AR NA SAOLTA SEO
Taispeántas 10 i Learpholl
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Chaith Tony Birtill roinnt ama ag póirseáil trí thaispeántais in Iarsmalann Mara Merseyside, rud a tharraing a aird ar an Mol Theas. Is iomaí fíoras iontais a foilsíodh dó ansin faoin dream a chuaigh chun farraige lena mbealach a threabhadh go dtí an tOileán Úr nó a thug aghaidh ó dheas i mbun taiscéalaíochta.

Íomhá
Sir Ernest Shackleton
RGS ar Vicipéid
Íomhá
An Endurance i Muir Weddell
CIA ar Vicipéid
Íomhá
Titim an Endurance
RGS ar Vicipéid
Íomhá
Bruce Ismay, 'fear an Lodge'
Petr Tomasovsky, Vicipéid
Íomhá
Tom Crean
le Frank Hurley, Vicipéid

Thug mé cuairt ar Iarsmalann Mara Merseyside ar na mallaibh, áit a bhfuil dhá thaispeántas a bhaineann le hÉirinn ar siúl faoi láthair.

Is taispeántas taistil é Endurance: Shackleton’s Antarctic Adventure, atá eagraithe ag The American Museum of Natural History, Nua-Eabhrac, agus tá sé le feiceáil anseo i Learpholl, don chéad uair sa Bhreatain, go dtí Feabhra 27 2011. Cnuasach de 150 grianghraf le Frank Hurley atá ann, agus insíonn sé scéal éachtach an taiscéalaí Ernest Shackleton agus é ar turas go dtí an tAntartach 1914-1916 ar bord na loinge Endurance.

Rugadh Shackleton i gCill Chaoi, Co Cill Dara, i 1874 agus chuaigh sé isteach sa loingeas lasta ag 16 bliana d’aois. Bhí sé ar an fhoireann Dicovery le Captaen Scott, in éineacht leis an Chiarraíoch, Tomás ’ac Criomhthainn, nó mar is fearr aithne air, Tom Crean, ar an taiscéaladh Antartach i 1901 agus bhí sé ina cheannaire ar an Nimrod, taiscéaladh Antartach eile i 1908.

Ba é an grianghrafadóir oifigiúil é, Frank Hurley, ar bord an Endurance agus tharraing sé grianghraif den bhád sáinnithe sa leac oighir ar an fharraige ar feadh naoi mí i 1915. Chun an leamhthuirse a bhaint díobh, d’eagraigh Shackleton clár ama laethúil don fhoireann, agus imeachtaí mar chluichí peile ar an leac oighir. Tá sliocht as dialann mairnéalaigh, Lees, in aice leis an ghrianghraf den chluiche seo: “Tom Crean, our Irish giant, had a fine way of falling on one and then sitting on one’s chest until the ball was well out of the way,” a scríobh sé.

Turas na Tarrthála

Ba as Gort an Chrainn > Gurtuchrane, in aice le Abhainn an Scáil i gCiarraí é, Tom Crean (1877-1938) agus roghnaigh Shackleton é, agus ceathrar eile, le dul ar turas tarrthála leis, 800 míle ó Elephant Island go hOileán South Georgia ar bord bád tarrthála, an James Caird. Tá macasamhail den bhád beag sin sa taispeántas idirghníomhach seo agus is féidir leat seiseamhán a úsáid chun a gcúrsa go South Georgia a leanacht.

Ach is iad na grianghraif iad féin, den tírdhreach álainn agus de shaol na n-eachtránaithe atá ag croílár an taispeántais. seo. Tá cuid acu daite, mar bhain Frank Hussey úsáid as an próiseas nua ‘Paget’ chun iad a dhéanamh. Tá scannán beag ag deireadh an taispeantáis dírithe ar an turas deireanach a rinne Shackelton, go South Georgia i 1921, áit a bhfuair sé bás go tobann le taom croí agus an áit inar cuireadh é. Tá a thórramh féin le feiceáil sa scannán, leis an fhoireann ag tógáil carn cloch ina urraim is ina chuimhne ag Cuan Grytviken.

Tá roinnt eolais ann faoin fhoireann fosta. D’fhill Tom Crean ar ais go Abhainn an Scáil i 1916, áit ar oscail sé, lena bhean chéile Ellen, The South Pole Inn. Chuaigh Tim McCarthy, duine den seisear ar bord The James Caird, isteach in Arm Shasana agus fuair sé bás sa Chéad Chogadh Domhanda.

