Cartlann
Líon alt a bhfuil an rúibric seo luaite leo: 5
Íomhá
Eagrán 7, Samhain 2001
AR NA SAOLTA SEO/FACHTNA
Fachtna Ó Drisceoil

Tá Fachtna Ó Drisceoil den tuairim nach bhfuil an straitéis cheart roghnaithe ag Lucht Oibre don chéad olltoghchán eile agus go mbeidh an páirtí féin agus an daonlathas thíos leis seo.

»»»
Íomhá
Eagrán 6, Deireadh Fómhair 2001
AR NA SAOLTA SEO/FACHTNA
Fachtna Ó Drisceoil

Tá Fachtna Ó Drisceoil den tuairim gur gá athruithe radacacha a dhéanamh ar an Seanad chun é a dhéanamh níos daonlathaí.

»»»
Íomhá
Eagrán 5, Meán Fómhair 2001
AR NA SAOLTA SEO/FACHTNA
Fachtna Ó Drisceoil

Braitheann Fachtna Ó Drisceoil go bhfuil cur chuige nua, atá i bhfad níos míleata, á úsáid ag urlabhraithe an Lucht Taistil agus iad páirteach i ndíospóireachtaí sna meáin chumarsáide.

»»»
Eagrán 2, Meitheamh 2001
AR NA SAOLTA SEO/FACHTNA
Fachtna Ó Drisceoil

Dar ndóigh tá difríochtaí idir Tuaisceart Éireann/na sé chontae (nó pé ainm is mian leat a thabhairt air) agus an chuid eile den oileán. Gan amhras tá an chríochdheighilt tar éis éagsúlachtaí a mhúnlú i meon agus i gcultúr mhuintir an dá stát. Mar sin pléann meáin chumarsáide na Poblachta le Tuaisceart Éireann mar aonad ar leith. Bíonn comhfhreagraithe agus iriseoirí ar leith lonnaithe i mBéal Feirste acu. Dúirt Beo.ie liomsa go bhfuilim in ainm is a bheith ag plé le cúrsaí reatha an deiscirt. Tá Robert McMillan ag plé leis an Tuaisceart. Is socrú deas néata é. Cúrsaí eachtrannacha, cúrsaí Éireannacha agus cúrsaí Thuaisceart Éireann.

»»»
Eagrán 1, Bealtaine 2001
AR NA SAOLTA SEO/FACHTNA
Fachtna Ó Drisceoil

Tá gné scanrúil den scéal is deireanaí faoi Thriail na nArm nach bhfuiltear tar éis aird cheart a thabhairt uirthi. Aontaíonn gach duine gur chuir an clár ‘Prime Time’ a rinne Michael Heney an mhí seo caite eolas fíorthábhachtach os comhair an phobail. Chruthaigh an fhianaise a chuir an clár i láthair go rabhthas tar éis ráiteas duine de na príomhfhinnéithe sa chéad triail a athrú. Tá sé soiléir don saol mór go n-ardaíonn sé seo ceisteanna tromchúiseacha.

»»»

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.

Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.