AR NA SAOLTA SEO
Tithe tábhairne toiteacha fós i ndán do mhuintir Shasana
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Dealraíonn sé go mbeidh cosc ar an tobac sna tithe tábhairne agus in áiteanna eile poiblí in Éirinn go luath. Níl sé i gceist ag Rialtas na Breataine cosc den chineál céanna a chur i bhfeidhm, áfach, mar a mhíníonn Tony Birtill.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
The Ring O' Bells, West Kirby: cosc ar an tobac ann le breis is bliain go leith anois

Bliain úr faoi mhaise do mo chairde uilig in Éirinn. Tá súil agam go bhfuil sibh ag baint sult as an aer úr ansin sna sléibhte agus cois farraige - agus go mbeidh sna tithe tábhairne chomh maith céanna roimh i bhfad.

Beidh mé féin ag fulaingt liom sa toit sna tithe tábhairne anseo i Sasana mar nach bhfuil aon phlean ag an rialtas cosc a chur ar an tobac iontu. Cé go bhfuil dualgas ar gach fostóir, de réir an Health and Safety at Work Act 1974, sláinte a chuid fostaithe a chosaint, agus go ndúirt Cód Cleachtais ón Health and Safety Commission i Meán Fómhair 2000 go raibh an ceart ag freastalaithe i dtithe tábhairne a bheith ag obair in atmaisféar saor ó thoit, is cuma le rialtas Tony Blair fá dtaobh den cheist seo.

Ní raibh rud ar bith mar gheall uirthi in Óráid na Banríona (an óráid ina leagann an rialtas amach an clár parlaiminte don bhliain atá le theacht) i mí na Samhna agus de réir Tim Carter, urlabhraí ó Pháirtí an Lucht Oibre, ní bheidh an rialtas ag athrú an dlí.

“Bhí grúpaí éagsúla ag iarraidh cosc mar sin i Samhradh 2003 ach dhiúltaigh an rialtas iad. Tá na húdaráis áitiúla ag dul i gcomhairle lena n-oibrithe faoi chosc ar thobac ina gcuid foirgneamh - hallaí baile agus mar sin de. Chomh maith leis sin, tá an rialtas ag dul i gcomhairle le gnáthdhaoine trí fheachtas dar teideal ‘The Big Conversation’. Is féidir leat do bharúil a chur in iúl don rialtas ag www.bigconversaton.co.uk,” a dúirt sé liom.

Nuair a bhíonn cead isteach i dteach tábhairne ag páistí, is gá seomra ar leith a chur ar fáil dóibh ina bhfuil cosc ar an tobac. Caithfidh an tábhairneoir an seomra sin a aeráil fosta, a dúirt Carter liom.

Ach cad é faoin Health and Safety at Work Act 1974 agus an dualgas atá ar fhostóirí?

Tá sé sin ag brath ar an fhostóir féin,” arsa Tim Carter, agus é ar nós cuma liom.

Cuireann tuairimí mar sin fearg ar na saineolaithe leighis. De réir trí cinn déag de na Royal Colleges of Medicine sa Bhreatain, tá dualgas ar fhostóirí a gcuid fostaithe a chosaint ó dhochar agus, dá mbeadh áiteanna oibre saor ó thoit, dhéanfaí 150,000 beatha a shábháil go fadtéarmach.

De réir saineolaithe ailse sa Roy Castle Lung Cancer Foundation i Learpholl, gheobhaidh 17 % de na freastalaithe i dtithe tábhairne na Breataine ailse scamhóg trí chaitheamh fulangach. Dá mbeadh cás dlí ann mar gheall air sin, bheadh sé costasach don tábhairneoir a bheadh i gceist. Ach go minic ní bhíonn fhios ag na freastalaithe go bhfuil ailse orthu go dtí go mbíonn siad sean agus éirithe as an obair.

I gcoinne coisc

Tá níos mó ná 2,000 freastalaí ina mbaill de cheardchumann an TGWU, chomh maith le 3,000 bainisteoir atá ina mbaill den roinn “National Association of Licensed House Managers”. Aontaíonn an TGWU leis an Chód Cleachtais ón Health and Safety Commission, ach níl siad ag iarraidh go mbeadh cosc iomlán ar thobac.

“Ba chóir go mbeadh cosc ar thobac ag an bheár, agus córas aeraithe ann chun an t-aer a glanadh sa phub iomlán,” arsa urlabhraí, Andrew Dodgson, liom. (Chítear dom go bhfuil Dodgson ag iarraidh an dá thrá a fhreastal.)

Sin mar atá sé le cúig bliana déag i JD Wetherspoons, an comhlacht tithe tábhairne is rathúla sa tír. Tá na céadta pub acu ar fud na tíre, cosc ar an tobac ag an bheár i gceist iontu agus 30% den teach tábhairne saor ó thoit. Agus córas aeraithe i ngach áit.

Ach tá tábhairneoirí éagsúla ag cur cosc iomlán ar an tobac ina dtithe tábhairne féin. Níl ach 36 acu sa tír faoi láthair, ach tá an líon ag fás de réir a chéile.

Chuir Alan Jones, tábhairneoir The Ring O’ Bells i West Kirby, cóngarach do Learpholl, cosc ar an tobac i Meitheamh 2003 agus tá ag éirí go hiontach lena ghnólacht ó shin. “Tá díolachán na ndeochanna meisciúla méadaithe 60% agus díolachán an bhia i ndiaidh dúblú,” arsa Jones.

Dá thairbhe seo, b’éigean dó cistin níos mó a thógáil. “Chuaigh mé sa seans nuair a chuir mé cosc ar an tobac ar dtús. Bhí sé deacair a rá le custaiméirí rialta agus le custaiméirí nua nach raibh cead acu caitheamh níos mó,” arsa Jones.

“Ach is pub do theaghlaigh é an pub seo agus spreagann muid tuismitheoirí lena gcuid páistí a thabhairt leo anseo. Ba chúis imní a bheadh ann dom dá mbeadh drochatmaisféar anseo, lán toite, baolach do shláinte na bpáistí. Agus, ar ndóigh, sa lá atá inniu ann tá a lán daoine fásta ann nach maith leo atmaisféar toiteach,” arsa Jones.

Dúirt sé fosta gur cheart do gach fostóir aire a thabhairt do shláinte a chuid fostaithe.

Cé gur chaill sé roinnt custaiméirí, bíonn cuid eile den lucht caite tobac ag ól agus ag ithe sa Ring O’ Bells go fóill, ach caitheann siad taobh amuigh den doras.

Is athair é Alan Jones féin a bhfuil triúr páistí aige agus tá sé ag obair mar thábhairneoir le ceithre bliana déag, trí cinn acu sa Ring O’ Bells.

“Tá mé sásta leis an chinneadh a rinne mé. Bhí an ceart againn agus tá brabús níos mó againn dá bharr,” arsa Jones.

Gan amhras, beidh na tábhairneoirí uilig sa tír seo ag amharc ar thorthaí an choisc ar an tobac in Éirinn. Cé gur mhaith liom féin gach pub a bheith mar atá The Ring O’ Bells, is dócha go mbeidh an t-ádh orm mar chuirtear comhréiteach JD Wetherspoon i bhfeidhm.

Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. Tá sé ag obair sa chathair sin mar mhúinteoir agus mar shaoririseoir.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.