AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
An Ghaeilge i Meiriceá, agus Teastas Eorpach na Gaeilge
Brian Ó Broin Brian Ó Broin Brian Ó Broin

Chonaic Brian Ó Broin athrú ag teacht ar lucht teagaisc na teanga i Meiriceá as cúrsa deireadh seachtaine i Nua-Eabhrac a d’eagraigh an Coimisiún Fulbright in éineacht le hOllscoil Mhaigh Nuad.

Íomhá
Hilary & Conn
Íomhá
Ailín, Colleen & Brian
Íomhá
Feabar, Seán, Ailín & Tom
Íomhá
Tomás, Jerry & Elaine

Ag nóiméad ar bith i Meiriceá, dar le Coimisiún Fulbright, tá 3,000 duine ag foghlaim na Gaeilge. Más mic léinn iad a bhformhór (agus is cosúil gurb ea), is féidir glacadh leis go bhfuil 3,000 duine nua gach ceithre bliana nó mar sin ag foghlaim na teanga. Cén fáth, mar sin, nach bhfuil na Stáit Aontaithe ag cur thar maol le cainteoirí Gaeilge?

An é rud é, b’fhéidir, nach bhfuil sí á múineadh i gceart?

Ar ndóigh, níltear ag rá nach múintear teangacha i Meiriceá. Go deimhin, múintear na céadta teanga sa tír, ach faraor, gan mórán eagair. Inár gcás, is minic daoine ag múineadh na Gaeilge nach bhfuil cáilíochtaí múinteoireachta ar bith acu.

roinnt de na múinteoirí seo go hiontach, ainneoin an easpa cáilíochta. Ach ní hannamh ach oiread go mbíonn foghlaimeoirí Gaeilge ag foghlaim na teanga ó mhúinteoirí nach bhfuil Gaeilge líofa acu féin. Daoine, go cinnte, a bhfuil croí mór acu agus bá mór don teanga, ach atá ag múineadh le téacsleabhair mar Bhuntús Cainte, atá beagnach leathchéad bliain d’aois anois agus a chomhairíonn airgead i scillingeacha agus pingineacha!

Ach tá cúrsaí ag athrú. Le tamall anuas tá Coimisiún Fulbright, faoi stiúir Colleen Dube in Éirinn, ag díriú ar fhadhbanna mhúineadh na Gaeilge sna Stáit Aontaithe, agus ag lorg réitigh dóibh.

Múinteoireacht Mheasartha

An chéad chéim ná súil ghéar a leagan ar chúrsaí múineadh na Gaeilge i Meiriceá, agus rinneadh sin in Ollscoil Notre Dame anuraidh nuair a eagraíodh comhdháil faoi mhúineadh na Gaeilge faoi scáth Fhoras Mhic Eochaidh-Uí Neachtain um an Léann Éireannach san Ollscoil sin. Foilsíodh tuarascáil as an gcomhdháil sin a thug le fios go raibh deiseanna múinteoireachta don teanga ar fáil ar fud na Stát Aontaithe ach na múinteoirí cearta a bheith ar fáil agus na hacmhainní cearta a bheith acu. Ach d’aimsigh an chomhdháil, agus an taighde a bhain leis, dúshláin freisin. Dar le 70% de mhúinteoirí Gaeilge sna Stáit Aontaithe, ní raibh acmhainní múinteoireachta na Gaeilge ach “measartha” nó níos measa. Chomh dona céanna, ní raibh clár foghlama lárnaithe ar bith d’fhoghlaim na Gaeilge i Mericeá, ná greille measúnaithe, mar a bhí cheana féin san Eoraip. Chiallaigh sin go raibh ranganna á múineadh i Meiriceá ar leibhéil éagsúla, le modhanna múinteoireachta éagsúla, nó gan cruth ar bith orthu.

Gníomhaíocht Fulbright

Ar ndóigh, is maith ann ranganna Gaeilge, ach is beag an mhaith iad muna dtagann cainteoirí Gaeilge astu, agus go rómhinic ní tharlaíonn sé sin.

Dá réir sin, an cúrsa modhanna múinteoireachta seo. Chuaigh Coimisiún Fulbright i dteagmháil le hIonad na dTeangacha in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad (áit a bhfuil taighde iontach ar siúl i dtaobh mhúineadh na Gaeilge san Aontas Eorpach) agus sheol an tIonad sin Ailín Ní Chonchúir, taighdeoir ar mhodhanna múinteoireachta agus múinteoir í féin, amach chun cúrsa deireadh seachtaine a rith ar chonas ab fhearr an Ghaeilge a mhúineadh do mhic léinn.

Ba chosúil le faoistin an chéad chúpla seisiún. D’admhaigh roinnt againn go rabhamar fós ag múineadh as téacsanna a bhí as dáta le fada. Roinnt eile againn, d’admhaíomar nach raibh ar siúl againn ach léamh os ard. Ní dhearnamar measúnú ar bith ar na foghlaimeoirí tar éis na gcúrsaí, agus mar sin, ní raibh a fhios againn cén caighdeán teanga a bhí bainte amach acu. Ní dhearna Ailín breithiúnas orainn, ámh. Go séimh béasach chuir sí coincheapanna mar chlár foghlama, clár teagaisc, plean ranga, agus sprioc ranga os ár gcomhair. Roinnt againn, cé go raibh taithí fhairsing múinteoireachta againn, ní raibh machnamh mar seo déanta againn faoin seomra ranga Gaeilge ariamh cheana, agus b’oscailt súile dúinn é. Cuma an ag foghlaim i rang oíche nó in ollscoil atá an foghlaimeoir, nach bhfuil sé de cheart fios a bheith aige go raibh an múinteoir ag leanacht clár foghlama áirithe agus ag díriú ar spriocanna faoi leith?

Thugamar smaointe nua abhaile as Nua-Eabhrac, a bhuíochas le Coimisiún Fulbright agus Ionad Teangacha Ollscoil Mhaigh Nuad. Bí ag faire amach, mar sin, go háirithe má tá tú ag foghlaim Gaeilge i Meiriceá - go cinnte beidh do mhúinteoir Gaeilge ag tástáil ina sheomra ranga i mbliana, agus beidh sé do do scrúdú go géar!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.