Cíorann Breandán Delap a bhfuil le fáil i gcomhaid rialtais maidir le feidhmiú Údarás na Gaeltachta i mblianta tosaigh na heagraíochta.
Tá léargas maith le fáil i gcáipéisí a scaoil Roinn na Gaeltachta amach faoin riail 30 bliain ar bhlianta tosaigh Údarás na Gaeltachta, ar na feidhmeanna a samhlaíodh a bheadh aige agus na deacrachtaí a bhí ag go leor dá gcliantchomhlachtaí i mblianta tosaigh na heagraíochta. Is léir ó na comhaid go ndearna an chéad Phríomhfheidhmeannach a bhí ag an Údarás iarracht tionchar a imirt ar cé a bheadh roghnaithe ar bhord na heagraíochta. Tá sé le léamh chomh maith go raibh Aire Airgeadais an ama go mór in amhras faoi chur chuige an Údaráis agus faoi inmharthanacht cuid de na comhlachtaí a fuair deontas i gcabhair uathu.
Ba sa bhliain 1980 a bunaíodh an tÚdarás le teacht i gcomharbacht ar an áisíneacht forbartha ghnó Gaeltarra Éireann a bhí ar an fhód le breis is scór bliain roimhe sin.
Iar-Phríomhfheidhmeannach Ghaeltarra, Cathal Mac Gabhann, a ceapadh mar an chéad Phríomhfheidhmeannach ar an eagraíocht úr.
Léiríonn comhad de chuid Roinn an Taoisigh go ndearna an tUas Mac Gabhann tréanstocaireacht le bheith mar bhall de Bhord an Údaráis díreach sular bunaíodh an eagraíocht. Go deimhin, tá sé soiléir fosta go ndearna sé iarracht tionchar a imirt ar roghnú na gcomhaltaí boird agus go ndeachaigh sé caol díreach chuig an Taoiseach lena achainí seachas chuig Aire na Gaeltachta, Máire Geoghegan Quinn. D’fhreastail an tUas Mac Gabhann ar an scoil chéanna leis an iar-Thaoiseach, Cathal Ó hEochaidh, agus sheol sé litir phearsanta chuige ar an 20 Nollaig 1979 ag impí air é a cheapadh ar bhord na heagraíochta nua. Trí chomhalta dhéag a bhí ar an chéad bhord, seachtar tofa agus seisear ainmnithe. Thug an tUas Mac Gabhann suntas dó go raibh ceathrar múinteoirí ina measc siúd a toghadh agus nach raibh ach aon duine amháin ina measc a raibh taithí gnó aige.
"It is essential that the members to be appointed include people with a national standing in industrial, commercial, financial and political circles and also people who are well connected in Central Administration. It is important in these new circumstances that the Chief Executive of the organisation be a member of the Authority. It is essential that the Chairman be a person of independent standing. I would like to have an opportunity to discuss the question briefly with you before the appointments are made," a scríobh an tUas. Mac Gabhann.
An Neamhaird
Ach tugadh an chluas bhodhar dá achainí. I meamram a scríobh Rúnaí Príobháideach Aire na Gaeltachta, Seán Aylward, faoin stocaireacht seo, dúradh go raibh an Roinn ‘vehemently opposed to the appointment’ agus go ndeachaigh Aire na Gaeltachta, Máire Geoghegan Quinn, i gcomhairle leis an Taoiseach sular ceapadh na baill ainmnithe. “The Taoiseach got a message before Christmas that Cathal Mac Gabhann wished to speak to him. He asked us to contact him. Mr. Mac Gabhann was away on the day in question and when he rang back a few days later the Taoiseach declined to speak to him.” [- cé gur cáilíodh an méid sin le peann ar thaobh na litreach.] I ndeireadh thiar thall b’é Micheál Ó Máille a ceapadh le bheith ar an chéad Chathaoirleach ar Údarás na Gaeltachta.
Bhí an chéad dhá bhliain achrannach go maith don Údarás agus ní raibh aon éalú acu ón chúlú geilleagair náisiúnta agus domhanda a bhí ann. Blianta achrannacha polaitiúla a bhí iontu fosta agus tharla athrú rialtais i lár na bliana 1981 nuair a bhunaigh Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre comhrialtas faoi cheannaireacht an Dr Garrett Fitzgerald. Léiríonn miontuairiscí cruinnithe comhaireachta ón bhliain 1981 go mb’éigean don stát teacht i gcuidiú le linn na bliana sin ar ocht gcomhlacht a fuair deontais ón Údarás nó ó Ghaeltarra roimhe sin. De bharr cúinsí geilleagair an ama, theip ar go leor de chliantchomlachtaí an Údaráis a gcuid spriocanna a bhaint amach. Bhí amhras, áfach, ar bhaill áirithe den rialtas faoi chur chuige an Údaráis agus faoi cé chomh inmharthanach is a bhí na comhlachtaí seo ón tús.
