AR NA SAOLTA SEO
Frongoch: ollscoil na réabhlóide
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Tá baint ag Tony Birtill le hócaid a bheidh ar siúl i bhFrongoch na Breataine Bige ag deireadh na míosa seo nuair a nochtfar leacht i gcuimhne ar na príosúnaigh Éireannacha a chaith seal ansin roimh bhunú Shaorstát na hÉireann. In alt na míosa seo, tá cur síos aige ar stair roinnt de na daoine a bhí faoi ghlas ansin.

Íomhá
An leacht a dhéanfar a nochtadh ar an 29 Meitheamh.
Íomhá
Tony Birtill (ar dheis) agus Gwyn Sion Ifan (Cumann na Breatnaise) taobh amuigh den siopa leabhar Awen Meirion Cyf ar phríomhshráid Bala, Gwynedd.

Beidh muid ag nochtadh leachta ar a trí a chlog ar an 29 Meitheamh i bhFrongoch sa Bhreatain Bheag, áit a raibh 1,800 Éireannach i ngéibheann tar éis Éirí Amach na Cásca i 1916 agus áit ar bunaíodh craobh de Chonradh na Gaeilge, Craobh na Sróine Deirge, chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc na bpríosúnach.

Tar éis an nochta beidh seisiún ceoil sa teach tábhairne i mBala, cúpla míle síos an bóthar. Beidh uachtarán Chonradh na Gaeilge, Tomás Mac Ruairí i láthair, chomh maith le Jim Carroll, Consal Rialtas na hÉireann i gCaerdydd, agus ar ndóigh tá fáilte roimh chách ann. Fuair muid teachtaireacht dhea-mhéine ó Mháire Mhic Giolla Íosa, Uachtarán na hÉireann le gairid inar ghuigh sí rath is séan ar ár saothar.

Craobh Learphoill de Chonradh na Gaeilge atá ag eagrú na hócáide, agus b’as an chathair cuid de na príosúnaigh, ina measc Neil Kerr agus a mhac John, agus na deartháireacha John, Patrick agus George King. Tá nia na Kings ina bhall d’ár gcraobh sa lá atá inniu ann, agus beidh sé i láthair ar an 29 Meitheamh.

B’as tuaisceart Learphoill na Kings (cosúil liom féin), áit a raibh a lán Éireannach. (Bhí feisire ón Pháirtí Home Rule, T.P. O’Connor acu fiú, ó 1885 go 1925.) B’as Loch Garman tuismitheoirí na Kings, John agus Mary, agus deirtear gur Fínín ab ea an mháthair.

I mí Eanáir 1916 d’fhág na Kings a bpostanna mar chléirigh i Learpholl agus thaistil siad go Baile Átha Cliath, áit ar bhuail siad le hóglaigh eile ó Shasana agus as Albain i ngarastún Kimmage. Tháinig baill de Chumann na mBan ó Learpholl níos déanaí, ina measc Rose Anne Murphy. Fuair sise bás anseo i 1987 ach beidh a mac Bernard i láthair ar an 29 Meitheamh le bróiste a rinne duine de na príosúnaigh i bhFrongoch di.

Istigh in Ardoifig an Phoist a bhí na Kings le linn an Éirí Amach, in éineacht le Pádraig Mac Piaras. (Bhí seisean i Learpholl roimh an Éirí Amach, ach tuilleadh faoi sin an mhí seo chugainn.)

Gortaíodh John King agus bhí píosa srapnail ina bholg go dtí lá a bháis i mí Lúnasa 1969. Tar éis an ghéillte, cuireadh na Kings agus a lán óglach eile sa phríosún i Sasana agus i mí an Mheithimh aistríodh iad go Frongoch, iardhrioglann agus campa géibhinn do na Gearmánaigh. Scaoileadh saor níos mó ná 1,200 acu i mí Iúil agus ní raibh ach na daoine míleatacha fágtha sa champa, na Kings ina measc.

Bhí Rialtas Shasana ag iarraidh iadsan agus Éireannaigh eile ar rugadh orthu i Sasana a chur isteach in arm Shasana ach bhí sé deacair dóibh iad a aimsiú i measc na bpríosúnach eile, mar thug siad ainmneacha bréige ag glaoch an rolla agus mar sin de. Faoi dheireadh, fuarthas iad trí chleas agus tugadh os comhair na cúirte iad i Learpholl i Samhain 1916, “charged with being absentees under the Military Service Act” a dúirt an nuachtán áitiúil, The Liverpool Echo.

De réir an ionchúisitheora, dúirt na Kings go raibh siad ag dul isteach san arm nuair a d’fhág siad a bpostanna roimh an éirí amach.

“Did they say which army?” a d’fhiafraigh a n-aturnae agus phléasc na daoine a bhí i láthair amach ag gáire. Fuarthas ciontach iad, tugadh ar lámh d’arm Shasana iad, agus gearradh fíneáil £2 orthu, “the fine to be deducted from their army pay”.

Stailc ocrais

Ar an lá céanna thosaigh na príosúnaigh eile i bhFrongoch stailc ocrais trí lá in aghaidh chos ar bolg seo na n-údarás. Ós rud é go raibh sé gortaithe, cuireadh John King ar ais go dtí an campa. Ní raibh an bheirt eile sásta éide arm Shasana a chur orthu féin agus b’éigean dóibh siúl thart nocht ar feadh tamaill. Tugadh os comhair cúirt airm Patrick agus George agus chaith siad seal sa phríosún i Sasana.

Scaoileadh saor na príosúnaigh uilig ó Frongoch ag Nollaig na bliana 1916 faoi phardún ginearálta agus phill an chuid is mó acu ar ais go hÉirinn, Michael Collins ina measc. Ní dhearna Neil agus John Kerr, ná John King amhlaidh, áfach - chuaigh siadsan ar ais go Learpholl chun rudaí a eagrú don Big Fellow, an Coileánach. Ní nach ionadh gur tugadh “ollscoil na réabhlóide” ar Frongoch.

Nuair a tháinig Patrick agus George King amach as an phríosún phill siad ar ais go dtí na hóglaigh i Learpholl. Deirtear go raibh siad páirteach san ionsaí coirloiscthe ar na stórais dugaí i Learpholl ar an 28 Samhain 1920 nuair a rinneadh damáiste de níos mó ná £2.5 milliún. Ansin d’imigh siad féin agus deartháir eile, Ned, leo go hÉirinn chun páirt a ghlacadh sa troid ansin.

Tar éis an chonartha i 1921 bhí Patrick King ina oifigeach san arm náisiúnta, ach d’fhan George King san IRA agus lámhachadh é ar an 6 Feabhra 1923 agus é seacht mbliana is fiche d’aois. B’éigean do Patrick dul go dtí an otharlann chun corp a dhearthár féin a fháil.

Cuid shuimiúil d’ár stair na himeachtaí i bhFrongoch. Tá an-spéis ag muintir na háite iontu fosta agus beidh cuid mhaith acu i láthair ar an 29 Meitheamh.

Bí linn más féidir leat!

Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. Tá sé ag obair sa chathair sin mar mhúinteoir agus mar shaoririseoir.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.