Cíorann Breandán Delap cuid de na hathruithe is suntasaí atá déanta ins an leagan chríochnúil den Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge 2010 le hais na Dréachstraitéise a chuaigh roimhe.
Má bhí cuma áiféiseach ar rialtas atá ar tí dul as oifig a bheith ag cur Plean Ceithre Bliana le chéile do ghéilleagar na tíre, tá cuma osréalaíoch ar an rialtas chéanna a bheith ag foilsiú straitéis fiche bliain don Ghaeilge. Ar ndóigh, dúradh ón tús gur maratón seachas ráib a bhí i gceist agus go dtitfeadh an t-ualach ar rialtais éagsúla seachas an ceann atá ann san am i láthair. Éacht ann féin é go bhfuil tacaíocht traspháirtí ag an Straitéis mar gur beag de chló an fhreasúra atá le sonrú air.
Chuir foilsiú na straitéise le linn seachtain na Nollag clabhsúr ar aistear fada a thosaigh le Ráiteas an Rialtais i leith na Gaeilge sa bhliain 2006. As sin a d’eascair an próiseas le Straitéis Fiche Bliain a chur chun tosaigh don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Foilsíodh an Dréachtstraitéis i mí na Samhna anuraidh agus chuir baill den phobal agus den Chomhchoiste Oireachtas a bhí ag plé leis, moltaí chun tosaigh len é a leasú. Is léir ón leagan críochnúil den Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge nach bhfaca ach dornán beag acu sin solas an lae. Níor mhór an cheist a chur, cad chuige ar dhiúltaigh an rialtas do bhreis is tríocha ceann de na moltaí sin? An raibh fiúntas ar bith leis an phróiseas fhadálach chomhairliúcháin - idir chruinnithe pobail, aighneachtaí srl. - más é an toradh gur cuireadh moill bliana ar fheidhmiú na straitéise ar mhaithe le líon beag athruithe? An próiseas in aisce a bhí ann?
An Scoilt?
Ach d’ainneoin sin, tá a mbeannacht tugtha ag an fhreasúra don Straitéis. Go deimhin, bhain urlabhraí Gaeltachta Fhine Gael, Frank Feighan, leas as an ócáid sheolta le cur in iúl go mbeidís ag déanamh athbhreithniú ar mholadh a rinne ceannaire an pháirtí go ndéanfaí ábhar roghnach don Ghaeilge i ndiaidh an Teastais Sóisirigh. Thapaigh sé an deis go gairid ina dhiaidh sin le cur in iúl nach raibh aon athrú tagtha ar dhearcadh an pháirtí i leith na Gaeilge éigeantaí! Is cosúil, de réir tuairisc an tráthnóna céanna, gur ruathar aonair de chuid Feighan a bhí anseo nó gur léiriú é ar dheighilt níos leithne taobh istigh de Fhine Gael.
Spriocanna
Tá roinnt athruithe suntasacha sa leagan chríochnúil ón mhéid a bhí sa dréachstraitéis a foilsíodh anuraidh. Tá go leor díospóireachta déanta le bliain anuas faoin sprioc uaillmhianach sa straitéis go dtiocfadh méadú ar an líon daoine a labhraíonn Gaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais ó 83,000 go 250,000 fán bhliain 2030. Bhí go leor daoine cáinteach fosta nach raibh spriocóg faoi leith leagtha síos don Ghaeltacht sa Dréachtstraitéis laistigh den 250,000 sin.
Tá sé sin curtha ina cheart anois agus é mar aidhm go dtiocfadh méadú de 25% ar líon na gcainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht. Díol spéise gur figiúir níos ísle - agus níos réadúla - é seo ná an ceann náisiúnta atá fós luaite sa leagan deireanach den straitéis. I bhfocal eile níl siad ach ag dréim le 25% de mhéadú ar líon na gcainteoirí Gaeilge sa cheantar ina bhfuil an teanga fós á labhairt ar bhonn laethúil, fad is atáthar ag súil le méadú de os cionn 300% san áit nach bhfuil! Tá lúb ar lár éigin sa mhéid sin.
