tabhair freagratabhair freagra #1 Tadhg 13 Iúil 2011, 17:03 GMT
Tá sé ráite go maith agat. Bithiúnaigh le muineál i mbun cluichí tórraimh le leiciméirí gan choinsias ar mhaithe le hairgead costaisí agus céim eile a thógaint sa pholaitíocht. Ceapann siad go bhfuil ár ndílseacht tuillte acu! Ní fada uainn ar aon nós, a bhuíochas dá leithéid.
tabhair freagratabhair freagra #2 Sibéal 13 Iúil 2011, 17:24 GMT
Tá ciall sa mhéid atá á rá agat.
tabhair freagratabhair freagra #3 Peadar Ó Maoláin. 14 Iúil 2011, 09:32 GMT
Tá go leor den cheart agat. ach fós, muna bhfuil fostaíocht ar fáil sa Ghaeltacht ní bheidh pobal
Gaeltachta againn. Tá todhchaí na Gaeilge ag brath ar an bpobal, an Ghaeilge a labhairt.
tabhair freagratabhair freagra #4 Tomás 14 Iúil 2011, 13:22 GMT
Is ait liom an píosa scríofa ar barr "Creideann Donncha Ó hÉallaithe gurb é seo an rogha is measa le guth a thabhairt do phobail na Gaeltachta ar Bhord an Údaráis." Níl an léamh san agamsa ar an alt. Aontaím le Donncha gur cheart fáil réidh leis an mbord. Sé an príomh aidhm atá acu ná teannú a bpócaí féin. Ceapaim go bfhuil níos mó díobháil ná maitheas déanta ag an Údarás don dteanga le triocha bliain anuas
tabhair freagratabhair freagra #5 Peadar 18 Iúil 2011, 14:10 GMT
Snámh in aghaidh easa is cur amú airgid an tÚdaras is an struchtúir go léir. Muna bhfuil Muintir na Gaeltachta go mór mhór an aos óg sásta claoi leis an teanga tá deire leis. Níl ach cuir i gcéill ar siúl ag lucht an Dála,
tabhair freagratabhair freagra #6 Bean a' Leasa 8 Meán Fómhair 2011, 16:47 GMT
Ní fheadar cén fhianaise atá agat ar thuairimí lucht oibre an údaráis, a Dhonncha? An bhfuil bealach acu lena dtuairim a nochtadh go poiblí? Níor shamhlaigh mé go raibh, ainneoin gur acu is fearr eolas ar an nGaeltacht dáiríre. Is leis a bhíonn siad ag plé. Nach mbeadh sé go maith a dtuairimí a chloisteáil?
tabhair freagratabhair freagra #7 Domhnll ó Loingsigh 19 Nollaig 2011, 00:28 GMT
Níos tábhachtaí ná an Ghaeilge a leathnú(bhféidir) ná feabhas agus saibhreas a chur ar an lucht líofa trí chúrsaí,aithentas agus oomortaisí gus roint airgid
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!