N'fheadar an scileanna ríomhaireachta atá i gceist in aon chor; nach an taobh ealaíona agus drámaíochta is tábhachtaí anseo? Ach is fíor go bhfuil ganntanas mór ar an taobh innealtóireachta i gcoitinne freisin. Is gá smaoineamh a mhúineadh!
GRMA don tráchtaireacht Aonghus agus pointe maith agat. Connote gur gá smaoineamh a múineadh agus cruthaitheacht a chothú ach i ndáiríre ní féidir ach nósanna ina leith siúd a fhorbairt ach is féidir bunús códú a mhúineadh cosúil le gramadach agus matamaitice.
> is féidir bunús códú a > mhúineadh cosúil le gramadach agus matamaitice. Ní go ró mhaith atá ag éirí linn san dá earnáil sin! Tá baol ann go rachadh daoine i bhfostú i dteanga áirithe ríomhaireachta (a bheidh as dáta sula fhágann siad an scoil) seachas leis na coincheapa teibí is gá chun dul i ngleic le ríomhairí.