Cúram na Fiontraíochta
Tharraing na hathruithe atá beartaithe d’Údarás na Gaeltachta caint go leor le bliain anuas, go háirithe os rud é gur dúradh i bPlean Caipitil an Rialtais go mbeadh cúraim fiontraíochta is fostaíochta na heagraíochta á aistriú go Fiontar Éireann. Cuimhnímis gur chinneadh rialtais a bhí sa Phlean Chaipitil úd agus ba threise go mór é ná moltaí na dréachtstraitéise. Dúradh gur chéim mhór chun cúil a bheadh anseo ag am nuair a bhíothas ag iarraidh stad a chur le meath na Gaeltachta. Le linn feachtas fothoghcháin Dhún na nGall Thiar Theas, áfach, thug iarrthóir Fhianna Fáil, Brian Ó Domhnaill, le fios do Raidió na Gaeltachta go bhfuair sé barántas ón Aire Carey go bhfanfadh cúraimí fiontraíochta is fostaíochta ag an Údarás. Mar sin féin, bhí éiginnteacht áirithe ann maidir le láidreacht an ghealltanais sin. Leanann an éiginnteacht sin.
Mar a bhí sonraithe sa Dréachtstraitéis tá sé i gceist go mbeadh an eagraíocht ag feidhmiú ar bhonn náisiúnta feasta ach beidh lúcháir ar ghníomhaithe teangan áirithe mar go gcoinneoidh sé a shainchúram Gaeltachta. Tá sé ráite sa Straitéis go gcoinneoidh Údarás na Gaeilge agus na Gaeltachta (mar a bheas air feasta) ‘na feidhmeanna atá Údarás na Gaeltachta ag cur i bhfeidhm i láthair na huaire, lena n-áirítear feidhm fiontraíochta.’ Ach tabhair faoi deara gur ‘feidhm fiontraíochta’ seachas ‘feidhm na fiontraíochta’, nó ‘feidhmeanna fiontraíochta’ atá luaite. Deirtear fosta go mbeidh an tÚdarás úr ag comhlíonadh ‘feidhmeanna ábhartha’ atá acu faoi láthair, ach níl na feidhmeanna ábhartha úd beachtaithe ann. Is cinnte go bhfuil soiléiriú de dhíth ar an ghné seo den Straitéis.
Ceapúcháin
Ach tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil deireadh á chur le bord tofa daonlathach an Údaráis. Tá an tÚdarás éagsúil ó bhord stáit ar bith eile sa mhéid is go dtoghtar formhór a gcuid comhaltaí. Bhí go leor den tuairim nuair a foilsíodh an Dréachstraitéis nach raibh sé i gceist go leanfaí ag toghadh seachtar déag ball as bord de scór don Údarás cionn is gur eagraíocht níba leithne a bheadh ann feasta a d’fhreastalódh ar chur chun cinn na teanga sa Stát ina iomláine.
Fós féin, bhí gné thofa luaite sa Dréachtstraitéis: ‘Reáchtálfaidh Bord, a bheidh comhdhéanta d’ionadaithe tofa agus de chomhaltaí a cheapfaidh an tAire, Údarás na Gaeilge. Comhthreomhar leis sin bunófar Coiste Comhairle Gaeltachta a bheidh comhdhéanta de chomhaltaí tofa de chuid Údarás na Gaeilge agus comhaltaí údáráis áitiúil a bheidh ina gcónaí laistigh den Ghaeltacht le comhairle a thabhairt go sonrach faoi chúrsaí a bhaineann leis an nGaeltacht. Cuirfidh Údarás na Gaeilge tacaíocht rúnaíochta ar fáil don Choiste.’
Tá an ghné thofa fágtha ar lár go hiomlán sa leagan críochnúil den Straitéis. Beidh bord ag Údarás na Gaeilge agus na Gaeltachta, ar ndóigh, ach drochsheans go mbeidh deis ag pobal na Gaeltachta a nguth a chaitheamh i gcomhdhéanamh an Bhoird sin mar a bhí á dhéanamh ó 1980 i leith. I bhfocail eile, cé go bhfuil a sainchúram Gaeltachta coinnithe ag an Údarás is léir go bhfuil sé beartaithe deireadh a chur le nós a mhair breis is tríocha bliain!
Leis an Straitéis a chur i bhfeidhm beidh gá le húdarás láidir, ceann atá ionadaíoch ar na pobail Ghaeltachta éagsúla. Ach má thógtar an ghné sin ar shiúl, is cinnte go gcaillfidh sé a neamhspleáchas agus nach mbeidh ann feasta ach sciathán de chuid Roinn na Gaeltachta. Tá an eagraíocht ag feidhmiú le blianta anuas mar a bheadh poblacht neamhspleách ann; ag déanamh cinntí faoi chaiteachas agus faoi mhaoiniú tograí, ag déanamh socruithe le hinfheisteoirí agus ag iarraidh tionscnaimh a mhealladh chun na Gaeltachta.
