Beo! (freagraí ar: D’easpa an Chreidimh) http://beo.ie/alt-deaspa-an-chreidimh.aspx#comments Am lóin, tús na n-ochtóidí agus sinn ag míniú dá chéile a bhrúidiúla is a bhíodh meánscolaíocht na linne, labhair fear amháin inár measc amach le fearg. Is é an dóigh gur spreag ár gcuid cainte sinne é. An áit ar sacadh eisean Leitir Fraic, níor thada na scéalta againne, le hais éigniú, dúnorgain nó marú agus uaigeanna nach dtugadh gaolta cuairt. Aon duine amháin a chreid an liodán uafáis uaidh agus nuair a scaoil sé leis na deora, ba chineál deimhniú don chuid eile againn nach raibh air ach cliseadh néaróga ag cur as dó. ga Cóipcheart Oideas Gael. Fri, 26 Apr 2024 05:24:22 GMT http://beo.ie/logo.gif Beo! http://beo.ie/