Maitheamh Fiacha
In Earrach na bliana, 1981, chaill 72 duine a gcuid postanna i monarcha Contek Teo ar an Cheathrú Rua i gConamara. Rinne Aire na Gaeltachta, Pádraig Ó Tuathail (FG), iarratas chuig an rialtas le go nglanfaí a gcuid fiacha toisc “go bhfuiltear ag bagairt go mbeidh achrann le hÚdarás na Gaeltachta – agus an milleán á chur ar an Rialtas – mura mbeidh na híocaíochtaí iomarcaíochta ar fáil roimh an Aoine seo chugainn ag na hoibrithe atá ag feitheamh le cúpla mí.” Ní mó ná sásta a bhí an tAire Airgeadais, John Bruton, faoin mholadh seo, áfach. Léirigh sé a imní faoin mhéid airgid a bhí caite ag an stát ar an chomhlacht go dtí sin. Dúirt sé go raibh sé go mór in amhras faoi inmharthanacht an togra nuair a tháinig sé os comhar an rialtais don chéad uair in Aibreán, 1977 (bhí seisean ina Rúnaí Parlaiminte ag an am). Ar thrí ócáid eile chuir sé in iúl: “that he had the gravest doubts about the fundamental viability of the company and about the possibility of its ever achieving profitability. The results show that the fears were well grounded. The Minister is disturbed that the judgment of Gaeltarra, and in turn of the Minister of the Gaeltacht, on the viability of the company were consistently wrong.”
Thug an tAire Bruton sonc dá chomhleacaí rialtais fosta. Mheabhraigh sé go raibh sé mar dhualgas ar Aire na Gaeltachta a chinntiú san am a bhí le teacht go mbeadh “the viability of new firms is much more thoroughly established by the Údarás before State funds are invested and that the Údarás, through better monitoring of the performance of existing firms, should identify at an early stage, before large amounts of scarce exchequer resources have been wasted, [on] projects lacking viability.”
Léiríonn mionthuairiscí ó chruinniú comhaireachta an 30 Meán Fómhair,1981, gur ceadaíodh don Údarás ar deireadh thiar thall fiacha Contek a ghlanadh, ar an choinníoll go ndéanfadh Aire na Gaeltachta fiosrúchán ar chleachtas an Údaráis nó a gcuid cliantchomhlachtaí i leith íocaíochtaí iomarcaíochta: “making or authorising extra-statutory redundancy payments from State funds where the firms concerned have not the necessary funds.”
Leachtú agus Glanadh Fiach
I Nollaig 1981, thoiligh an Chomhaireacht cead a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta suim £280,000 de scaireanna a cheannacht i Europlast in Eastáit Tionsclaíochta Ghaoth Dobhair in iarracht 51 post a shábháil. Arís eile, cheistigh an tAire Airgeadais an infheistíocht seo agus léiríonn meamram rialtais ón am go raibh sé go mór in amhras faoi inmharthanacht an chomhlachta. Aighneas tionsclaíoch agus caillteanais throma a ba chúis le druidim an chomhlachta C-Plast ar an Spidéal, áit ar chaill 34 duine a gcuid postanna. Léiríonn cáipéis a cuireadh os comhair na comhaireachta go raibh na hoibrithe sásta glacadh le hatheagrú ar a gcuid cuinsí oibre ach go raibh na híocaíochtaí iomarcaíochta a bhí á n-éileamh i bhfad níos mó ná ‘na gnáthshuimeanna a bheadh iníoctha faoin Acht.’ Ní raibh an dara suí sa bhuaile mar sin, dar le hAire na Gaeltachta, ach an comhlacht a leachtú.
Cheadaigh an rialtas don Údarás breis airgid a thabhairt do Chniotáil Ghaeltarra i 1981 ar an tuiscint go ndéanfaí athstruchtrú ar an an chomhlacht, go laghdófaí líon na n-oibrithe a bhí fostaithe ina gcuid monarchana i nGaeltacht Mhaigh Eo agus go ndúnfaí an mhonarcha i mBaile Mhic Íre, Co. Chorcaigh. Bhí deacrachtaí fosta ag Óstán Dhún an Óir, i mBaile an Fheirtéaraigh agus cheadaigh an rialtas don Údarás infheistíocht théagartha a dhéanamh ann (breis is £800,000) chun an t-ionad sealla saoire ann a chríochnú. Lena chois sin, chaill 54 duine a gcuid postanna le Gael-Chrann i nGaeltacht Chorcaí agus ghlac an rialtas cinneadh fiacha (suim £476,000) an chomhlachta a ghlanadh i Nollaig 1981.
