tabhair freagratabhair freagra #1 Fearn 18 Deireadh Fómhair 2013, 15:11 GMT
Ní shílim nach bhfuil aon rud cearr a rá ag Breandán anseo, ach ar chaoi éigin, samhlaím é mar Ginearál ag troid na gcaogaí a bhí seachas na cogaí a bhéas.
Cé a déarfadh nach bhfuil claonach ann, sa chéad domhan ar aon nós, níos lú "meáin clóite" a leamh idir leabharthaí, nuachtáin, irisí, bileoga,7rl AGUS iriseoiracht chruthanta. Tá na meáin seo ag dul in ísle brí. Meáin eile atá suas.
Anuas ar seo, tá an Ghaeilge ag cúlú, cé go mbíonn daoine ag maíomh go bhfuil sí ag leathnú. Níl. Má tá an cuma air, is Gaeilge éatrom í, ainm Gaeilge, Gaeilge a chodail amuigh, críol, briolla brealla. is ar éigean a chreidim go léigh na daoine seo leabhar ná nuachtán Gaeilge riamh.
Anuas ar seo, níl comhluadar lárnach ag lucht na Gaeilge. Tá na Gaeiltachtaí scaipthe agus beag beann ar a chéile, tuathúil agus fite le saol mór an bhéarla gar dóibh. Mar an gcéanna agu lucht labhartha na Gaeigle sna ceathracha agus sna bailte móra. Is ard a ndíogras, molaim iad, ach, ní théann "saol na Gaeilge" thar sin. Cheall spionnaidh agus glúin úr nua ag teacht aníos go narúrtha, téann gach díogras i ndísc.
Anuas ar sin, tá lucht na Gaeilge in ísle brí agus in earraid le lucht an Gaeilge amuigh. is stráinséirí dá chéile iad, gan iad ar aondearcadh.
Anuas ar sin, tá an saol athraithe. Saoltacht a tá suas, agus idéil agus a leithéid faoi drámh le fada.

ACH

i ndiadh sin,

mar a dúirt Máirtín Ó Cadhain : Caithfear éisteacht ( linne, leis an Ghaeilge )
Labhraimís ár dteanga ar chois ard
tabhair freagratabhair freagra #2 S Ní C 18 Deireadh Fómhair 2013, 18:32 GMT
Is fíor dhuit a Fhirn: tá an Ghaeilge ina chocstí, tá an Ghaeltacht ina chocstí agus tá na nuachtáin Ghaeilge ina chocstí
tabhair freagratabhair freagra #3 Fearn 19 Deireadh Fómhair 2013, 18:12 GMT
> Is fíor dhuit a Fhirn: tá an Ghaeilge ina chocstí, tá an Ghaeltacht ina
> chocstí agus tá na nuachtáin Ghaeilge ina chocstí

Ar aon dul agus an geilleagar fosta!
tabhair freagratabhair freagra #4 Maoilsheachlainn 26 Deireadh Fómhair 2013, 21:09 GMT
Tá ceist mar theidial ar an airteagal seo. Freagra na ceiste: níl
tabhair freagratabhair freagra #5 Colm Mac Fhionnghaile 29 Deireadh Fómhair 2013, 10:14 GMT
Nár féidir a rá go bhfuil na meáin shoisialta agus na suíomhanna idirlín nuachta ag cur an ruaig ar na páipeáir chlóite trí chéile? B'fhéidir gur thábhachtaí an leagan ar-líne d'aon pháipeár ná an leagan clóite?
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!