Taispeántas Eile

Titanic, Lusitania and the Forgotten Empress of Ireland an taispeántas eile atá in Iarsmalann Mara Learphoill faoi láthair, curtha le chéile ag Alan Scarth, coimeádaí na hiarsmalainne ansin. Tá leabhar scríofa aige fosta: ‘Titanic and Liverpool’, le grianghraf den bhád ag seoladh as Cóbh i gcuan Chorcaí ar 11ú Aibreán 1912, ar an chlúdach. Thóg Frank Browne (1880-1960), Iosánach a bhí ar bord Titanic go díreach roimhe sin, an grianghraf seo. Fuair sé ticéad don chéad chuid den turas Titanic mar bhronntanas óna uncail Robert Browne, Easpag Cluana, Corcaigh. Mar sin, thaistil sé as Southampton go Cherbourg agus d’fhág sé an Titanic ag Cóbh. Bhí a chuid grianghraf le feiceáil tar éis na tubaiste ar phríomhleathanach na nuachtán ar fud an domhain. Aithnítear é anois mar an grianghrafadóir Éireannach is tábhachtaí sa 20ú aois. Tá sé curtha i reilig Ghlasnaoín, Baile Átha Cliath. http://www.titanicphotographs.com

Cé nach raibh an Titanic riamh i Learpholl, ba é ainm na cathrach sin a bhí ar chúl na loinge, mar ba shin í an áit, Learpholl, ina raibh ceannáras The White Star Line, an comhlacht ar leo an Titanic. “If you had been astern of Titanic on that fateful night in 1912, the last word to flash before your eyes as the great ship plunged beneath the waves would have been, Liverpool”, a deir Alan Scarth sa leabhar. Cé gur tógadh an Titanic i mBéal Feirste, ba as Learpholl níos mó ná 100 ball den fhoireann - sin an fáth go bhfuil leacht cuimhneacháin do na “Heroes of the Marine Engine Room” ag an Pier Head anseo. http://www.the-titanic.com

Bá na gCéadta

Fuair 817 paisinéir agus 686 ball den fhoireann bás sa tragóid, ina measc William McMurray, stiobhard. Bhí a bhean chéile Carla sa slua mór taobh amuigh de cheannáras White Star Line nuair a tháing an scéal an tubaiste chun solais. San oifig seo a rinne Bruce Ismay agus stiúrthóirí eile den chomhlacht cinneadh ar 16 bád tarrthála a chur ar an Titanic, in ionad 32 mar ba ghá. Tháinig 705 duine slán as an tubaiste, ina measc Bruce Ismay, mar chuaigh seisean isteach sa bhád tarrthála deiridh, d’ainneoin na rialach úd faoi ‘mná agus páiste chun tosaigh.’ I gConamara a chaith sé cuid mhaith dá shaol ina dhiaidh sin.

Ba iad na línéir an príomhbhealach d’eisimircigh anonn chuig an Oileán Úr agus bhí neart acu ar bord na dtrí bhád sa taispeántas seo. Mar shampla, bhí 14 duine as pobal Eadargabhail i Maigh Eo ar bord an Titanic. Níor tháinig ach triúr acu slán as an tubaiste, buille uafásach don áit bheag seo. Féách ar http://www.mayo-titanic.com

Chuaigh an Lusitania go tóin poill 7ú Mí Bealtaine 1915, cóngarach de Cionn tSáile, Corcaigh, nuair a bhuail toirpéad Gearmánach é. Fuair 1,201 duine bás sa tubaiste seo. De thaisme a cailleadh Empress of Ireland ar 29ú Bealtone 1915 nuair a bhuail sí bád guail ‘Storstad’ as an Iorua, agus í i bhfoisceacht ceithre míle de chósta Quebec, Ceanada. 1,012 duine a bádh sa tubaiste sin, ach de réir an taispeántais i Learpholl, ní raibh mórán de scéala faoi mar bhí aird na meán cumarsáide fós dírithe ar an Lusitania ag an am.

Tá a lán eolas suimiúil sa taispeántas, mar shampla, ní raibh aon ghloine páirce, nó déshúiligh, ag Fred Fleet, fear faire ar an Titanic agus an chéad duine a chonaic an cnoc oighir. Bhí siad faoi glas i gcófra agus ní raibh eochair aige! Dá mba i scannán de chuid Hollywood, ní chreidfí é!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.