seán Ó Muireagáin 6 Eanáir 2011, 12:01 GMT
Sa deireadh thiar nach cuma cad é mar atá an duine féin a sceith an t-eolas seo ach an t-eolas féin. Is iomaí beithiúnach a scaoil eolas a thug le fios dúinn go bhfuil muid beo i ndomhan salach míchothrom ach níor laghdaíodh luach an eolais sin dá réir! Ná dírímis ar an duine féín níos mó ach ar an eolas féin agus bíódh an chéad scéal eile dírithe ar ábhar an eolais, le do thoil.
tabhair freagratabhair freagra #2 aonghus 6 Eanáir 2011, 21:52 GMT
Is mithid idirdhealú a dhéanamh idir an eagraíocht WikiLeaks agus Julian Assange a fheidhmíonn mar "aghaidh" na heagraíochta, agus mar seoltóir tintrí ar bhealach.
tabhair freagratabhair freagra #3 Micheál Ó Siadhail 7 Eanáir 2011, 12:32 GMT
Bhí seans anseo rud éigin fónta a dhéanamh agus aird a tharraingt ar an eolas tábhachtach a sceith Wikileaks le cúpla seachtain anuas .i. an gráin atá ag rialtas SAM do dhaonlathas sa Meánoirthear, agus in áiteanna eile timpeall an domhain amhail Veiniséala etc.
Seachas sin fuair muid aithris glan ar scéalta faoi Assange féin agus a chúlra, agus ceist gan chiall nó réasún; "An laoch nó bithiúnach é?"
tabhair freagratabhair freagra #4 An Cainteoir Dóchais 9 Eanáir 2011, 12:40 GMT
Bhí amhras orm i gcónaí faoi thaidhleoirí agus faoin "obair" a dhéanann siad. Cruthúnas is ea WikiLeaks go raibh an ceart agam.
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!