Tá an chuid is mó de Ghaeltacht Mhaigheo chomh bréagach leis na eastáit tithíochta ar imeall Chathair na Gaillimhe, atá sa Ghaeltacht oifigiúil. Níos túisce i mbliana nuair a leagas an slat tomhais a bhí molta ag an Staidéar Cuimsitheach ar an 22 toghcheantair nó chuid de thoghcheantair atá aitheanta mar ceantair oifigiúla Gaeltachta, ní raibh ach an 4 chinn acu a shásódh na bunchritéir teangeolaíochta a moladh a usáid le catagóiriú a dhéanamh ar cheantair Ghaeltachta, sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíochta (2007): Baile an Chalaidh agus Abhainn Bhrain i nDeisceart an Chontae (thart ar Fionnaithe agus Coill a' tSiáin); Cnoc an Daimh (Ceathrú Thaidhg) san Iarthuaisceart agus An Geata Mór Theas (Eachléim). Ceathrú Thaidhg (catagóir B) is láidre agus is ceart cosaint cheart a thabhairt don teanga ann: deontas tithíochta a chur ar bun ann le daoine le Ghaeilge ó dhúchas a mhealladh le cur futhu ann, mar shampla. Tá daonra réasúnta (900+) thart ar an Eachléim agus d'fhéadfaí an teanga a neartú ansin, ach tacaíocht speisialta a thabhairt dona scoileanna sa gceantar agus do thuismitheoirí a bheadh sásta Gaeilge a labhairt lena gcuid gasúir. Tá buntáiste ag Fionnaithe/Coill an tSiáin ó dheas, mar go bhfuil sé buailte ar Dhúiche Sheoighe i nGaeltacht na Gaillimhe, ach bheadh tacaíocht ag teastáil óna scoileanna ansin chomh maith. Is ar an cheithre póca sin ar cheart an pleanáil teanga a dhíriú agus díscríobh a dhéanamh ar an gcuid eile de Ghaeltacht oifigiúil Mhaigheo. Ar an gcaoi sin, b'fhéidir go mbeadh seans éicint ann go bhféadfaí canúint álainn Mhaigheo a shábhailt mar theanga bheo dona glúnta atá le tíocht.