Deis Leasaithe
Níl an eagraíocht gan locht agus bhí géarghá le leasú a dhéanamh ar an bhord, a bhí rómhór agus ró-amscaí le feidhmiú i gceart mar Pharlaimint Gaeltachta. Deis iontach a bhí sa leathnú a dhéanfar ar a gcuid cúraimí le gearradh siar ar líon na mball a thoghtar. Ach ina áit sin, cuirfear deireadh ar fad leis an toise daonlathach. Céim siar é seo mar go mbeidh an eagraíocht ag pilleadh ar an ról a bhí ag a réamhtheachta – Gaeltarra Éireann. Tá an baol ann anois go bplúchfar an glór neamhspleách, a bhíodh ag an Údarás, taobh istigh den Roinn.
Is léir, áfach, go bhfuil Roinn na Gaeltachta meáite ar athrú radacach a dhéanamh ar an Údarás. In áit leasú a dhéanamh ar an reachtaíocht a bhaineann leis chun cúraimí níos leithne a bhronnadh ar an eagraíocht, tá sé ráite sa Straitéis go ndéanfar an tsean-reachtaíocht a aisghairm ina hiomláine.
Tá doiléire fosta ag baint le ról na n-eagraíochtaí éagsúla i bhfeidhmiú na Straitéise – idir Údarás na Gaeilge agus na Gaeltachta, an tAonad Straitéise (a bheas freagrach as maoirsiú a dhéanamh ar an phróiseas phleanáil straitéise agus ar fhorbairt acmhainní) agus Foras na Gaeilge a bheas ag fanacht ‘mar phríomhghné den struchtúr tacaíochta don teanga sa dá chuid den oileán.’ B’fhada iar-Aire na Gaeltachta, Éamon Ó Cuív ag maíomh go raibh i bhfad barraíocht eagrais Ghaeilge ann agus gur cheart a líon a laghdú. Ach tá an baol ann leis an Straitéis seo go gcuirfear le maorlathas na Gaeilge mura leagfar síos na réimsí ar leith go soiléir do na heagraíochtaí thuasluaite ón tús.
COGG Slán
Beidh lúcháir ar go leor cainteoirí Gaeilge go bhfuil todhchaí ceann de na heagraíochtaí is fórásaí a bhaineann leis an teanga buanaithe sa Straitéis. Bhí todhchaí an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) idir dhá cheann na meá ón uair gur mhol Colm McCarthy agus a chairde ins an Bord Snip Nua fáil réidh leis. Mhol an Comhchoiste Oireachtais go ndéanfaí foras reachtúil de COGG ag a mbeadh: ‘cumhachtaí sainnithe i leith ionadaíocht a dhéanamh ar thuairimí agus ar mholtaí na bpáirtithe leasmhara i gcás foirmithe polasaithe oideachais don Ghaeltacht agus do phobail Ghaeilge.’
Níl sé seo déanta ag an Rialtas ins an Straitéis ach mar sin féin, tá stádas COGG láidrithe go mór agus breis foirne geallta dó. Maítear go mbeidh ‘príomhról’ ag an eagraíocht i bhfeidhmiú na Straitéise san earnáil oideachais. Deirtear go gcuirfear ‘an fhoireann chuí agus na hacmhainní cuí’ ar fáil do COGG le dualgais áirithe a chomhlíonadh i réimse an oideachais ar nós téacsleabhair agus áiseanna foghlama agus múinteoireachta a sholáthar agus comhairle a chur ar an Aire maidir le beartais a bhaineann le hoideachas trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil. Níl aon amhras ach gur dea-scéal é seo.
Níor tapaíodh an deis sa Straitéis córas earcaíochta sa tseirbhís phoiblí a bhunú a chinnteodh go bhfostófaí daoine le Gaeilge. Ba ón Choimisinéir Teanga a tháinig an moladh sin i dtús ama agus glacadh leis ins tuarascáil a chur an meitheal saineolaithe idirnáisiúnta faoi cheannas Fiontar le chéile mar threoir don Rialtas agus iad ag ullmhú na straitéise. Bhí a leithéid molta fosta ag an Chomhchoiste Oireachtais. Ina áit sin, tá leagan níos laige ins an leagan chríochnúil den Straitéis: ‘Ceapfaidh an Roinn Airgeadais agus an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí socruithe cuí d’fhonn cur leis an gcohórt seirbhíseach poiblí atá in ann feidhmiú go dátheangach.’ Ach níl aon bheachtú cuí déanta ann ar cad is ‘socrú cuí’ ann.
I ndeireadh ama, áfach, tá dúshraith mhaith leagtha síos ins an Straitéis mar léarscáil an bhealaigh do shlánú na teangan. Is é a an dúshlán atá ann anois ná breis forbartha a dhéanamh uirthi sna blianta amach romhainn agus í a chur i bhfeidhm ina hiomláine.
Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.