Tugadh airgead breise do Smailcbhia i nGaoth Dobhair i rith na bliana sin fosta. Arís eile, chomhairligh John Bruton, go raibh an baol ann go raibh an comhlacht ag iarraidh barraíocht forbartha a dhéanamh cé nach raibh ach beagán brabúis déanta acu. Ar an láimh eile, tugadh cuidiú don chomhlacht Telectron chun forbairt a dhéanamh ar a gcuid monarchana i nGaoth Dobhair agus ar Inis Mór le linn na bliana.
Stocaireacht (Bhéarla)
Tá léargas ar fáil fosta sna comhaid a scaoil Roinn na Gaeltachta saor faoin riail 30 bliain go raibh go leor stocaireachta ar siúl sna blianta sular bunaíodh an tÚdarás chun go mbeadh feidhmeanna pleanála aige. I litir a scríobh Aire Cosanta an ama Bobby Molloy, chuig an Aire na Gaeltachta, Donnchadha Ó Gallchobhair, 20 Feabhra 1978, thug sé le fios gur cheart go mbeadh an tÚdarás in ann rialú a dhéanamh faoi aighnis phleanála sa Ghaeltacht: “It is important that the Údarás play a role in housing, roads, water and sewage and of course in Planning. The Údarás must be seen to have a vital function in matters affecting the daily lives of the people in the Gaeltacht. Otherwise it will have little relevance and be the cause of much dissatisfaction and disappointment.” Ní raibh an tAire Gaeltachta ar aon tuairim leis an Aire Molloy faoin mholadh seo.
Go luath tar éis a bhunaithe, áfach, chuir Údarás na Gaeltachta cáipéis shubstantúil i láthair an Aire Gaeltachta nua, Pádraig Ó Tuathail, maidir le pleanáil sa Ghaeltacht. (30 Meitheamh, 1981). Tugadh le fios sa cháipéis seo go raibh dochar mór á dhéanamh ag beartais na nÚdarás Pleanála ins na ceantair Ghaeltachta. Dar leis an Údarás, bhí na Comhairlí Contae, na Bardais, agus na Comhairlí Cathrach ag feidhmiú de réir pleananna forbartha. Bhí na pleananna seo mar bhunús formhór na gcinnidh phleanála ach ní dheintí aon idirdhealú idir ceantair Ghaeltachta agus ceantair taobh amuigh den Ghaeltacht sa chontae chéanna, nuair a bhí na pleananna seo á n-ullmhú. “Ní thugtar aon aird faoi leith ar theorainneacha na Gaeltachta ins na pleananna forbartha,” a dúradh sa cháipéis.
I measc na roghanna a thug an cháipéis seo don Aire le dul i ngleic leis an fhadhb seo, bhí an moladh go dtabharfaí aitheanas don Údarás mar Údarás Pleanála agus gur air a thitfeadh cinnidh phleanála sa Ghaeltacht feasta. Chiallódh sé seo go mbeadh an tÚdarás ag feidhmiú ar aon leibhéal leis na Comhairlí Contae agus cathrach agus leis na Bardais éagsúla.
Freagra grod a thug Aire na Gaeltachta ar na moltaí seo, áfach. B’ionadh leis “go n-iarrfaí air a thuairimí a chur ar fáil faoina bhfuil ráite i ndoiciméad atá á phlé ag an Údarás. Is amhlaidh a bheadh an tAire ag súil le sonraí iomlána agus moltaí meáite ón Údarás,” a dúradh i litir a seoladh chuig an Údarás ar an 7 Iúil 1981. “Ba mhaith leis an Aire go mbeadh an gnáthchóras pleanála ag feidhmiú chun leasa don Ghaeltacht agus go mbeadh an tÚdarás agus na Comhairlí Contae ag comhoibriú le chéile chun na críche sin.” Mhol sé don Údarás moltaí a dhréachtadh chun an comhoibriú úd a chothú.
Níor bronnadh feidhmeanna pleanála ar Údarás na Gaeltachta ariamh, agus ní móide go mbronnfar anois.
Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.