Is "eachtrannach" le Gaeilge mé agus dearbhaím go hoifigiúil gurb é an chúis a d'fhoghlaim mé Gaeilge ná chun náire a chur ar na hÉireannaigh! (Agus chun a gcuid postanna is a gcuid ban a ghoid uathu, ach sin scéal eile.)
Ní raibh "fear grinn" chomh dúr le Neil Delamare riamh! Is cúis iontas i gcónaí dom conas is féidir leis an bhfear sin slí bheatha a bhain amach mar fhuirseoir proifisiúnta, ní luíonn sé le ciall nó acmhainn grinn.
Peig - mo sheacht mallacht uirthi - bhí an ghráinn dhearg agam ar an leabhar lofa sin agus cinnte le Dia, tá an ghráinn agam air anois. Bocht an rud é nár léim sí sa tuile i dtreo is go spárálfadh sí ón t-anró chuile dhuine a raibh de dhualgas orthu an seafóid sin a léamh . @Eamonn tá "Crimeline" níos greannmhaire ná Peig!!!!