Beo! (freagraí ar: Coimhthiú na Gaeilge agus na nGael) http://beo.ie/alt-coimhthiu-na-gaeilge-agus-na-ngael.aspx#comments Mheabhraigh scéal tacsaí Hampden eachtraí a bhain dó féin do Sheosamh Ó Riain. An féidir eachtraí mar é a mhíniú san am a bhfuil borradh faoin nGaelscolaíocht agus ‘bá leis an nGaeilge’ go forleathan? ga Cóipcheart Oideas Gael. Tue, 25 Feb 2014 18:42:34 GMT http://beo.ie/logo.gif Beo! http://beo.ie/ Niall na Naoi bPiontaí http://beo.ie/alt-coimhthiu-na-gaeilge-agus-na-ngael.aspx#comments Ní féidir liom é seo a chreidiúint! Tá Glaschú chomh lán Gael (Albannaigh is Éireannaigh) agus go bhféadfá bualadh le duine eigin i gcúilín eigin ag am eigin agus labhairt leo i pé rogha teanga atá agat, Gáidhlic nó Gaeilge. Go deimhin, ar thuaisme a bhuail mé féin le tiománaí sa gcathair sin agus Gáidhlic aige - agus é breá sásta í a labhairt.
Tue, 25 Feb 2014 18:42:34 GMT Dubhaltach http://beo.ie/alt-coimhthiu-na-gaeilge-agus-na-ngael.aspx#comments Ó mo thaithí féin is cuma le daoine i bpubanna na cathrach móire cén teanga a labhraíonn tú le do chomhluadar drabhláis.
Agus tá taithí na mblianta agam ag spalpadh drochGhaeilge i ndrochchomhluadar, agus níor thug mé féachaint nimhneach faoi deara riamh.

B'fhéidir go raibh do chomhluadar ró-ghoilliúnach?

Déarfainn go raibh níos mó ná iontais ar an bhfear beáir Gaeilge a chloisteáil ó Fhrancach agus Bavárach.
Mon, 24 Feb 2014 12:09:50 GMT Fearn http://beo.ie/alt-coimhthiu-na-gaeilge-agus-na-ngael.aspx#comments > Ar ndóigh, bheadh sé thar a bheith suimiúil fáil amach go díreach na
> cúiseanna uile taobh thair den dearcadh seo.

Só agus grá an tsó is siocair don neamhchúis nó don doicheall, dar liom!
Sun, 23 Feb 2014 11:56:26 GMT Seosamh (Ó Riain) http://beo.ie/alt-coimhthiu-na-gaeilge-agus-na-ngael.aspx#comments A Fhirn,
I ndóthair, ní lia duine ná tuairim maidir le dearcadh daoine i leith na Gaeilge (nó mionteangacha srl), agus is iomaí cúis - doicheall roimh an nua ina measc - atá ag daoine chun dul i mbun na teanga nó droim láimhe a thabhairt di.
'Sé éirim an ailt thuas ná cé chomh casta is atá ceist na teanga (Gaeilge) fós i measc an phobail.
Ar ndóigh, bheadh sé thar a bheith suimiúil fáil amach go díreach na cúiseanna uile taobh thair den dearcadh seo.
Sat, 22 Feb 2014 10:25:02 GMT Fearn http://beo.ie/alt-coimhthiu-na-gaeilge-agus-na-ngael.aspx#comments > An cheist ná más amhlaidh atá an cás, cad ina thaobh go bhfuiltear
> drogallach roimh theanga amháin thar a céile, go háirithe roimh
> mionteangacha m.sh. an Ghaolainn, an Bhreatnais agus an Ghàidhlig.

Dar ndóigh, is iomaí ceist mar sin ann:
An cheist ná más amhlaidh atá an cás, cad ina thaobh go bhfuiltear drogallach roimh chine amháin thar a céile, go háirithe roimh mionchiníocha m.sh. Románaigh, Latbhigh agus Camarúnaigh?

An cheist ná más amhlaidh atá an cás, cad ina thaobh go bhfuiltear drogallach roimh cheol amháin thar a céile, go háirithe roimh mioncheolta m.sh. Baróc, ceol na Liobáine, Rai?

7rl, 7rl
Thu, 20 Feb 2014 18:45:10 GMT AnFearGanAinm http://beo.ie/alt-coimhthiu-na-gaeilge-agus-na-ngael.aspx#comments Cá bhfios a Fhirn nach bhfuil ann ach drogall roimh rudaí nua bíodh sin cultúr, teanga nó eile.
An cheist ná más amhlaidh atá an cás, cad ina thaobh go bhfuiltear drogallach roimh theanga amháin thar a céile, go háirithe roimh mionteangacha m.sh. an Ghaolainn, an Bhreatnais agus an Ghàidhlig.
Ceart agat, níl fianaise dá laghad ann (go bhfios dom) go ndúirt an t-uasal Freud tada dá leithéid i leith fháthmheas aigne na nÉireannach, cé gur minic a chloistear a mhalairt.
Thu, 20 Feb 2014 14:31:06 GMT Fearn http://beo.ie/alt-coimhthiu-na-gaeilge-agus-na-ngael.aspx#comments B'fhéidir nach bhfuil taobh thiar de na scéalta seo go léir, ach go bhfuil doicheall ar dhaoine áirid ar rudaí nach dtuigeann siad, teangacha san áireamh.

DAS:"Más fíor go ndúirt Freud gurb iad na hÉireannaigh an t-aon dream amháin nach bhfuil maith san fháthmheas aigne (.i. sa tsícanailís) dóibh".
Ní fíor é. Níl fianaise focal Freud le fáil.
Thu, 20 Feb 2014 10:47:13 GMT tSeans http://beo.ie/alt-coimhthiu-na-gaeilge-agus-na-ngael.aspx#comments Tá an ceart agat, is deacair meon na n-Éireannach a mhíniú, aon uair is a bhím ag caint le daoine i mBleá Cliath sa Ghaeilge bíonn daoine ag féachaint go géar orainn. Rud aisteach áfach, ach ag druidim go dtí deireadh na hoíche sna pubannaí, bíonn daoine níos báúla don teanga (agus iad ar meisce). Feictear dom mar sin go bhfuil daoine báúil don teanga ach sórt scanraidh orthu an meas sin a thaispeáint go dtí gur thugann an deoch misneach dóibh!
Thu, 06 Feb 2014 17:50:45 GMT