Beo! (freagraí ar: Dearcadh Cúng na Cruthaitheachta) http://beo.ie/alt-dearcadh-cung-na-cruthaitheachta.aspx#comments Deir an tOllamh Fionnbarra Ó Brolcháin gur ábhar buartha nach dtuigtear i gceart go fóill conas cur le hacmhainn nuálaíochta na tíre. Is cosúil go bhfuil páirtí polaitíochta amháin ag snámh go tubaisteach ina haghaidh. ga Cóipcheart Oideas Gael. Fri, 24 Sep 2010 19:41:20 GMT http://beo.ie/logo.gif Beo! http://beo.ie/ Eoin Mac an t-saoir http://beo.ie/alt-dearcadh-cung-na-cruthaitheachta.aspx#comments Ní de thaisme go dtagann na scríbhneoirí is éirimiúla as Éirinn. Cuir i gcás mo laoch áirithe, Brian Ó Nualláin, nó mar b’fearr aithne air, b’fhéidir, Brian Nolan, nó Myles na gCopaleen, nó Flann O’Brien, nó Dr. De Selby, nó Jams O’Donnell.

A thiarcais, ní thiocfadh le teanga amháin cuimse a choinneáil ar réimse a smaointí! Chaitheadh sé tús an lae le Sean-Ghaeilge, dhéanadh sé cuairt ar an Nua-Ghaeilge, leanadh sé le camchuairt fríd an Fhraincis, an Ghearmainis agus an Láidin, agus mhaolaíodh sé an oíche i gcuideachta an Bhéarla Bhaile Átha Cliath.

Ní bhfuair sé aitheantas ceart agus é beo, ach tá moladh fós ar “At-Swim-Two-Birds”, “An Béal Bocht”, agus “The Third Policeman”, gan trácht ar na altanna a scriobh sé don Irish Times, idir Ghaeilge agus Bhéarla. Agus deirtear gur tógadh a lán téamaí agus carachtar na sraithe teilefíse “LOST” as a chuid ficsean eolaíochta.
Fri, 24 Sep 2010 19:41:20 GMT Saoithín http://beo.ie/alt-dearcadh-cung-na-cruthaitheachta.aspx#comments Tá teoiric na coibhneasta teangeolaíche fíor-chonspóideach. Feictear domsa nach nglactar ach le leagan ‘éadroim’ den teoiric faoi láthair: sé sin gur ar éigin atá aon tionchar ag struchtúr an teanga ar an chaoi a smaoiníonn an duine.

Níl an Béarla ina aonar mar theanga “ABC” (ainmní-briathar-cuspóir). Má roinntear na teangacha go léir de réir ord na n-eilimintí seo, tá teangacha ABC ar an dara catagóir is mó. (Mar shampla an Spáinnis, an Fhraincis).

Más féidir a rá go bhfuil teanga ina chosaint ó fhórsaí cultúrtha domhanda, is de bharr go gcuireann sí bac ar tháirgí cultúrtha(a bhaineann le teanga) a bheith á gcaitheamh ag an phobal. Ach fiú amháin ar an chaoi sin, tá sí neamh-éifeachtach. Tá ráchairt an-mhór ar tháirgí cultúrtha Meiriceánacha sa Fhrainc mar shampla.

Rud eile. Cé go bhfuil cainteoirí dúchasacha an Bhéarla ina mionlach, tá sé beagnach i dtús áite má chuirtear san áireamh iad siúd a bhfuil an Béarla acu mar an dara teanga. Anuas air sin, tá na daoine is mó cumhacht i measc an tslua sin. Labhraítear an Béarla go forleathan i measc uasaicme na hIndia agus na Síne.

Gan amhras is fiú go mór an Ghaeilge a chaomhnú. B’fhiú sin ar mhaithe lena háilleacht féin, gan bheith ag caint ar an bhaint atá aici le cúrsaí féiniúlachta agus an chaoi a bhfuil sí ina tobar cultúrtha. Ach is cóir bheith réadúil fosta: ní chuirfidh caomhnú na Gaeilge le slánú na heacnamaíochta. Tá an gaol ró-lag idir teanga agus an chruthaitheacht.
Wed, 08 Sep 2010 19:23:27 GMT Josie Cambpell http://beo.ie/alt-dearcadh-cung-na-cruthaitheachta.aspx#comments Seo alt a cheanglaíónn go loighciúil riactanaisí na hÉreann ó thaobh oideachais, teanga agus fiontraíochta de. An bhfuil éinne amuig ansin sásta é a aistriú do na polaiteoirí sin nach dtuigeann?
Sat, 04 Sep 2010 14:27:12 GMT